Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Cloch-neart (cloch phuis, cloch ghualann)
ainm-fhocal; baininscneach (féach thíos, d'aile).
I gciall 1 tugtar cloch-nirt amanntaí uirre. Clo is iondamhla 'sa bhfoghar, marab í an chloch fhéin a bheadh i gceist. Bíonn an n i neart séimhighthe. Cloch-phuis adeirtear in áiteachaí (Ros Muc, Camus etc.) cloch-ghualann in áiteacha eile (Achréidh) ach ní thagann an leagan sin i gceist i gcéill 2
1.
cloch a thligeas daoine ó scríb, fh'éint a bhfeicfidís, cé acu is faide tligean. Caithtear amanntaí ó'n ngualainn í, a's amanntaí eile ó ghabhal an dá chos. Is féidir í thligean de rithte-reathach nó de scríb luim, 'réir mar 'shocróchas an comlán caithte. Cuirtear pitseach nó comhartha 'san áit a dtagann 'chuile urchar le talamh.
+
Tiocfamuid a' caitheamh cloi(ch)e-neart.
Seo é an giodán a mbíodh a' tír cruinnighthe a' caitheamh cloiche-nirt roimhe seo.
TUILLEADH (19) ▼
'Bhfuil aon-rath ort leis a' gcloich-neart?
Sín i leith agham an chloch-neart sin, go bhfeacha mé mé fhéin léithe.
Dhá fheabhas é, dheamhan goir aige ar Sh. G. a' caitheamh cloiche-neart.
Níor fhága sé tada in a chomhnuidhe ann fhéin leis a' gcloich-neart, a's dhá mhéad de bhromaire é in a dheidh sin, d'fhéach sé í 'chur chomh fada le M.
Cáide a chuir tú an chloch-neart?" "Caitheamuid (caitheam) urchar cloi(che)-neart!
Is diabhluidhe go h-éag an t-urchar cloi(ch)e neart atá aige!
Mo chuach annsin thú! Is agad atá an ghna(ithe) breith ar a' gcloich-neart, bail ó Dhia ort.
Bhí daigéad mhór de chloich-neart ann, a's dheamhan craitheadha a fuair sé innte, ach an oiread a's dá mbadh miaróg (méaróg) de'n bhóthar í.
Is beag a' ghoir atá aige ar an urchar atá ag T. Ph. le cloich-neart.
Má theigheann sé seo ar chaitheamh na cloiche-neart, bail ó Dhia air, cuirfe sé 'sna gatha seití í = ní bheidh sí le faghail chor a' bith in a dhiaidh.
Le urchar gualann is fhearr é, a' caitheamh cloiche-neart.
Caithfeamuid an chloch-neart thíos fúinn.
Is áidhbhéil uaidh urchar cloiche-neart a chaitheamh ó na ghualainn.
Ná déan rithte-reathach a' bith leis a' gcloich-neart. Caith ó scríb í.
Bhí tosach mór agamsa orra(b) leis a' gcloich-neart.
Cuirfe mé mo rogha geáll leat, má theigheann muid a' caith(eamh) cloiche-neart go scotha mé d'urchar-sa gan stró a' bith. Céard a chuirfeas tú?
Th'éis nach bhfuil sé ach cheithre bliadhna déag dheamhan ionga ná ordlach ag fear na seacht mbliadhna déag air, leis a' gclo(ich)-neart. Is furast' aithinte air, go bhfuil an mianach ann!
Caith an chloch-neart sin. Ar 'fheachaint a bheidh fhios é! = ní bheidh fhios cé againn is fhearr go gcaithe tusa urchar chomh maith liomsa.
Ní shin é an chaoi le cloich-neart a chaitheamh ó'n ngualainn chor a' bith. Níl tusa a' cur deis a' bith ort fhéin léithe. Ar a' láimh atá tú a' cur an stró ar fad, i leaba, é 'chuir ar a' ngualainn a's ar a' slinneán. Anois b'fhéidir! Tá tú a' cur cosamhlacht chaithte eicínt ort fhéin!
