Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Cothromacan síne
ainm-fhocal, firinscneach
Cothromacan síne na h-uaire nó na h-aimsire. Deagh-shíonta a's droch-shíonta — uair bhreagh, a's droch-uair — a bheith meadh ar mheadh. Má thagann scathamh deagh-uaire, caithfe a chomhfhad sin de dhroch-uair a thoidheacht aríst, a's a mhalrait. Cúitighthear droch-uair nó gairbhshion, leis an oiread céadna deagh-uaire a's téigle.
a.
+
'Comhar na gComharsan a's Cothromacan Síne na h-Uaire an dá rud is cinnte 'bith' (leath-fhocal) = níl rud a' bith is cinnte ná go gcongbhóchaidh na comharsana le chéile i gcúrsaí oibre, a's go gcúitighthear deagh-shíon le na comh-fhad nó a coimhmhéad de dhroch-shín, a's a mhalrait.
Deir na sean-anndúirí gurb iad an dá rud is siúráilte amuigh Comhar na gComharsan a's Cothromacan Síne na h-Uaire. Well, níl locht a' bith ar Chothromacan Síne na h-Uaire, ach 'sé mo mheas go bhfuil Comhar na gComharsan caithte in aer. D'fheicinnse le mo linn fhéin iad, a's dheamhan ceann oibre dhá mbeitheá a dhéanamh — crapadh an fhoghmhair, a' baint mhóna, ná 'bualadh coirce — nach mbeadh daoine sa mbealach ar a chéile a chongnamh dhuit. Ach dheamhan méitheal a d'fheicfeá in aon-áit anois. Caitheadh an obair sin igcártaí. 'Sé do chloch-neart é, scurach a fhaghail a leigfeadh súgán dhuit, tada leis.
TUILLEADH (1) ▼
Má tá Comhar na gComharsan as gnás, tá Cothromacan Síne na h-Aimsire fós ann, a's beidh go dteighe an saoghal ar suidheachan. Níl aon-duine indon an aimsir a athrú ach Dia, moladh go deo Leis."
+
Uair bhreagh a thiocfas as a' bhfearthainn a's as a' bhfearadh gráin seo, a's ó thiocfas sé ar bhreaghaichte chor a' bith, gheobha tú tamall di. Tá air (aige) uair bhreagh a thabhairt uaidh, go ceann fada anois. Cothromacan Síne na h-Aimsire, nar chuala tú ariamh é.
Dhá mbadh báisteach go Nodlaig é, caithfe sé cothromacan síne na h-uaire a thabhairt uaidh uair eicínt.
TUILLEADH (10) ▼
'Seachain Earrach a' deagh-gheimhridh'. Chuala mé 'chuile lá ariamh é.
Má thagann an geimhreadh go maith, 'san Earrach a thiubhras sé cothromacan síneadh na h-uaire uaidh. Luigheann sé le réasún, mara dtuga sé an droch-aimsir uaidh sa ngeimhreadh, go gcaithfe sí a theacht 'san Earrach.
'Samhradh riabhach, foghmhar grianmhar'. Sin é cothromacan síne na h-uaire. Má bhíonn samhradh fliuch ann, tiocfa an foghmhar thar cíonn. Caithfe sé.
Má chothuigheann sé an ghlas-aimsir seo i bhfad eile, dheamhan 'fhios beo cé'n aimsear bhreagh a thiocfas na diaidh. Deir siad nach bhfuil rud a' bith is siúráilte na cothromacan síne na h-uaire.
Tá faitchios orm, ach grásta Dé má bhriseann an uair bhreagh seo, go dtiocfa seal maith droch-aimsire nó breac-aimsire. D'eireochadh dhó, a's ar thug sé d'aimsir bhreagh uaidh le tamall. Níor tháinic tiormach ariamh nach dtiocfadh cothromacan síne na h-uaire in a dhiaidh.
Caithfe anna breagh eicínt a theacht as an ngairbhshion seo, nó mara dteaga níl cothromacan síne ar bith ann, a's chuala muid ariamh go raibh.
M'anam muise nach raibh aon-chothromacan síne imbliadhna ann, má's shin é do scéal. Nach bhfuil ceann faoi air a' báisteach ó tháinic a' bhliadhain. Dheamhan seachtmhain bhreagh a tháinic as a chéile ó Lá Fheil Brighde seo caithte.
Tá marach eicínt ar a' saoghal nó ar na daoine, a's an chaoi 'bhfuil an uair. B'iongantas é anois, dhá dteagadh lá breagh. Ba mhór i gceist ag sean-daoine cothromacan síne na h-aimsire, ach inDomhnach d'fhéadfaí sneachta a chaitheamh ar a lorg anois.
