1.
clochán, nó rédhroichead trasna abhann nó srutha nó cuisle farraige.
a.
+–
An Chora Bheag (rédhroichead atá ann), Cora na gCaorach, An Chora Bhreac, Cora idir Dhá Dhoire, Cora Bhun na hAbhann, srl. (ainmneacha coraíochaí atá ar abhainn an Spidéil)
An dtiocfaidh tú an chora nó timpeall.
TUILLEADH (19) ▼
Is diabhaltaí an fuarlach atá san abhainn, arae tá an chora faoi uileag.
Bail ó Dhia ort! Ní bheadh aon ghair agat a dhul an chora agus an t-uisce atá caite le seachtain aige.
Tá an chora folcaithe fré chéile.
Más aicearra ná aicearra anois é, ní bealach í an chora le dhul uirthi san oíche.
Is géar a theastódh an chora sin thoir a dheasú, arae ba mhór an éascaíocht do dhuine a bheadh ag dul S. í.
Is maith a chruthaigh tú agus a theacht tirim sa gcora.
An ndearna tú an chora tirim — ar tháinig tú thairti gan tú fhéin a fhliuchadh (tagtar thar chora)
Nuair a bhí sé ag teacht thar an gcora san oíche chonaic sé an sprid san abhainn.
Chuir sé amach a rúitín ag teacht thar an gcora, agus dheamhan corraí amach a rinne sé ó shin.
Sciorr mé sa gcora agus crochadh mé idir chorp, chleite is sciathán gur thit mé i ndiaidh mo mhullaigh san abhainn. I nDomhnach, shíl mé go raibh mé báite.
Ní cora atá ann ach leithscéal — cloch anseo agus cloch ansiúd. Dheamhan an mó ná dá mbeadh duine luath láidir ann, agus é sách scolbánta, go mb'fhéidir go dtiocfadh sé thairti tirim.
Tá caonach liath agus coirt roille-bhuí ar chlocha na cora agus is maith a bheifeá ar t'airdeall fhéin nó sciorrfá orthub.
D'imigh na cosa uaithi sa gcora agus rinne sí cleas an tradhaill síos san abhainn. Ba gheall le madadh báite í nuair a rinne mé an tarrtháil.
Tá réchora fhánach ann ach is deacair thú fhéin a thabhairt tirim uaithi, is deacair sin.
Ar tháinig sibh Cora na gCaorach?
Níl cinneadh ar bith leob le faltanas agus aicis. Meas tú nár thóg siad an chora orainn an tseachtain seo caite, faitíos an ndéanfadh sí éascaíocht ná aicearra ar bith dhúinn anoir ar chuid (talamh) C. Uí Ch., an áit a mbíodh muid ag baint fhraoigh ann.
Bhí sé oíche ar cuairt tigh T. Ó C. agus dheamhan easna de bhuachaillí báire an bhaile nach dteagann agus nach dtógann an chora air. B'éigean dó a theacht timpeall an bóthar, agus bhí sé ina hóró lae sula raibh sé sa mbaile.
Thóg na saighdeoirí na coraíochaí agus chuir siad na cochaill.
Cochallóirí a thóg na coraíochaí sin nuair a bhí an tuile mhór ann.
b.
+–
Ní fhéadfaidh tú a dhul sa gcora mura mbí sé ina dhíthrá (cora a tugtar ar na clocháin a déantar isteach go dtí oileáin ar chiumhais an chladaigh, áit nach mbeadh ach coigéal nó cuisle bheag farraige)
Báitheadh é sa gcora i sruth lán mhara. Scuab an sruth leis é, ach dhá mbeadh aon bhuille snámha aige, bhí leis.
TUILLEADH (2) ▼
Ní theastóidh aon iomlacht uait — féadfaidh tú a dhul an chora — uair ar bith ó thús trá amach, go dté sé ar thuile aríst.
Is míthapúil an áit í an chora sin le theacht inti san oíche. Fhóbair gur bascadh mé oíche cheana inti. Bhí an oíche chomh dubh leis an daol agus gan fhios agam cá gcuirfinn mo chois, ach ag sméarthacht liom.
2.
coirt, carcair, meall, brachlainn, bruscar, sprus.
+–
Tá cora gearbóg ina cheann; tá a cheann ite le gearbógaí; tá ceann clamhach air; tá coirt nó carcair gearbóg ina chloigeann.
Tá cora neascóideachaí ar chúl mo chinn — mar a bheadh an iomad neascóid buailte ar a chéile.
TUILLEADH (11) ▼
Tá goiní adhairce ina gcoraíochaí ar chaon leiceann leis, agus sé an chaoi a bhfuil an bearradh ag borradh leob (fc. borradh agus goin adhairce)
Tháinig cora fhaithniúchaí ar mo láimh anseo an bhliain cheana agus chaith siad an tsíoraíocht gan a dhul ar gcúl. Bhearr mé an barr díobh faoi dheireadh le siosúr.