+
Má theigheann muid a' caitheamh cloi(che)-phuis, ní bheidh aon-leigean ann. Caithfidhear í chaith(eamh) ó scríb, a's duine bith a ghabhfas thar scríb, caithfe sé í 'chaitheamh aríst.
Bhain sé stangadh as a láimh, a' caitheamh clo(iche)-ghualann.
TUILLEADH (3) ▼
Is beag a' mhaith dhaoib a dhul a' dréim leis sin, le clo(ich) phuis. Tá sé amuigh go fada.
Mara bhfuil mé amuigh, tá do mharc-sa crínnte agam ar chuma ar bith. Bígí 'fáiráilte' nó sin eirigidh as a' gcloich-phuis! = mara bhfuil do mharc-sa scoithte agam, tá mé chomh fada leis ar aon-chor. Tugaigidh cothrom uaib, nó eirigidh as a' gcaitheamh ar fad.
Dheamhan morán a' bith eatorra(b) le cloich-phuis, ach má tá barr ann, 'sé J. Sh. is fhearr.
2.
dícheall; sáith; ar a chruadhchúis; racha sé rithte leat, leis etc.; tá sé cruadh aige, agad etc.; tiubhra sé cnáimh le creinneadh dhuit dó etc.; do shean-dicheall; cuirfe sé go dtí snaidhm a' rópa thú, é etc. (cloch-neart 2 = crobhneart?).
+
'Sé do chloch-neart a bheith an dá scór fós = tá sé cruadh agad a bheith an dá scór d'aois fós.
Má tá sé dhá bhliadhain déag sé a chloch-neart é.
TUILLEADH (11) ▼
Bail ó Dhia ort! Leathchéad bliadhain! Má tá sé an dá scór fhéin, sé a chloch-neart é.
Má tá an mhuc sin deich gclocha ar a cois, 'sé a cloch-neart é. Bíod sé buidheach, má fuair sé chúig phunta uirre. Chonnaic mise muca thoir ar an aonach indiu, a raibh dhá chloich a's trí clocha aca(b) uirre, agus is beag le cois na cúig phunt a chuaidh siad.
Má tá tonna féir sa gcoca sin, 'leabharsa sé a chloch neart é.
Níl 'píosa' istigh ar' fhuaid, nó má [tá], sé a chloch neart é. Ach cá'ide le dhul 'píosa' fataí ar lán tighe! (comhairtear na páirceannaí a's na goirt in a 'bpíosaí' i gConamara. Is deacair a rádh áithrid cé mhéad é an píosa, ach gur sé phíosa a ceaptar do'n acra. Sin tomhaiseadh maolscríobach) = níl an garrdha 'píosa' etc.
Is diadhachta dhuit a bheith a' clamhsán, 'scáth an t-achar a chuaidh tú. Má tá sé míle bealaigh, sé a chloch-neart é. (bhí an gasúr a' casaoid faoi gur cuireadh ar aistear é).
Meastú cé mhéad a fuair an sagart lá Nodlag? Déarfainn má fuair sé céad gurb é a chloch-neart é, ach measaim go ndeacha sé rithte leis.
'Sé do chloch-neart é, má scothann tú T. go mbeidh sé inGaillimh = tiubharfa sé cnáimh le creinneadh dhuit é 'scothadh.
Badh é a chloch-neart é an máilín a iomchur. Tharraingeochadh sé ba bodhra as coillte leis a' gcneadhghail a bhí air faoi.
'Sé do chloch-neart é, an garrdha a bheith réidhtighthe amach aghad an tseachtmhain seo.
'Sé a chloch-neart é ' bheith indon ag mac L. Dheamhan tada le reic aige uaidh ar chaoi ar bith = thiubhradh mac L. cnámh le crinneadh dhó, a's le na bhualadh, ní fhágfad sé tada 'na chomhnuidhe ann.
'Sé a chloch-neart a dhul isteach. (D)ar ndóigh, níor tugadh 'vote' a' bith dhó, siar faoi Chonamara. Nach hé an ceann eile a fuair uiliog iad?

