—
cual; carnáinín; meillín cruinnithe de rudaí scaoilte, fearacht méaróg, pínneachaí srl.; pile.
+–
Tá caidhl mhór phínneachaí ansin agat — iad socraithe i mullach a chéile mar a bheadh siad ag cearrbhachaí cártaí
Dheamhan an féidir go bhfuil an chaidhl sin gnúite (gnóite) agat ó thosaigh tú ag imirt?
TUILLEADH (14) ▼
Tá an bord sladta aige. An bhfeiceann tú an chaidhl scilleachaí agus sé pínneachaí atá aige?
Bhí caidhl de phíosaí trí pínne agus de phínneachaí lena ais. 'Sé a chrap leis a raibh (de airgead imeartha) ar an mbord anocht
Dar príochaí tá an chaidhl a bhí agamsa anseo ionann is ídithe aríst
Is gearr le dhul í mar chaidhl nuair a athraíonns an imirt — nuair a thosódh an imirt ag dhul in t'aghaidh
Chaithfeadh sé go raibh imirt láidir ag ceann an bhóthair inniu agus an chaidhl leathchorónachaí a chonaic mé ann
Bhí caidhl chloch i lár an bhóthair agus fhóbair gur leag siad mé
Tá an cat mara ar na gasúir sin síos ag cur caidhleannaí cloch ar an mbóthar. Dheamhan a n-aireofá iad go mbuailtheá fúthub
Feicfidh tú an chaidhl chloch a rinne mé taobh amuigh ar an duirling agus níl ort ach do láimh a shá isteach faoin gclaí ar a n-aghaidh, agus gheobhaidh tú an scian ansin
'Sí an roinn atá taobh thiar den chaidhlín chloch a rinne mé ag an gcarracán, an roinn (fheamainne) s'againne
Shílfeá go bhfuil tú ag déanamh caidhlíní de na faochain. Cé agaibh ar leis an chaidhlín seo? (páistí ag cur fhaochan i mullach a chéile)
Rinne mé caidhlín dhá raibh de leithpínneachaí agam agus meas tú nach raibh scilling agus pínn ann. Sin é a raibh ag gabháil liom de bharr na hoíche
Leag sé an tsinseáil ina caidhlín ar an gcuntar, agus meas tú murach gur thug Dia dhom í a chomhaireamh, nach mbeinn scilling gearr. Sin é an cneámhaire agat!
Caith anall an chaidhlín chaorán sin thall go gcuire mé ar chúla na tine iad. Phioc mé iad tráthnóna ach dheamhan shílfeá thairis sin de thriomach orthub
Déan caidhlín de na píosaí bhuidéal sin go gcuirtear amach i bpoll an chlaí iad. Fainic Dia aithnítear, an dtiocfadh aon sclamh acub in do chois!