Tá cora chloch istigh i mbéal na bearna agus níl sé inrásta ag tada a dhul isteach sa ngarraí go mbailítear iad — sprus chloch caite in aon mhangarae amháin gan pointeáilteacht, gan cruinnteacht
Tá cora spairtithe ar bruach ann nár tógadh as an scaradh ariamh. Dheamhan an fiú trumpa gan teanga anois í, ná aon mhóin eile a fhaigheas an sioc ina scaradh. Ach gur mór sa mbealach í.
Tá cora chéarach calcaithe istigh in mo chluais, hé brí cén t-údar atá leis. Caithfidh mé ruainnín olla a chur inti féint a nglanfadh sé í.
Caitheann sibh cosamar fataí amach ansin chuile lá agus dheamhan aird agaibh air, ach é fhágáil ansin ina chora. Gheobhtaí rud eicínt le caitheamh a chur ann, murach go ligeann sibh amú é.
M'anam muise go bhfuil cora den chunús sin ann, má fhónann sé dhuit.
Tá mé thart ag fiacail atá agam a bhfuil poll inti. Dheamhan uair dhá n-ithim aon cheo nach dtéann cora den rud chrua isteach inti, agus nach gcránn sí go hanam mé.
Tá cora shalachair ar chaon láimh liom ó thosaigh mé ag scaradh an aoiligh agus dheamhan gair agam ina dhiaidh sin, drannadh leob ná iad a níochán le teann gága.
Is diabhaltaí an chora síl froagannaí atá i lagchlaise an fhóidín.
Is mise atá ag saothrú an tsaoil ag cora mhór ghág atá ar mo láimh i mbun na méarachaí. Agus feictear dom go bhfuil trálach ag teacht orm ina aice sin.
3.
bleid; forrán; aighneas; cleite comhrá a thionscailt nó a tharraingt anuas.
+–
Chuir sé cara chainte orm. — bhuail sé bleid orm; chuir sé forra cainte orm; chuir sé caidéis nó aighneas orm.
Cé a casfaí liom i mbéal an tseoil ach S. B. Ó T. agus bhuail sé cara chainte orm.
TUILLEADH (15) ▼
Dheamhan ceapadh ar bith a bhí agam go mbeannódh sé fhéin dom, agus meas tú nár chuir sé cara chainte orm. 'Sé a bhí suáilceach má b'fhíor dó fhéin.
Téanam ar cúlráid. Má fheiceann P. Ó C. muid, cuirfidh sé cara chainte orainn agus seo ní fhágfaidh muid go tráthnóna.
Má bhuaileann sé sin cara chainte orainn, ár gceann fine ní chuirfidh dhínn é go mbeidh an lá caite.
Ní bheadh aon mhaith aige ann go mbuailfeadh sé cara chainte ar fhear an Achréidh, ach sílim nach an-bhuíoch a bhí sé dhó fhéin san am a raibh fear an Achréidh réidh leis.
Tá cara chainte curtha ag an gceann céanna ar chuile dhuine.
Bailíodh leat anois, agus do bholg bréag agat. Ní mise an chéad duine a gcuirfidh tú cara chainte air aríst (dúradh ar imeacht don té a chuir an chara chainte)
Nach cunórach í a dhul ag cur aighneasa mar sin ar an séiplíneach. Ach chuirfeadh sí sin cara chainte ar an té nach bhfaca sí ariamh.
An bhfuil a fhios agat cén chéad bhall a bhí romham thoir ann — M. T. Uí D. — agus mo léan níor leis ab fhaillí é gan cara chainte a chur orm.
Chuirfeadh sé siúd cara chainte ar thaisí, ní áirím a mhalrait. 'Sé atá pribhléiseach, ach cá bhfágfadh sé é arsa tusa, cineál Ch. L.
Dheamhan tada le mo sheasamh ann a bhí mé nuair a buaileadh boiseog ar an slinneán orm, agus cé a chuirfeadh cara chainte orm ach S. S.
Tá sí sin bladrach, spleách, agus cara chainte buailte aici ar chuile dhuine.
Diabhal mé gur mór an scéal é, an duine bocht! Má bhí sé beagmhaitheasach fhéin, dheamhan duine cuideáin ná aitheantais a lig sé thart an bóthar sin thíos ariamh gan cara chainte a bhualadh air, agus mura ndéanadh sé tada eile, chuirfeadh sé chuile dhuine faoi choimrí Dé.
Is mór is fiú nach bhfuil aon chíos ar an gcaint nó dheamhan mórán duine a gcuirfeadh an creagaire sin cara chainte air muis. Cuirfidh mé geall leat nach mórán cara chainte a chuirfeas sé ar aon duine ag doirse tithe ósta lá aonaigh má bhíonn sé ag dul isteach ag ól béiréiste!