Cloch-neart in iontrálacha eile (36)

 
Fágaim dhá scór bliain ag an mac is sine. Níl sé lá thairis. Sin é a d'fhágfadh an ceann is óige tuairim 's chúig bhliana fichead, agus sé a chloch neart é … Ara bail ó Dhia ar do dheich mbliana fichead. Is fada uaithi é
 
Bheadh ciall mairt-fheoil ach 'mairtfheoil a' dole' seo, tá sí chomh ceasamhail a's gurab é cloch-neart duine drannadh léithe.
 
ciste
Dheamhan ciste ná stór a thug sé as Meriocá. Má thug sé an chulaith éadaigh fhéin as, 'sé a chloch neart é.
 
Deir na sean-anndúirí gurb iad an dá rud is siúráilte amuigh Comhar na gComharsan a's Cothromacan Síne na h-Uaire. Well, níl locht a' bith ar Chothromacan Síne na h-Uaire, ach 'sé mo mheas go bhfuil Comhar na gComharsan caithte in aer. D'fheicinnse le mo linn fhéin iad, a's dheamhan ceann oibre dhá mbeitheá a dhéanamh — crapadh an fhoghmhair, a' baint mhóna, ná 'bualadh coirce — nach mbeadh daoine sa mbealach ar a chéile a chongnamh dhuit. Ach dheamhan méitheal a d'fheicfeá in aon-áit anois. Caitheadh an obair sin igcártaí. 'Sé do chloch-neart é, scurach a fhaghail a leigfeadh súgán dhuit, tada leis.
+
Má tá siubhal a' bhealaigh ann, 'sé a chloch neart é.
TUILLEADH (1) ▼
'Sé mo chloch neart é, má tá díol a' bhealaigh de 'phetrol' agham, tá sé chomh maith dhom scáird a chuir isteach annseo, faitchíos go mbeadh muid in a' (ar) mbambairne aríst, a's gan aon-deoir le faghail.
 
Dhá mbeadh aon-bhrabach airgid orm, dheamhan baoghal a' bith go leigfinn amach falamh sib, ach cé'n neart atá agam air. 'Is cruaidhchte na clocha glasa ná na lámha fala(mha)' adeir siad = dhá mbeadh aon-phighinn le spáráil agam, nó dhá mbeadh aon-phighinn ar m'fhaghaltas, thiubhrainn rud eicínt dhaoib etc.
 
aer
Bhí an 'lorry' a' cur leath-chlocha go h-aer, le neart siubhail.
 
buail
Tá Seán buailte aige a' caith(eamh) cloiche neart = tá Seán sáruighthe aige.
+
ainm
Badh é do chloch-neart 'in Ainm an Athar' a bheith ráidhte agad an fhad's chaith sé leis (an fhad's bhí sé dhá dheanamh).
TUILLEADH (1) ▼
'Sé mo chloch-neart anois, ainm a chuir ar aon-teach ar a' mbaile seo 'mbeadh uibheachaí áil ann.
 
aire
'Sé cloch-neart duine ar bith, aire a thabhairt dó fhéin anois, lena gcaithtear de chlocha ar bhóithrí = is deacair a theacht slán ó na clocha.
 
ard 1
'Sé do chloch-neart an 'bicycle' a chur in aghaidh Árd a' Tighe Mhóir.
 
folamh 2
Diabhal neart aige air. Tá fiacha agus falamh air. Céard a fhéadfas a leithide a dhéanamh? An té atá saor caitheadh sé cloch. Sin é an chaoi le chuile dhuine: thíos seal agus thuas seal
 
fír
Cá bhfuigheadh sé sin fír ar bith a bheith ann, dhá dteigheadh sé leis an dreoláinín is athair dó? Ba é a chloch neart chuile lá ariamh siúl go dtí an garraí, ní áirím aon-fhoghail a dhéanamh ann
 
fidín
Ná bac le na clocha sin. Is furasta clocha fidín a fháil. Máithreachaí agus clocha cuir a theastódh anois. Tá neart clocha stúala is chuile áit annsin
 
