—
carcair nó láithreachán droighin, sceach gheal, nó catóg muine dhriseachaí a bheadh cairthighthe amach; breaclach sceachach.
+–
Tá crígh dhriseachaí ann.
Tá brocach istigh i lár na críche sin.
TUILLEADH (13) ▼
Tá na crícheannaí (crigheannaí) sin druidthe le coiníní.
Dheamhan goir a bheadh ag madadh 'bith iad a leanacht isteach is na crígheannaí sin. Tá siad ro-achrannach a's ro-choiligneach.
Tá'n coinicéar istigh i gceartlár na críche. Coinicéar dhubhshlánach í freisin. Do chumhachta cinn, ní thiubharfadh aon-choinín aiste.
Tá na driseachaí siúd a' cairthiú amach, ar fud a' gharrdha. Is gearr go mbí crích dhiabhalta ann, mara dteightear rómpa in am.
Tá a chuid talmhana faoi chrícheannaí as cnáimh éadain.
Níorbh fhlearr do dhuine am a's congnamh le na réidhteach.
Tá sé chomh cantalach le crích dhriseachaí.
Tá mo chuid éadaigh stiallta, a's mo chraiceann roistighthe ag na crícheannaí bradacha sin siar. Dheamhan tada uaibhreach i mBaile an Gh. ach driseachaí a's droighean!
Thárluigh an Púca leis é, a's chaith sé isteach i gcrích mhóir annsin thiar in íochtar Sh. Ú. é. Badh shin í an 'mharcuigheacht go Gaillimh a's cead siubhal abhaile' ar chuma ar bith. Deir siad go raibh sé míllte gearrtha ar a theacht abhaile dhó.
Dheamhan crích ná tom ar a' mbaile nar casadh orainn! Is ait a chruthuigh muid a's ar mbealach a dheanamh chor ar bith, a's chomh dubh a's bhí an oidhche.
Ba mhaith an dóigh a dhul a' coinnleoireacht anocht 'sna crícheannaí sin síos. Lonnuigheann a' saoghal bráthach éanachaí ionnta(b) anois.
Tá a bhfuil de chrícheannaí annsin beo beithidheach le coiníní, ó leig mise as an gconfairt.
'Beirimse mo mhallacht' adeir sé 'do chrícheannaí an T.', a's bhí ughdar aige. Deir siad dheamhan snáth éadaigh a bhí air, ach streachlán de léine ar a theacht amach ar a' mbóthar dó.
Crích in iontrálacha eile (50+)
→
carcair
Tá sé in am aige, feasta an charcair mhór d'inghin sin aige, a chur i gcrích, ach chuile sheans, go bhfuil sé 'cínnt air aon-fhear a dheanamh amach di. Tá'n dream siúd mór ionnta(b) fhéin.
Fagh staic de mhaide a's fód coise go dteigheamuid a' coinnleoireacht 'sa gcrích driseachaí atá thiar sa 'mBrocaigh'.
→
baile
Chuirfeadh fear imbaile an baile thrídh 'na chéile. Chuirfeadh, a's dhá chrích Mhuire, nuair a bheadh oiread de'n chatmara air, a's go mbeadh sé 'cothú achrainn i gcomhnuidhe.
+
→
críoch
Crígh Fódla, Crígh Banban, Crígh Mhuire, Dhá Chrích Mhuire, Crígh Fáil, An Chrígh Dhubh (ainm baile fearainn, ach b'fhéidir gur (v) réamhráidhte atá i gceist annseo. Tá neart acu ann, ar aon-nós!).
TUILLEADH (37) ▼
Níl aon-fhear i gCrích Banban indiu is measa ná is uilce ná é.
Ní chuirfeadh a bhfuil de mhaighistirí scoile i gCrích Fáil, aon-cheo foghluime isteach in a cheann-sin. B'fhearr leigean dó ar fad.
Chuirfeadh sé dhá Chrích Mhuire thrídh na chéile le na chuid cumadóireacht' = chuirfeadh sé an baile, nó'n tír a' troid; dhéanfad sé dhá mhuinntir d'aon-dream le na chuid bréag.
