1.
clochán, nó réidh-dhroichead treasna abhann nó srotha nó cuisle fairrge.
a.
+–
An Charra Bheag (réidh-dhroichead atá ann), Carra na gCaorach, An Charra Bhreac, Carra idir Dhá Dhoire, Carra Bhun na h-Abhann, etc. (ainmneacha carraidheachaí atá ar abhainn a' Spidéil)
A' dtiocfa tú an charra nó timcheall.
TUILLEADH (19) ▼
Is diabhaltaidhe an forlach atá san abhainn, arae tá'n charra faoi uileag.
Bail ó Dhia ort! Ní bheadh aon-ghoir agad a dhul an charra a's an t-uisce atá caithte le seachtmhain aige.
Tá'n charra folcuighthe fré chéile.
Má's aithgiorra ná aithgiorra anois é, ní bealach í an charra le dhul uirre 'san oidhche.
Is géar a theastóchadh an charra sin thoir a dheasú, arae badh mhór an éascaidheacht do dhuine a bheadh ag dul S. í.
Is maith a chruthuigh tú a's a theacht tirm sa gcarra.
A' ndearna tú an charra tirm = ar tháinic tú thairti gan tú fhéin a fhliuchadh (tagtar thar charra).
Nuair a bhí sé a' teacht thar a' gcarra, 'san oidhche chonnaic sé an sprid 'san abhainn.
Chuir sé amach a rúitín a' teacht thar a' gcarra, a's dheamhan corruighe amach a rinne sé ó shoin.
Sciorr mé sa gcarra, a's crochadh mé idir chorp, chleite agus sciathán gur thuit mé indiaidh mo mhullaigh 'san abhainn. InDomhnach shíl mé go raibh mé báithte.
Ní carra atá ann ach leithscéal — cloch annseo a's cloch annsiúd. Dheamhan a' mó ná dá mbeadh duine luath láidir ann, a's é sáthach scolbánta go mb'fhéidir go dtiocfadh sé thairti tirm.
Tá caonach liath a's cairt roille-bhuidhe ar chlocha na carra, agus is maith a bheitheá ar t'áirdeall fhéin, nó sciorrfá orra(b).
D'imthigh na cosa uaithe sa gcarra, a's rinne sí cleas a' tradhaill síos 'san abhainn. Ba gheall le madadh báithte í, nuair a rinne mé an tárrtháil.
Tá réidh-charra fhánach ann, ach is deacair thú fhéin a thabhairt tirm uaithe, is deacair sin.
Ar tháinic sib Carra na gCaorach?
Níl cinneadh 'bith leo(b) le faltanas, a's aicís. Meastú nar thóig siad an charra orainn an tseachtmhain seo caithte, faitchíos a' ndéanfadh sí éascaidheacht ná aithghiorra 'bith dhuinn anoir ar chuid (talamh) C. Uí Ch. an áit a mbíodh muid a' baint fhraoigh ann.
Bhí sé oidhche ar cuairt tigh T. Ó. C., a's dheamhan asna do bhuachaillí báire an bhaile nach dteagann a's nach dtóigeann an charra air. B'éigean dó a theacht timcheall an bóthar, a's bhí sé 'na hóró (óghró?) lae, sul a raibh sé 'sa mbaile.
Thóig na saghdóirí na carraidheachaí a's chuir siad na cochaill.
Cochallóirí a thóig na carraidheachaí sin, 'nuair a bhí an tuile mhór ann.
b.
+–
Ní fhéadfa tú a dhul sa gcarra, mara mbí sé 'na dhiaidh-thráigh (carra a tugtar 'ar na clocháin a déantar isteach go dtí oileáin ar chiumhais an chladaigh, áit nach mbeadh ach coigéal nó cuisle bheag fairrge).
Báthadh é 'sa gcarra, i sruth lán mhara. Scuab an sruth leis é, ach dhá mbeadh aon-bhuille snámh' aige, bhí leis.
TUILLEADH (2) ▼
Ní theastócha aon-iomlucht uait — féadfa tú a dhul an charra — uair a' bith ó thús trágha amach, go dteighe sé ar thuileadh aríst.
