cothromacan
—ainmfhocal, firinscneach
—
cothromacan síne na huaire nó na haimsire. Dea-shíonta agus drochshíonta — uair bhreá, agus drochuair — a bheith meá ar mheá. Má thagann scaitheamh dea-uaire, caithfidh a chomhfhad sin de dhrochuair a theacht aríst, agus a mhalrait. Cúitítear drochuair nó gairfean leis an oiread céanna dea-uaire agus téigle.
a.
+–
"Comhar na gcomharsan agus cothromacan síne na huaire an dá rud is cinntear bith" (leathfhocal) — níl rud ar bith is cinnte ná go gcoinneoidh na comharsana le chéile i gcúrsaí oibre, agus go gcúitítear dea-shíon lena comhfhad nó a cóimhéad de dhrochshín, agus a mhalrait.
Deir na seanfhondúirí gurb iad an dá rud is siúráilte amuigh comhar na gcomharsan agus cothromacan síne na huaire. Well, níl locht ar bith ar chothromacan síne na huaire, ach 'sé mo mheas go bhfuil comhar na gcomharsan caite in aer. D'fheicinnse le mo linn fhéin iad agus dheamhan ceann oibre dhá mbeifeá a dhéanamh — crapadh an fhómhair, ag baint mhóna, ná ag bualadh coirce — nach mbeadh daoine sa mbealach ar a chéile a chúnamh dhuit. Ach dheamhan meitheal a d'fheicfeá in aon áit anois. Caitheadh an obair sin i gcártaí. 'Sé do chlochneart é scorach a fháil a ligfeadh súgán dhuit, tada leis.
TUILLEADH (1) ▼
Má tá comhar na gcomharsan as gnás, tá cothromacan síne na haimsire fós ann, agus beidh go dté an saol ar suíochan. Níl aon duine in ann an aimsir a athrú ach Dia, moladh go deo leis.
+–
Uair bhreá a thiocfas as an bhfearthainn agus as an bhfearadh gráin seo, agus ó thiocfas sé ar bhreáichte chor ar bith, gheobhaidh tú tamall di. Tá air (aige) uair bhreá a thabhairt uaidh go ceann fada anois. Cothromacan síne na haimsire, nár chuala tú ariamh é.
Dhá mba báisteach go Nollaig é, caithfidh sé cothromacan síne na huaire a thabhairt uaidh uair eicínt.
TUILLEADH (10) ▼
Seachain earrach an dea-gheimhridh. Chuala mé chuile lá ariamh é.
Má thagann an geimhreadh go maith, san earrach a thabharfas sé cothromacan síne na huaire uaidh. Luíonn sé le réasún, mura dtuga sé an drochaimsir uaidh sa ngeimhreadh, go gcaithfidh sí a theacht san earrach.
Samhradh riabhach, fómhar grianmhar. Sin é cothromacan síne na huaire. Má bhíonn samhradh fliuch ann, tiocfaidh an fómhar thar cionn. Caithfidh sé.
Má chothaíonn sé an ghlasaimsir seo i bhfad eile, dheamhan a fhios beo cén aimsir bhreá a thiocfas ina diaidh. Deir siad nach bhfuil rud ar bith is siúráilte na cothromacan síne na huaire.
Tá faitíos orm, ach grásta Dé, má bhriseann an uair bhreá seo go dtiocfaidh seal maith drochaimsire nó breacaimsire. D'éireodh dhó agus ar thug sé d'aimsir bhreá uaidh le tamall. Níor tháinig triomach ariamh nach dtiocfadh cothromacan síne na huaire ina dhiaidh.
Caithfidh ana breá eicínt a theacht as an ngairfean seo, nó mura dteaga, níl cothromacan síne ar bith ann, agus chuala muid ariamh go raibh.
M'anam muise nach raibh aon chothromacan síne i mbliana ann, más in é do scéal. Nach bhfuil ceann faoi air ag báisteach ó tháinig an bhliain. Dheamhan seachtain bhreá a tháinig as a chéile ó Lá Fhéil Bríde seo caite.
Tá marach eicínt ar an saol nó ar na daoine agus an chaoi a bhfuil an uair. B'iontas é anois dhá dteagadh lá breá. Ba mhór i gceist ag seandaoine cothromacan síne na haimsire, ach i nDomhnach, d'fhéadfaí sneachta a chaitheamh ar a lorg anois.