Ní daighceamhail go dtí é. Chonnaic mé na gearrbhodaigh annseo thíos oiche. Bhí siad ag caitheamh clo' neart (cloch). Chaith seisean í cho maith le duine. Bhí timcheall agus troigh ag C. ar 'chuile dhuine eile dhá raibh ann. Chaith seisean trí nó ceathair de chuarta aríst, ach, má chaith féin dar diaguidhe chinn air marc C. a chrínnt (chreinnt). D'fháisc sé air a shaicéad a mhic ó agus seo leis suas an bóithrín le teann daighce faoi gur bhuail C. é
 
dairt
Níl neart ag duine a dhul an bóthar aca, nach bhfuil cluiche aca amuigh roimhe, len a dhalladh le dairteachaí agus le clocha. 'Siad na h-údair iad. Is maith an tógáil atá sé a thabhairt orra — gan smacht gan ceannús ceann
 
Chuir siad an dalladh mullóg críochnuighthe air, lá agus gur fhéad siad an ágóid sin a bhualadh thall air. Ara tá aois chapall na muintire aice siúd, agus má bhí scór punt spré aice ba é a cloch neart é. Dheamhan sciúrtóg thairis a bhí aice ar chuma ar bith
+
daol
Bhuel teagann daol uilc air scaithtí agus bíonn sé cho corruighthe sin agus go (gur) beag nach mbaineann sé laogh as 'chuile bhó ar an mbaile. Sin é a bhealach. Ar an dá luath agus a dteigheann sé 'un míneadais aríst dheamhan duine go h-iomaoi is fheilmheanaighe ná é. Bhainfeadh naoidhneán ceart dó. Dheamhan neart aige air. Sin é an chaoi a bhfuil sé. An té atá saor arsa tusa caithead sé cloch
TUILLEADH (1) ▼
Má theangmhuigheann daol leis siúd is maith gasta a bheidheas sé ag tabhairt an tsráid amach do Mh. Ní rachainn faoi dhuit go gcaithfidh sé oíche Nodlag seo chugainn faoi shógh ann choidhchin. Má chaitheann, 'sé a chloch-neart é
 
deis
Ghabhfadh sí thart ar an mbóthar anois gan beannú duit. Tá sí an-mhór innte féin i gcomhnaí, té (cé) nach mórán le cois na sláinte atá aice anois. Má tá sí indon snáth a choinneál faoi'n bhfiacail, 'sé a cloch-neart é. Ach tá an onóir innte in a dheidh sin — an onóir gan deis
 
Tá diocach chaillte de laogh aige, agus 'sé a chloch-neart é má sháruigheann sé an tsíon seo. Tá sé annsin thuas anois in a ghuróir i lúibinn an chlaidhe, agus é ag eitealla leis an bhfuacht. Tá an bhuinneach air i gceann mar tá sé. Sin í an cailín atá indon giorrú le na laoghanntaí
 
Is diomallaighe sib ar mhóin ná trí theach. Tháinic ualach móna indé, agus tá sé indáil le ídighthe anois aríst. 'Sé 'u' (bhur) gcloch neart an lá a bhaint as
 
Ná cloiseadh duine ar bith thú ag caint faoi thalamh na tíre seo. Ní thiubharfadh fear Achréidh a mbeadh giodán réasúnta chor ar bith aige, deich triuf ar a bhfuil de thalamh istigh in do thír: diomallachaí. Níl neart ag duine a dhul amach ag baint claise láin, nach ag mianadóireacht le clocha a chaithfeas tú an lá
 