Is mío-thapamhail an áit í an charra sin le theacht innte 'san oidhche. Fhobair gur bascadh mé oidhche cheana innte. Bhí an oidhche chomh dubh leis a' daol, a's gan fhios agam, cá 'gcuirfinn mo chois, ach a' sméarthacht liom.
2.
cairt, carcair, meall, brachlainn, bruscar, sprus.
+–
Tá carra gearbóg in a cheann; tá a cheann ithte le gearbógaí; tá ceann clamhach air; tá cairt nó carcair gearbóg in a chloigeann.
Tá carra nioscóideachaí ar chúl mo chinn = mar bheadh an iomad nioscóid buailte ar a chéile.
TUILLEADH (11) ▼
Tá goiní-adhairce in a gcarraidheachaí ar 'chaon leiceann leis, a's sé'n 'chaoi bhfuil an bearradh a' borradh leo(b) (féach "borradh" agus "goin-adhairce").
Tháinic carra fhaithneadhachaí ar mo láimh annseo an bhliadhain cheana, a's chaith siad an tsíorruidheacht gan a dhul ar gcúl. Bhearr mé an barr díob faoi dheire le siosúr.
Tá carra chloch istigh imbéal na bearna, a's níl sé inrásta ag tada a dhul isteach sa ngarrdha go mbailighthear iad = sprus chloch, caithte in aon-mhangarae amháin gan puínnteáilteacht, gan cruínnteacht.
Tá carra spairtighthe ar bruach ann, nar tóigeadh as a' scaradh ariamh. Dheamhan a' fiú trompa gan teanga anois í, ná aon-mhóin eile a fhaghas an sioc in a scaradh. Ach gur mór sa mbealach í.
Tá carra chéarach calcuighthe istigh in mo chluais, hébrí cé'n t-ughdar atá leis. Caithfe mé ruainnín olla a chur innte, fé'int a nglanfadh sé í.
Caitheann sib cosamar fataí amach annsin chuile lá, a's dheamhan áird agaibh air, ach é fhágáil annsin in a charra. Gheobhtaidhe rud eicínt le caitheamh a chuir ann, marach go leigeann sib amudha é.
M'anam muise go bhfuil carra de'n chonuas sin ann, má fhoghnann sé dhuit.
Tá mé thart ag fiacail atá agham a bhfuil poll innte. Dheamhan uair dhá n-ithim aon-cheo nach dteigheann carra de'n rud chruaidh isteach innte, a's nach gcrádhann sí go h-anam mé.
Tá carra shalachair ar 'chaon láimh liom, ó thosuigh mé a' scaradh an aoiligh, a's dheamhan goir agam 'na dheidh sin drannadh leo(b) ná iad a nigheachán, le teann gága.
Is diabhaltaidhe an charra síl frogannaí atá i lag-chlaise an fhóidín.
Is mise atá a' saothrú an tsaoghail ag carra mhór ghág atá ar mo láimh i mbun na méarachaí. A's feicthear dom go bhfuil trálach a' teacht orm, in aice sin.
3.
bleid; forán; aighneas; cleite comhrádha a thionnscailt nó tharraingt anuas.
+–
Chuir sé carra chainnte orm. = bhuail sé bleid orm.; chuir sé forradh cainnte orm.; chuir sé caidéis nó aighneas orm.
Cé 'casfaidhe liom i mbéal a' tseoil, ach S. B. Ó. T. a's bhuail sé carra chainnte orm.
TUILLEADH (15) ▼
Dheamhan ceapadh 'bith a bhí agam go mbeannóchadh sé fhéin, dom, a's meastú nar chuir sé carra chainnte orm. 'Sé a bhí subháilceach má b'fhíor dó fhéin.
Teanam ar cúlráid. Má fheiceann P. Ó. C. muid, cuirfe sé carra chainnte orainn, agus seo, ní fhágfamuid go tráthnóna.
Má bhuaileann sé sin carra chainnte orainn, ar gceann fine ní chuirfe dhínn é, go mbeidh an lá caithte.
Ní bheadh aon-mhaith aige ann, go mbuailfeadh sé carra chainnte ar fhear an Achréidh ach sílim nach an-bhuidheach a bhí sé dhó fhéin, 'san am a raibh fear an Achréidh réidh leis.