Deireadh M. Ph. fadó nach raibh rud ar bith chomh siúráilte le cothromacan síne na huaire, ach dhá mbeadh sé básaithe faoi chéad, deirimse go dtug sé a éitheach. B'fhurasta ar tháinig de laethantaí ar fónamh i mbliana a chomhaireamh — b'fhurasta sin.
Muran treall ar bith atá ag bualadh na haimsire, dheamhan cothromacan síne a tháinig i mbliana, ná cuid dhá theacht. Nach ina círéabachaí atá an aimsir ar fad ó thús na bliana.
b.
sásamh nó díoltas; cor in aghaidh an choir; bíonn muiltí Dé mall, ach meileann siad go mín; níl tuile dá mhéad, nach gcaitheann sé an fhad eile ag trá; an t-olc nó an choir a rinne tú ag teacht ar ais ar do mhéis fhéin chugat.
+–
Tá sé fhéin ag fáil cothromacan síne na huaire anois, agus m'anam nach bhfuil mise ina dhiaidh air. 'Sé cóir Dé é agus an cheird a bhí air fhéin tamall — slat dá thomhas fhéin; an cleas a ghníodh sé fhéin ar dhaoine eile, tá sé ag teacht ar ais ar a mhéis fhéin anois aige.
Chomhuain is a bhí an dá sheanfhear bhochta sin ansin ag béal an dorais aige, chaith sé a shaol ag meabhrú do lucht cuarta chuile bhiorán dá bhféadfaidís a dhéanamh orthub a dhéanamh dhóibh. Dheamhan duine sa tír anois nach ag déanamh bioráin air fhéin atá. Níorbh é leathchóir Dé é mura dteagadh cothromacan síneadh na huaire ar ais air fhéin.
TUILLEADH (7) ▼
Dheamhan mórán díol trua í, má tá sí fhéin ag fáil cothromacan síne na huaire anois ó bhean a mic. Dheamhan leath an chirt a dhéanfadh sí léithe, dhá mhéad dhá ndéanadh sí uirthi, arae mharaigh sí fhéin an tseanbhean bhocht a fuair sí sa teach sin roimpi — máthair an fhir.
Foilseoidh Dia é fhéin ar an té a dhéanfas an éagóir. Is iomaí créatúlacht a rinne an diabhlánach sin ar dhaoine bochta, ach tá sé fhéin ag fáil cothromacan síne na huaire anois, agus dheamhan mórán cáis ag aon duine céard a gheobhas sé ach oiread.
Bhí power sách fada ag an dream sin, agus má bhí fhéin, b'olc iad faoi. Anois tá cothromacan síne na huaire ag teacht orthub fhéin, agus go dtaga!
Dheamhan mórán scéil an ceann céanna hé brí cén millteanas a dhéanfaí air. Nach ag déanamh millteanais a chaith sé fhéin a shaol! Ach ní móide go dtaitníonn leis cothromacan síne na huaire a bheith ag teacht ar ais ar fhéin anois!
Mura dtige cothromacan síne na huaire ar sa saol seo, tá an chéad saol eile roimhe, tús na breithe ag Mac Dé! Níorbh é cóir Dé é, mura gcuirtí peiriachaí eicínt air, agus an splíontaíocht agus an spídiúlacht a thug sé fhéin do thuilleadh.
M’anam go bhfeicfidh tú go dtabharfaidh an cliamhain cothromacan síne na huaire dhó anois, agus má thugann féin, is beag an scéal é agus an droch-cheann a chaith sé fhéin lena athair bocht.
Is maith an scéalaí í an aimsir agus ní bheadh a fhios agat nach é cothromacan síne na haimsire a thiocfadh ar ais ort fhéin fós.
cothromacan in iontrálacha eile (4)
Déanfaidh sé forlach anois. Ní iontas ar bith é má níonn fhéin agus chomh seasta agus a bhí an aimsir leis an fhad seo. Cothromacan síne a mhic ó!
→
dea-ana
B'fhéidir go bhfaightheá dea-ana anois. Caithfidh cothromacan síne na haimsire a theacht uair eicínt. Ba mhór ab fhiú dhá n-éiríodh sé as an doininnse hé bí é.
Tuilleadh diabhail aici anois. Sin cothromacan síne na huaire. Ní raibh sí féin ina dea-cheann don tseanbhean a bhí sa teach sin roimpi
→
déan le
Tuilleadh diabhail agus dúin (deamhain) anois acu! 'Sé a dhéanamh leo é. Tá sé ag teacht ar ais ar a méis féin anois acu. Bíonn cothromacan síne na huaire ann adeir siad. Má ghníonn duine an éagóir, agróidh Dia air é luath nó mall