Deireadh M. Ph. fadó nach raibh rud a' bith chomh 'siúráilte' le cothromacan síne na h-Uaire, ach dhá mbeadh sé básuighthe faoi chéad, deirimse go dtug sé 'éitheach. B'fhurasta ar tháinic de laetheantaí ar foghnamh imbliadhna a chomhaireamh — b'fhurasta sin.
Maran treáll a' bith atá a' bualadh na h-aimsire, dheamhan cothromacan síne a tháinic imbliadhna, ná cuid dhá theacht. Nach in a cithréabachaí atá an aimsir ar fad ó thús na bliadhna.
b.
sásamh nó dioghaltas; cor in aghaidh an chuir; "bíonn muiltí Dé mall, ach meileann siad go mín"; "níl tuile dá mhéad, nach gcaitheann sé an fhad eile a' trághadh"; an t-olc nó'n choir a rinne tú a' teacht ar ais ar do mhéis fhéin chugad.
+
Tá sé fhéin a' faghail cothromacan síne na h-uaire anois, a's m'anam nach bhfuil mise in a dhiaidh air. 'Sé cóir Dé é, a's an cheird a bhí air fhéin, tamall = slat dá thomhas fhéin; an cleas a ghníodh sé fhéin ar dhaoine eile, tá sé 'teacht ar ais ar a mhéis fhéin anois aige.
Chomh uain's a bhí an dá shean-fhear bhochta sin annsin ag béal a' doruis aige, chaith sé a shaoghal a' meabhrú do lucht cuarta chuile bhiorán dá bhféadfaidís a dhéanamh orra(b) a dhéanamh dhóib. Dheamhan duine sa tír anois, nach a' deanamh bioráin air fhéin atá. Níorbh é leath-chóir Dé é, mara dteagadh cothromacan síneadh na h-uaire ar ais air fhéin.
TUILLEADH (7) ▼
Dheamhan mórán díol-truaighe í, má tá sí fhéin a faghail cothromacan síne na h-uaire anois ó bhean a mic. Dheamhan leath-chirt a dhéanfadh sí léithe, dhá mhéad dhá ndéanadh sí uirre, arae mharbhuigh sí fhéin an tsean-bhean bhocht a fuair sí sa teach sin roimpe — máthair an fhir.
Foillseocha Dia É fhéin, ar a' té a dhéanfas an éagcóir. Is iomdha créatúlacht a rinne an diabhlánach sin ar dhaoine bochta, ach tá sé fhéin a' faghail cothromacan síne na h-uaire anois, a's dheamhan mórán cáis ag aon-duine céard a gheobhfas sé, ach oiread.
Bhí 'power' sáthach fada ag an dream sin, a's má bhí fhéin, b'olc iad faoi. Anois tá cothromacan síne na h-uaire a' teacht orra(b) fhéin, a's go dtaga!
Dheamhan mórán scéil a' ceann céadna hébrí cé'n millteanas a dhéanfaidhe air. Nach a' deanamh millteanais a chaith sé fhéin a shaoghal! Ach ní móide go dtaithnigheann leis cothromacan síne na h-uaire a bheith 'teacht ar ais ar fhéin anois!
Mara dtige cothromacan síne na h-uaire ar sa saoghal seo, tá'n chéad saoghal eile roimhe, tús na breithe ag Mac Dé! Níorbh é cóir Dé é, mara gcuirtí peirfhiachaí eicínt air, a's an splíontaidheacht a's an spídeamhlacht a thug sé fhéin do thuille.
M'anam go bhfeicfe tú go dtiubhra an cliamhain cothromacan síne na h-uaire dhó anois, a's má thugann féin is beag a' scéal é, a's an droch-cheann a chaith sé fhéin len' athair bocht.
Is maith an scéaluidhe í an aimsir, a's ní bheadh fhios aghad nach hé cothromacan síne na h-aimsire a thiocfadh ar ais ort fhéin fós.

Cothromacan síne in iontrálacha eile (4)

 
Déanfaidh sé forloch anois. Ní iontas ar bith é, má níonn fhéin agus cho seasta agus a bhí an aimsir leis an fhad seo. Cothromacan síne a mhic ó!
 
B'fhéidir go bhfuightheá deáanna anois. Caithfidh cothromacan síne na h-aimsire a theacht uair eicínt. Ba mhór a b'fhiú dhá n-eiríodh sé as an doininnse hé bí é.
 
Tuilleadh diabhail aice anois. Sin cothromacan síne na h-uaire. Ní raibh sí féin in a deácheann don tsean-bhean a bhí san teach sin roimpe
 
Tuilleadh diabhail agus dúin (deamhain) anois aca! 'Sé a dhéanamh leo é. Tá sé ag teacht ar ais ar a méis féin anois aca. Bíonn cothromacan síne na h-uaire ann adeir siad. Má ghníonn duine an éagcóir, agróchaidh Dia air é luath nó mall