Tá carra chainnte curtha ag a' gceann céadna ar chuile dhuine.
Bailigheadh leat anois, a's do bholg bréag agad. Ní mise an chéad duine a gcuirfe tú carra chainnte air aríst (dubhradh ar imtheacht do'n té a chuir an charra chainnte).
Nach conórach í a dhul a' cur aighneasa mar sin ar a' séiplíneach. Ach chuirfeadh sí sin carra chainnte ar a' té nach bhfaca sí ariamh.
'Bhfuil 'fhios agad, cé'n chéad bhall a bhí romham thoir ann — M. T. Uí D. — agus mo léan níor leis ab fhaillighe é, gan carra chainnte a chuir orm.
Chuirfeadh sé siúd carra chainnte ar thaisí, ní áirmhighim a mhalrait. 'Sé atá príbhléiseach, ach cá bhfágfadh sé é arsa tusa, cineál Ch. L.
Dheamhan tada le mo sheasamh ann a bhí mé, nuair a buaileadh bosóg ar a' slinneán orm, a's cé 'chuirfeadh carra chainnte orm ach S. S.
Tá sí sin bladarach, spleádhach, a's carra chainnte buailte aice ar chuile dhuine.
Diabhal mé gur mór a' scéal é, an duine bocht! Má bhí sé beag-mhaitheasach fhéin, dheamhan duine coideáin ná aitheantais a leig sé thart a' bóthar sin thíos ariamh, gan carra chainnte a bhualadh air, a's mara ndéanadh sé tada eile, chuirfeadh sé chuile dhuine faoi 'choimrighe Dé'.
Is mór is fiú nach bhfuil aon-chíos ar a' gcainnt, nó dheamhan mórán duine a gcuirfeadh an cneagaire sin carra chainnte air, muis. Cuirfe mé geall leat nach mórán carra chainnte a chuirfeas sé ar aonduine ag doirse tighthe ósta, lá aonaigh, má bhíonn sé ag (d)ul isteach ag ól béiréiste!
Ba mhór a' t-ár é mac A. an R. seo thíos ag imtheacht ar fud an aonaigh indiu, a' cur carra chainnte ar chuile bhoicín, mar dhóigh dhe gur daoine muinntreacha dhó iad! Ach th'éis a bhfuil de ghairéad a's de ghaisce aige, is dona í a léine, ach an oiread liom fhéin!
Is fada aríst go gcuire an nathuigheadóir sin aon-charra chainnte ormsa, a's a laghad sásamh, a's fuair sé anois. Dhá bhféadadh sé sin dóigh a dheanamh de dhuine, 'sé a mbeadh uaidh é, ach níl acmhúinn aige fhéin ar thada a rádh leis.
·
Chuir sé carra Bhéarla orm = bheannuigh sé dhom, a's chuaidh sé 'un cainnte liom as Béarla.
Carra in iontrálacha eile (18)
→
cleite
Ba liopastach a' píle mná í, ach rug mé uirre idir chorp, chleite agus sciathán gur thug mé anall treasna na carra í. Is maith a chruthuigh mé uirre, a's a theacht tirm.
→
bealach
Bhí mé ag dul Gaillimh lá, a's casadh cluithche tinncéaraí dhom ar a' mbealach, a's chuir mé carra chainnte orra(b). Bhí siad ag iarraidh mé 'thabhairt ag ól, dhá dteighinn in éindigh leo(b).
→
bruach
'Chuile bhliadhain nuair a thaga(nn)s dubh-luachair na bliadhna, eirigheann carra bhruachannaí ar a bhéal
+
→
buail ar
Bhuail sé forradh cainnte orm; bhuail sé carra chainnte orm; bhuail sé bleid orm = chuir sé cainnt orm.
TUILLEADH (2) ▼
Cé bhuailfeadh carra chainnte orm indiu thoir ar an aonach ach S. B.
Ní túisce a bhí mé istigh sa teach ná bhí carra chainnte buailte aige orm.
→
bunán
Tá carra bhunáin faoi mhéarachaí mo chos, a's tá mé 'mo chiseach aca(b) = tá pláigh nó bulc de na bunáin faoi mhéarachaí mo chos, a's tá mé thart nó creaiplighthe dhá mbarr.
