Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Caidhl, Caidhlín.
ainm-fhocal, baininscneach (caidhlín)
Briathar caidhleadh
cual; cárnáinín; meillín cruinnighthe de rudaí scaoilte, fearacht méaróg, pighneachaí etc. ("pile").
+
Tá caidhl mhór phighneachaí annsin aghad = iad socruighthe i mullach a chéile, mar bheadh siad ag cearrbhachaí cártaí.
Dheamhan a' féidir go bhfuil an chaidhl sin gnúithte (gnóithte) aghad, ó thosuigh tú ag imirt?
TUILLEADH (14) ▼
Tá'n bord sladtha aige. 'Bhfeiceann tú an chaidhl scilleachaí a's sé-pighneachaí atá aige?
Bhí caidhl de phíosaí trí-pighne a's de phighneachaí len' ais. 'Sé a chrap leis a raibh (de airgead imeartha) ar a' mbord anocht.
Dar príochaidhe tá'n chaidhl a bhí aghamsa annseo ionann's ídighthe aríst.
Is ghearr le dhul í mar chaidhl, nuair 'athruighea(nn)s an imirt = nuair a thosóchadh an imirt a' dhul in t'aghaidh.
Chaithfeadh sé go raibh imirt láidir ag ceann an bhóthair indiu, a's an chaidhl leath-chorónachaí a chonnaic mé ann.
Bhí caidhl chloch i lár a' bhóthair, a's fhobair gur leag siad mé.
Tá'n catmara ar na gasúir sin síos, a' cur caidhleannaí cloch ar a' mbóthar. Dheamhan a n-aireochthá iad go mbuailtheá fútha(b).
Feicfe tú an chaidhl chloch a rinne mé taobh amuigh ar a' dúrlaing, a's níl ort ach do láimh a sháthadh isteach faoi'n gclaidhe ar a' n-aghaidh, a's gheobha tú an scian annsin.
'Sí'n roínn atá taobh thiar de'n chaidhlín chloch a rinne mé ag a' gcaracán, an roínn (fheamuinne) se'aghainne.
Shílfeá go bhfuil tú a' déanamh caidhlíní de na faochain. Cé agaibh ar leis an chaidhlín seo? (páistí a' cur fhaochan i mullach a chéile).
Rinne mé caidhlín dhá raibh de leith pighneachaí agham a's meastú nach raibh scilling a's pighinn ann. Sin é a raibh a' gabhail liom de bhárr na h-oidhche.
Leag sé an tsinseáil in a caidhlín ar a' gcúntar, a's meastú marach gur thug Dia dhom í a chomhaireamh, nach mbeidhinn scilling gearr. Sin é an cneámhaire agad!
Caith anall an chaidhlín chaorán sin thall, go gcuire mé ar chúla na teine iad. Phioc mé iad trathnóna ach dheamhan shílfeá fhairis sin de thiormach orra(b).
Déan caidhlín de na píosaí ' bhuidéal sin, go gcuirtear amach i bpoll a' chlaidhe iad. Fainic Dia aithnightear a' dtiocfadh aon-sclamh aca(b) in do chois!