Ba mhór an t-ár é mac A. an R. seo thíos ag imeacht ar fud an aonaigh inniu, ag cur cara chainte ar chuile bhoicín, mar dhóigh dhe gur daoine muintreacha dhó iad! Ach théis a bhfuil de ghairéad agus de ghaisce aige, is dona í a léine ach an oiread liom fhéin!
Is fada aríst go gcuire an nathaíodóir sin aon chara chainte ormsa agus a laghad sásaimh agus fuair sé anois. Dhá bhféadadh sé sin dóigh a dhéanamh de dhuine, 'sé a mbeadh uaidh é, ach níl acmhuinn aige fhéin ar thada a rá leis.
·
Chuir sé cara Bhéarla orm — bheannaigh sé dhom, agus chuaigh sé chun cainte liom as Béarla.
cora in iontrálacha eile (35)
→
cleite
Ba liopastach an píle mná í ach rug mé uirthi idir chorp chleite is sciathán gur thug mé anall trasna na cora í. Is maith a chruthaigh mé uirthi agus a theacht tirim.
Buaileadh an púcán ar Ghob na Coraí agus rinne oibriú na farraige, agus na maidhmeannaí céatacha atá ansiúd, círéabachaí dhi gan mórán achair.
+
Bhí brachlainn ar Bharr na Cora a bhí ag dul míle san aer, agus chuaigh bád na Trá Báine siar ina dhiaidh sin.
TUILLEADH (1) ▼
Dheamhan ar na mangaigh a thiocfas mise aríst i mbliana ó thug mé an eang liom ó bhrachlainn Bharr na Cora inné.
+
→
bruach
Tá an mhóin ina cora ar an mbruach fós gan scaradh.
TUILLEADH (2) ▼
Chuile bhliain nuair a thaganns dubhluachair na bliana, éiríonn cora bhruachannaí ar a bhéal
Tá an lot ina chora fré chéile anois le na bruachannaí atá ag teacht air. Dheamhan bréag nach ar an láimh atá an droch-chosúlacht.
→
aer
Ag Cora an Chaisleáin a tháinig an lagar (.i. téagla) orainn, agus ní raibh fleaim as aer uaidh sin aniar.
→
buadán
Measaim go gcaithfear an adharc a bhaint uileag dhi: tá an buadán ina chora lofa ag titim amach aisti.
Is caol liom é as a chaoldroim le a bheith ina choraí mhaith. Cuirfidh mise geall leat go mbuailfidh tú fút gan stró é ach an droim a fháscadh aige.
→
bunán
Tá cora bhunáin faoi mhéarachaí mo chos agus tá mé i mo chiseach acub — tá plá nó bulc de na bunáin faoi mhéarachaí mo chos agus tá mé thart nó craplaithe dhá mbarr
→
aire
Seachain nach dtabharfá aire mhaith dhuit féin ar an gcora (cora = rédhroichead) má tá tuile mhór san abhainn.
Má choinníonn tú leis an abhainn go dté tú go dtí an chora bheag, is furasta dhuit an áit a dhéanamh amach.
→
fuagair
Uair ar bith a fhuagrós Barr na Cora, bí ar do shon fhéin ansin. Beidh an aimsir ina círéibeachaí
→
istigh
Is ait an coraí é le láimh istigh agus láimh amuigh — tá sé go maith ag coraíocht má fhaigheann sé an greim sin
→
íochtar
Is ait an coraí é má fhaigheann sé dhá láimh in íochtar (fc. isteach — na samplaí ansin a bhaineas le "láimh istigh" féadfaí leas a bhaint astu anseo)
→
feire
Tá droichidín na cora i ndáil le réidh. Bhí tuile san abhainn an lá faoi dheireadh agus ar éigean Dé a shrian mé trasna chor ar bith é. Ar mo ghlúine a chuaigh mé. Ní thrustfainn breith ar an bhfeire siúd. Tá sé ar bogadh, agus dhá dteagadh sé leat, chuirfí san abhainn thú — ráille beag ar dhroichead; tá droichidíní den tsórt seo — ceanna beaga caola — ar na haibhneachaí in áiteachaí
→
de
Bhí an mhuintir taobh thiar d'abhainn ina ngamal an uair sin d'uireasa droichid. Ní raibh acu ach a dhul an chora
Is mór an cur chun deiridh orm na cupla lá sin a chaith mé ar an leaba. Ba iad an dá lá móna ab fhearr an bhliain seo iad. Dhá mbaininn dhá shleán an t-am sin agus a caitheamh suas ina cora, bheadh sí tirim anois
→
dris
