Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
caolóid
ainmfhocal, baininscneach
nuair a leagtar na bruachannaí théis cur fataí, fágtar fóidín ina sheasamh i lár na hiomaire thar gheimhreadh. Aríst nuair a spréitear an coirce san earrach, cuirtear isteach an chaolóid ar an gclaise ar gach taobh. I dtalamh ithreach nó loirg a déantar seo. Ar fhóidín na scríbe sa treabhadh a tugtar ar an Achréidh é.
·
Ní hoire go caolóid — ní bhíonn fhios cén mhaith a bhíos le treabhadóir go gcastar caolóid air. 'Sí an chaolóid atá in ann é a fhéachaint.
"Ní bádóir go lán tseol; ní tuíodóir go cúinne; ní hoire go caolóid, agus ní fíodóir go súsa" (seanrann)
+
Spréann sé an chlaise i dtosach agus an chaolóid ansin — an méid d'iomaire ithreach a d'fhágfaí ina seasamh nuair a leagtar bruachanna le haghaidh arbhair. Ní bhíonn sí ach troigh ar leithead
Níor fhága tú do dhíol de chaolóid ann — níor fhága tú do dhíol leithid sa gcaolóid.
TUILLEADH (12) ▼
Níl aon ghnaithe ag leagan bruachannaí aige, arae ní fhágann sé leithead slaite de chaolóid ann.
Níl caolóid ag gabháil leis an ngarraí nach bhfuil cis ar easair déanta ag na beithígh dhe.
Spréigh an chaolóid isteach ar an gclaise.
Croitear coirce air idir chaolóid is chlaise.
Ní fhágann siad caolóid ar bith san ithir. Múchann siad an talamh as éadan.
Tá cupla caolóid choirce curtha ansin thuas aige agus sin é an méid.
Dheamhan caolóid choirce a spréigh mé fós i mbliana, ná a bhfuair mé an t-ionú.
Bhí mo chuid síl fhéin ídithe agus fuair mé an oiread ó T. Mh. agus a chroith na cupla caolóid a bhí thiar le claí dhom. Nach n-aithneofá an mhaith atá orthub thar an gcuid eile den gharraí!
Bhí mo chaolóid féin spréite amach agamsa shul dhó bhí sé leath bealaigh ina chaolóid seisean. Agus deamhan leathchlúdú a thug sé ar an gcoirce ina aice sin. Deargspreallaire é. Is mór leis a dhroim a lúbadh chor ar bith.
Tá tú thart ó b'éigean duit na cupla caolóid choirce sin a chur.
Chuir muid neart fataí spréite amach ó na caolóideachaí loirg sa ngarraí sin thuas agus muid ag cur an choirce i mbliana.
Ní fhéadfainn caolóid ithreach a chur anois nach mbuaileann an tinneas droma sin mé. Má bhím cromtha achar an bith, ní fhéadaim mo dhroim a dhíriú chor ar bith ina dhiaidh.

caolóid in iontrálacha eile (2)

 
bruach
Nuair a leagann siad sin na bruachannaí, leagann siad an iomaire as éadan: ní fhágann siad caolóid ar bith ina ndiaidh. Is fusa an ithir a spré mar sin, más fíor dóibh fhéin.
 
Go bhféacha an tAthair Síoraí ar an té atá taobh leis an diocín de ghasúr sin. Tá a cuid fataí ar iarraidh, má tá sí ina chleithiúnas siúd lena gcur. Dheamhan caolóid a bheadh curtha aige go dtí oíche Nollag