Clab]
—
a.
béal mór, duine a mbeadh béal mór air; béal gan comhnuidhe; duine a mbeadh an iomarca le rádh aige.
+–
Dún do chlab = éist do bhéal!; Dún do chaiseall!; Bí 'do thost.
Breagh nach ndúinfeá do chlab, a's gan a bheith a' síor-rádh i gcomhnuidhe.
TUILLEADH (8) ▼
Mara stopa tú buailfe mé siar ar a' gclab thú!
Dathócha mé na claib agaibh mara leige sib dhom. = cuirfe mé fuil orra.
Tá do chlab a' síor mheilt = igcomhnuidhe a' cainnt.
Is ort atá an clab = igcomhnuidhe a' meilt.
Tá clab istigh annseo i gcomhnuidhe air, a' sluigeadh scéalta = a bhéal an-oscluighthe aige, a's stiúir éisteachta air.
Tá a dhá dhíol le rádh ag do chlab mór.
Há muise, a chlab mhóir, is tusa fhéin nach bhfuil aon-fhascadh ionnad! = nach gcoinneochadh rún.
Céard deir tú anois, a chlab mhóir!
b.
béal mío-chumtha; ainm fonóideach ar bhéal duine.
+–
Is uirre atá an clab truisc ceart = béal fearacht béal truisc; béal fada, mór, mío-chumta.
Ní leas-ainm uirre clab truisc féin, arae tá béal uirre mar bheadh ar throsc.
TUILLEADH (7) ▼
Pé'r bith cé'n chaoi 'bhfuil mé níl mé in mo chlab truisc mar thusa!
Má's clab truisc fhéin atá uirre, cé'n neart atá aice air. Mar sin a d'fhága Dia í.
B'fhurast' aithinte dhuit a chlab truisc, dhá mbeitheá gan aon-fheiceál ariamh cheana.
Nach mór a chaithfeá clab truisc a ghlaodhach uirre! Dheamhan iongantas a' bith gur tháinic cuthach uirre leat.
'Clab truisc seo thiar' adeir sé, a dhiabhail, 'sé atá indon í a chóiriú. Bhí mé in arainneachaí ag éisteacht leis.
Is gránna é a clab — clab truisc bradach.
Is gránna an clab atá uirre. = béal mío-chumta.
·
Bhí clab truisc seo thíos ar cuairt ann, a's go deimhin má bhí fhéin, ní caoitheamhail í = leasainm ingeall ar a' mbéal a bhí uirre.
Féach freisin
→
claibín
Clab in iontrálacha eile (13)
+
→
foscadh
Sin é fhéin muis an béal gan fascadh, a bhéal sin; an clab gan fascadh = duine a scéitheas gach uile shórt.
TUILLEADH (1) ▼
Dún do bhéal anois a chlab gan fascadh. Is gann atá an saol ag dul ort, mara bhfuil aon-údar cainte agad ach an méid sin
→
faobhar
Tiúrfaidh mé foghairt agus faobhar na speile aniar i gcinc an mhuiníl dhuit mara ndúine tú do chlab
+
→
abair
Abair "ábab" agus ná buail do dhá chlab faoi chéile = rud adeirtear le gasúir. Ní féidir na "b"annaí a rádh gan do dhá chlab a bhualadh faoi chéile
TUILLEADH (1) ▼
Cuirfidh mé geall leat nach n-abróchaidh tú "ábab" gan do dhá chlab a bhualadh faoi chéile
→
damnaigh
Go ndamnuighidh an tubaiste a clab truisc. Nach gann a chuaidh an saoghal uirre, má sin é anois a raibh len innseacht aice! Ach is cóir adeir siad an muileann a bhíos ag síor-mheilt go meileann sé mín agus garbh.
→
diaidh
Ní beag dhom a bhfuil de chaitheamh in a ndiaidh orm agus gan tusa a bheith ag cur tuilleadh orm. Breagh nach ndúinfeá do chlab mór uair eicínt
→
drandal
Is mór an mío-shlacht uirre an dranndal siúd a bheith leis aice 'chuile uair dhá n-osclóchaidh sí a clab le dhul ag gáiridhe. Úr-bhéal uiliog í
+
→
dún
Dún do chlab = dún do bhéal (ach é níos drochmheasamhla ná béal)
TUILLEADH (3) ▼
Coinnigh do chlab dúinte ar fad. 'Ar ndú' ní éirim atá in do chuid cainte-sa
Ní dhúinfidh tada clab an amhalóir seo istigh ach cuaifeach de dhorna
Caithfidh siad poistín gágach eicínt aige len a chlab a dhúnadh. Is fada é ag déanamh tinnis dóib. Bhíodh sé ag caitheamh agus ag cáineadh orra as éadan le goirid
→
téigh le
Go deimhin duine ar bith a chonnaic an mháthair ariamh, is furasta aithinte dhó gur léithe atá sí ag dul: na mailí céadna agus an clab truisc céadna freisin