Gheobhfá neart diúilicíní annsin thíos ar an Leic Pháirteach am ar bith san Earrach ná sa Samhradh. Chuala mé fear ag rádh nuair a bhíos sé ag tuileadh gur maith an dóigh breac fanacht caithte i bpoll (an dorugha a bheith caithte ann) dhá mbeadh carraig nó leac in aice leis a bheadh faoi dhiúilicíní. Deir sé go dteagann na blátháin agus na ballaigh agus na truisc stupóige isteach ag ithe na ndiúilicíní. D'fheicfeá iad ag imeacht do na clocha leis an taoille tuile. Is minic a chonnaic mé iad ag eirghe do na clocha agus ag dul ag sireoireacht sa taoille. An bhfaca tú an oscailt bheag atá isteach ann. L'aghaidh beatha is dóigh é sin
 
A muise a mhuirnín, má theigheann tú siar go R. Mh. gabhfaidh tú ag brughadh ar an doicheall. Thug an tincéara fhéin a mhallacht dó: ceathramhadh cloch fhataí a bhí aige th'éis soláthar trí lá, agus in a cheann sin goideadh an "sádar" (solder) uaidh. Nach gann a chuaidh an saoghal orra, go mb'éigin dóib a dhul ag fiachadh ar an tincéara. Ach cé'n neart a bhí aca air. 'Ar ndú níl nidh dhá'r dhealbh an ghrian ann ach breaclachaí agus clochair
 
Tá sé achrannach driseach. Badh é mo chloch neart é mo bheanna a thabhairt liom as chor ar bith
 
droim
Tá gloine aige, agus dheamhan fear ins an tír indon a h-ól dhá druim in éindigh. Tá cion trí cinn mar an gceann sin innte. 'Sé do chloch-neart a lán a iomchur
+
dubh 1
D'fhéach sé mé dubh agus dubh gaoth a thabhairt di (cloch a ardú). Agus ba é mo chloch neart a cur go dtí mo ghlúine 'th'éis gur chuir seisean go dtín a lár í. Ach tá an spreacadh mór ann bail ó Dhia air!
TUILLEADH (1) ▼
Ba é a chloch neart dubh agus dubh an garraí a chur dhá lá. Is cuímneach liomsa go maith nachar fhága mé féin aon-fhód istigh ar a chorp nachar chuir mé lá amháin. Bíodh a fhios agad go mba saoraí mór mise tamall!
 
Chuala mé go raibh siad déanta len a bhás. Nach diabhlaí sin, agus gan ann ach fear óg. Má tá sé dhá scór, 'sé a chloch-neart é. Níl sé lá ná leiceann thairis
 
Cladach díbeartha é. Tá sé ar aghaidh na righteachta ceart. Badh é do chloch neart seasamh ann lá geimhridh. D'fhuadóchadh an sinneán de do bhonnaidheachaí thú. Dheamhan thairis sin de ghaisce insan samhradh féin é
 
Tá sé in athchur an anama anois. Níl ann ach go bhfuil díogarnach anála ann ar éigin — an duine bocht. Má sháruigheann sé an oíche, 'sé a chloch-neart é. Beidh tórramh agaibh a scurachaí. Níorbh í ab fhearr linn dá mbeadh neart air, ach níl. Fuair an teach sin ar a mhéis féin é imbliana, ní dhá roint leo é
 
Ab é an dubhradán sin thoir. Is mór an ghna (gno) pósadh atá aige sin go deimhin. Ní rath atá leis i dtráigh fheamuinne, ingarrdha ná ibportach. 'Sé a chloch-neart sin anois an "dole" a tharraint. Agus tá mé ag rádh leat dhá mbeadh aistir fada air in a choinne sin féin nach dtarraingeochadh sé é
 
Ba bheag an aois a bhí chor ar bith aige. Má bhí sé ag dul 'un dá scór ba é a chloch neart é. Cailleadh óg go leor é an duine bocht. Ach sin é an chaoi a mbíonn sé: níl a fhios cé's túisce craiceann na sean-chaorach ar an bhfraigh na craiceann na caorach óige