Tá an garraí gleannach anois in aon chora amháin driseacha. Chonaic mise an t-am nach raibh aon dris ag gabháil leis, ach a mbíodh sé saothraithe chaon tríú bliain. Ach lig an fear seo atá ann anois i léig é. Is maith an stócáil nár mhór a dhéanamh ann anois le go bhféadfaí a chur
→
droim
Chaith muid suas ina cora í i dtús bliana agus fágadh mar sin í. M'anam agus ná raibh ag an diabhal, i dtús na Bealtaine, nuair a bhí breith againn a dhul ar an bportach, go raibh sí (móin) ag éirí de dhromannaí a chéile agus an t-uisce ar fad fáiscthe aisti. Ní raibh a dhath ariamh le déanamh againn léithe ach a baint as a toirt agus a scaipeadh amach rud beag. Bhí sí ina snaoisín ar an bpointe
Tá cúrláin ar na cnocáin sin amach droimnochta, ach a mbaint. Tá agus cora mhilis freisin
Bhí an-bharr agamsa ansin anuraidh agus dheamhan ceo a chuaigh ariamh air ach seanleasú agus athleasú de dhubhliathach na Cora agus daithín aoiligh os a chionn. Maidir le diúain (guano) níor cuireadh a leithide air. Ach bhí an talamh séasúrach
+
Chuaigh mé soir lá ag an gCora Bh. Bhí brachlainn acu ann (bradáin). Bhí píosa dorú in mo phóca agus cupla duán. 'Sé díol an diabhail é, arsa mise liom fhéin, mura dtuga mé ceann astaí (asaibh) le duánacht amhrais. Chaith mé amach. Diabhal mé go raibh mé ag cur sámhais iontu leis an duán, ach ba é a cás céanna é. D'fhan mé ansin. "Má théann tú ar meath téirigh ag iascach," arsa mise liom féin. Bhí a fhios agam go mbeadh maor eicínt in mo mhullach gan mórán achair. Diabhal easna dhíom, nuair ab fhada liom an fanacht, nach bhfaigheann gruán mór de chloich, agus nach gcaithim amach ina gceartlár í. Bhuail cúpla mé in éindí …
TUILLEADH (1) ▼
'Sí an abhainn sin thiar máithreach na mbradán. Maróidh tú ar do rogha caoi ann iad: coinnleoireacht, duántacht amhrais, eangach, camóig, bealach ar bith is túisce agat. Chonaic mé brúisc ag dul suas ag an gcora Bh. anuraidh. Isteach le péire faoin mbruach. 'Sé a raibh orm a dhéanamh, mo láimh a chur isteach agus a gcaitheamh aníos. Diabhal ar lig an faitíos dom. Ala ina dhiaidh sin tháinig duine de na maoir aníos le abhainn …
→
díocas
Ach a mbeire sé siar ar an áit dheacair agus ar an dearglaoch, rachaidh mise faoi dhuit go mbainfidh sin an díocas dó (de). Tá sé réidh go leor ag sleádóir cora mhóna a chur aníos in áit éasca, ach is é an dearglaoch agus an fheoil chapaill atá in ann fear a chur ar a mhiotal. Chonaic mise sa bportach s'againn féin anuraidh é
→
dóirt
Bhí muid crinnte le chéile ag an gCeann. Choinnigh sé i bpíce liom scaitheamh maith. Ach nuair a tháinig sí teann (an ghaoth) agus as sin ina gaoith mhór, cheangail seisean cúrsaí. Thug mise cead di dóirteadh le fána roimhe, ina cuid éadaigh ar fad. Bhuail mé caoch é. Ní raibh amharc air ag Cora an Chaisleáin
Tá sé dólámhach ag scrathadh portaigh inniu. Bainfidh sé móin anois mar adéarfá leis é go ceann seachtaine, agus fágfaidh sé caite ina cora ansiúd í gan aon scaradh choíchin. Sin é an rud a ghníos sé chuile bhliain beo
→
dólámh
Bhí sé thoir ansin ag cora na mbradán agus camóig aige, agus é dhá gcaitheamh thairis (na bradáin a bhí á fhostú) as dóláimh — bhí sé dhá gcaitheamh suas chomh tréan in Éirinn agus a bhí sé in ann
→
téigh ar
Má théann sé siúd ar a dhíocas in éadan na gcloch, réiteoidh sé an chora sin thíos ag an gcladach, ní áirím clochairín den tsórt sin
→
téigh le
Má bhaineann tú maide (crann) ar bhruach na habhann agus a chaitheamh amach, gabhfaidh sé le sruth anuas go dtí an chora bheag agus féadfaidh tú a thógáil go deas ansin
+
→
téigh
Chuaigh sé an bóthar. Ní dheachaigh sé an chora
TUILLEADH (1) ▼
Ná téirigh an chora anocht. Téirigh an droichead má tá timpeall féin ann