Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Caolóid (caol-fhód?)
ainm-fhocal, baininscneach
iolraidh — caolóidí, caolóideachaí.
nuair a leagtar na bruachannaí th'éis cur fataí, fágtar fóidín in a sheasamh i lár na h-iomaire thar gheimhreadh. Aríst nuair a spréidhtear an coirce 'san Earrach, cuirtear isteach an chaolóid ar an gclaise ar gach taobh. Idtalamh ithreach nó luirg a deantar seo. Ar fhóidín na scríbe sa treabhadh a tugtar ar an Achréidh é.
·
Ní h-oire go caolóid = ní bhíonn fhios cé'n mhaith a bhíos le treabhadóir go gcastar caolóid air. Sí'n chaolóid atá indon é 'fhéachaint.
'Ní bádóir go lán-tseol; ní tuigheadóir go cúinne; ní h-oire go caolóid, a's ní figheadóir go súsa' (sean-rann)
+
Spréidheann sé an chlaise idtosach agus an chaolfhóid(? caolóid?) annsin = an méid d'iomaire ithreach a d'fhágfaí in a seasamh nuair a leagtar bruachanna le haghaidh arúir. Ní bhíonn sí ach troigh ar leithead
Níor fhága tú de dhíol de chaolóid ann = níor fhága tú do dhíol leithid sa gcaolóid.
TUILLEADH (12) ▼
Níl aon-ghna(ithe) a' leagan bruachannaí aige, arae ní fhágann sé leithead slaite de chaolóid ann.
Níl caolóid a' gabhail leis an ngarrdha, nach bhfuil cis ar asair déanta ag na beithidhigh dhe.
Spréidh an chaolóid isteach ar a' gclaise.
Craithtear coirce air idir chaolóid a's chlaise.
Ní fhágann siad caolóid a' bith 'san ithir. Múchann siad a' talamh as éadan.
Tá cupla caolóid choirce curtha annsin thuas aige, agus sin é 'méid.
Dheamhan caolóid choirce a spréidh mé fós i mbliadhna, ná a bhfuair mé an t-ionbhadh.
Bhí mo chuid síl fhéin ídighthe, a's fuair mé an oiread ó T. Mh. a's a chraith na cupla caolóid a bhí thiar le claidhe dhom. Nach n-aithneochthá an mhaith atá orra(b) thar a' gcuid eile de'n gharrdha!
Bhí mo chaolóid féin spréidhte amach agamsa, shul dhó bhí sé leath-bealaigh in a chaolóid seisean. A's deamhan leath-chlúdú a thug sé ar an gcoirce in' aice sin. Dearg-spreallaire é. Is mór leis a dhruim a lúbadh chor a' bith.
Tá tú thart ó b'éigean duit na cupla caolóid choirce sin a chur.
Chuir muid neart fataí spréidhte amach ó na caolóideachaí luirg sa ngarrdha sin thuas, a's muid a' cur a' choirce i mbliadhna.
Ní fhéadfainn caolóid ithreach a chur anois, nach mbuaileann an tinneas droma sin mé. Má bhím cromta achar a' bith, ní fhéadaim mo dhruim a dhíriú chor a' bith 'na dhiaidh.

Caolóid in iontrálacha eile (2)

 
bruach
Nuair a leagann siad sin na bruachannaí leagann siad an iomaire as éadan: ní fhágann siad caolóid a' bith 'na ndiaidh. Is fusa an ithir a spréidheadh mar sin, má's fíor dóib fhéin.
 
Go bhféachaidh an t-Athair Síorruidhe ar an té atá taobh leis an diuicín de ghasúr sin. Tá a cuid fataí ar iarraidh, má tá sí in a chleitheamhnas-siúd len a gcur. Dheamhan caolóid a bheadh curtha aige go dtí oíche Nodlag.