→
fáisc
Má bhaineann tú móin idtús bliana agus a caitheamh suas in a carra, beidh an t-uisce fáische aisti, nuair a bhéas tú réidh chuice
→
feire
Tá droichidín na carra indáil le réidh. Bhí tuile san abhainn an lá faoi dheireadh agus ar éigin Dé a shrian mé treasna chor ar bith é. Ar mo ghlúine a chuaigh mé. Ní thrustfainn breith ar an bhfeire siúd. Tá sé ar bogadh, agus dhá dteagadh sé leat, chuirfí san abhainn thú = ráille beag ar dhroichead; tá droichidíní den tsórt seo — ceanna beaga caola — ar na haibhneachaí, in áiteachaí
→
foirbe
Tá foirbe faithniúchaí (feire faithniúchaí go minic) suas uilig annsin ar dhruim a láimhe — carra, drúcht faithniúchaí
→
dealbh 2
Ní dhéanann sé nídh dhár dhealbh an ghrian anois, ach gróigthe ar an sconnsa beag údaidh, ag cur carra chainte ar an bhfear anoir agus ar an bhfear aniar. Go deimhin 's go dearbhtha, is aige atá saoghal an duine uasail
Lá de na laetheanta deannachtacha sin idtús an Aibreáin a bhí ann: laethantaí na sean-bhó. Bhí mé ag fódú súileog fhataí i ngarrdha Mh. G. Ar éigin saoghail a bhí mé indon seasamh ar an iomaire idir dhá ráig. Shanntuigh mé míle uair a dhul abhaile, ach déarfainn liom féin aríst an uair a d'fheicfinn fáfall beag triomaigh aige go mbaininn scathamh eile amach. Tháinig P. anuas an bóithrín agus chuir sé carra chainte orm. "Cá'il tú ag dul" adeirim féin. "Síos ar snámh" adeir sé. Shíl mé féin gur ag déanamh grinn a bhí sé, gur chuala mé aríst ag dream a bhí síos ag an gcladach narbh eadh. Ní raibh sé seachtain ó'n lá sin go raibh sé i mBéal Átha na Sluaighthe (ins an ngealtlann)
→
deis
Níorbh fhuláir do dhuine an Béarla a bheith ar a dheis aige le carra chainte a chur air sin. Maidir le mo leithide-sa, ní bheadh aon-ghnatha agam ag pléidh leis.
→
dradaire
Dradaire ceart é sin. Níl aon-bhean aniar ó Cheann Léime nach bhfuil carra chainte curta aige uirre. Tá geis air gan aon-bhean a leigean thairis gan aighneas a chur uirre
→
droim
Chaith muid suas in a carra í idtús bliana agus fágadh mar sin í. M'anam agus ná raibh ag an diabhal i dtús na Bealtaine, 'nuair a bhí breith againn a dhul ar an bportach go raibh sí (móin) ag eirghe de dhromannaí a chéile agus an t-uisce ar fad fáiscthe aisti. Ní raibh a dhath ariamh le déanamh againn léithe ach a baint as a toirt agus a scaipeadh amach rud beag. Bhí sí in a snaoisín ar an bpuínte
→
dualgas
Thug siad sin de dhualgas leo gan mórán fíreamhlacht a bheith ionnta. 'Sé'n áit a gcaitheadh a n-athair féin a shaoghal ag imeacht ag fálróid ó chnocán go cnocán agus carra chainte buailte aige ar 'chuile dhuine. Ní dhearna sé lá maith oibre in a shaoghal ariamh
→
díocas
Ach a mbeiridh sé siar ar an áit dheacair agus ar an dearg-laoch rachaidh mise faoi dhuit go mbainfidh sin an díocas dó (de). Tá sé réidh go leor ag sleaghdóir carra mhóna a chur aníos in áit éascaidh ach is é an dearg-laoch agus "an fheoil chapaill" atá indan fear a chur ar a mhiotal. Chonnaic mise ins an bportach se'againn féin anuiridh é
→
dólámh
Bíonn sé ar an gceird sin dólámh. Ní fhaca aon-fhear ariamh mar é nach scóthfadh duine gan carra chainte a chur air, agus eadarshuth a chaitheamh ag seiteamas leis