Níl guth 'bith aghainn ar a' nathuigheadóirín sin. Tá'n oiread gnaithí aige, a's go gcuirfead sé dhá Chrích Mhuire in árachaí a chéile, a's thiocfad sé féin saor as a' tromfhásc.
Dheamhan righeachan a' bith le M. Dhá dtugtaí aon-áird ar a chuid cíble, chuirfeadh sé dhá Chrích Mhuire in adhar a chochaill, de ghrádh magadh a's gáiridhe a dhéanamh fútha(b) aríst, é fhéin.
M'anam muise go bhfuil ceann a' réidhtigh istigh anois, ceann a chuirfeadh Crích Mhuire de dhruim seoil, in achar gearr. = fear cothuighthe achrainn críochnuighthe é an té atá istigh anois.
Chuirfeadh an ceann céadna Crích Mhuire thrídh 'na chéile le neart bréag, a's mhionnochthá 'na dheidh sin, mara mbeadh aithne aghad air, gurab í clár na fírinne a bheadh aige le 'chuile fhocal.
Ní sa gcainnt a chaill sé sin é ar chuma ar bith. Tá'n oiread cainnte aige, a's a chuirfeadh dhá Chrích Mhuire thrídh na chéile.
Ar chuir tú do chúis i gcrích? = i gcion; ar eirigh leat? a' bhfuair tú an rud a bhí tú a iarraidh?
Tá a chlann inghean fré chéile i gcrích aige.
Fágadh in a baintreabhaigh í, a's a h-áilín ar fad ar aon-chéill, a's inDomhnach is maith a chruthuigh sí a's iad uilig a chuir i gcrích — a's igcrích faoi shlacht!
M'anam má tá siad i gcrích, nach aon-spré a bhí an t-athair indon a thabhairt dóibh a d'fhága igcrích iad, nach hé sin. Dheamhan luach a bhéilidhe a chonnaic muide ariamh aige. Ach ba mná piocamhla triollúsacha na gearrchaileadha fhéin, a's níor mhór dhóib sin, ar shon an leaduidhe is athair dóib.
Tá cumaoin in áithrid duit sa teach sin, muis, má theigheann tú ann. Ach d'eireochadh dhóib. Nach bhfuil 'dís ban óg', mar deir a' t-amhrán le cur i gcrích ann fós, a's cá bhfaigheadh duine aca(b) fear is feilmheanaighe ná's puinnteáilte, ná thú fhéin bail ó Dhia ort!
Níl ann anois ach M. siúd — craitheadh an tsacáin, a's tiocfa sí sin, í fhéin, i gcrích go goirid.
Tá siad i gcrích uileag aice anois, cé's moite de'n inghin is óige, ach is deacair í sin a shású faoi fhear. Ní mór léithe an togha a fhaghail.
Chuaidh sí ó chrích = níor cuireadh i gcrích í; níor phós sí (bíonn sé igceist freisin leis, go dtiocfadh "cuileann gan dóghadh" le bean; ach is annamh é. "Cuireadh ó chrích í", is mó adeirtear leis sin).
Mara bhfuil mé ag dul amudha go mór, is bean í sin a thiocfas (rachas, ghabhfas) ó chrích. Bhí neart le faghail aice, ach níor thapuigh sí a deis. A' dréim le buic mhóra a bhí sí igcomhnuidhe, a's gan aon-áird aca(b) sin uirre. Anois, tá sí fágtha ar a' tráigh thirm.
Níl fhios agham céard a bhain di chor a' bith a dhul ó chrích, mar chuaidh sí. Deir siad, go mbadh bean óg chomh breagh í, a's a d'fheicfeá in do shiubhal lae. Tá a chomharthaidheacht le na cois, freisin. Tá sí indiu a's an lá sin amhla.
Níl sí ó chrích fós, aindeoin go bhfuil sí amach go maith 'sna déaga a's fiche. Gheobha sí cráinfhear mór Achréidh; gan aon-choisméig siubhail, a gcinnfe air aon-bhean 'fhaghail is na bólaí s'aige fhéin.
A cuid leithid a's postamhlacht' fhéin a d'fhága ó chrích í, a's ní hé a mhalrait.
Is maith a chruthóchas sí nó tiocfa sí ó chrích. Ní hé a mhalrait dhe chosamhlacht atá uirre anois. Tá'n ghrian a' dul siar a's gan aon-fhear dhá h-iarraidh.
Chuir sé ó chrích í = chionntuigh sé léithe, a's níor phós sé í.
'Níor chliú dhuit mé a chur ó chrích' (líne d'amhrán).
Ní cliú a' bith de dhuine gearrchaile mar sin a chur ó chrích.
Tá sí curtha ó chrích go bráth aige anois, an scaibhtéara.
Tá ceann eile ann a cuireadh ó chrích fadó an lá. Fear as G. a bhí tugtha síos léithe.
Ní fhéadfadh a' t-ádh a bheith ar aonduine mar sin a chuirfeadh gearrchaile bocht a' bith ó chrích.
Chionntuigh sé léithe, a's chuir sé ó chrích í.
Tá sí curtha ó chrích anois ar chuma 'r bith. InDomhnach chuaidh cuileann gan dóghadh léithe, ní dhá roinnt léithe é!
Shílfeá go mbeadh náire air é fhéin a thabhairt le teasbánadh as comhair duine ar bith, th'éis bean a chur ó chrích.
Dhá ba aonduine eile a chuirfeadh bean ó chrích mar sin, d'imtheochad sé indiaidh a chinn roimhe, a's dheamhan a chos a thaobhóchadh an baile go deo aríst. Ach dheamhan a dhath náire ar siúd.
Nuair nach bhfuil sé sin leaighte le eascainidhe, a's a liachtaighe bean ó chrích aige, ní dhá roinnt leis é! = is iongantach nach bhfuil sé leaighte ag eascainidhe a liacht bean a's a chur sé le fán a' tsaoghail.
'Séard a bhí le deanamh le na leithide sin, a chuirfeadh bean ó chrích a's ó rath, breith air a's bró-mhuilinn a chur faoi na mhuineál, a's é 'chaitheamh amuigh ar a' bhfeath mhóir. Bheadh sé sáthach maith aige, a's ro-mhaith — an bitheamhnach.
Nár theighe ó chrích ach í! (eascainidhe).
Nár theighe ó chrích ach í gan dochar gan díoghbhail dúinne, ná dhár nduine fhéin!
Bhí fhios agham, gur ó chrích a cuirfidhe í sa deire, a's an súnás a bhí uirre. 'Sí a bhí leigthe léithe fhéin, gan ceannús ceann a' bith!
Ba bheag an áird a bhí aice sin ar chomhairle athar ná máthar, ach deanamh mar a thogair sí fhéin. Beidh a shliocht uirre anois. InDomhnach b'fhéidir go gcaoinfead sí fhéin sin anois, a's í ó chrích go bráth.
Ó tarraingeadh anuas cúrsaí pósta, níor mhian leis moill a' bith a dhéanamh ní ba mhó. Shíl sé chreidim — a's ba mhaith an síleachtáil dó é, arsa tusa — nachar áit buaile ná sean-bhaile a' bith dhó, teach a bhfuil triúr inghean le cur i gcrích ann fós.
→
buadán
Teastuigheann buadán uait anois! Tuilleadh diabhail agad — croisim aríst tú! — dubhairt mé leat fanacht amach ó'n gcrích dhriseachaí sin, a's sin é bhfuil dhá bharr agad anois. Má chuirimse aithne aríst ort, tiubhra tú áird orm, feicfe tú fhéin! = gasúr a chuaidh isteach igcrích dhriseachaí thar aithne a mháthar, a's bhí a chosa roistí (roiste) ag na driseachaí.
→
buail ar
Is maith a bheidheas sé ar a mhaidí, nó buailfe S. M. duine dhá chlann inghean air. Tá seisear aca(b) annsiúd aige, a's macnas orra(b) gan a bheith i gcrích.
+
→
buail
Bhuail na Fianna tír i gcrích Lochlainn.
TUILLEADH (1) ▼
Tá'n casán buailte siar uileag thríd an gcrích dhriseachaí.