Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
crígh
ainmfhocal, baininscneach
carcair nó láithreachán draighin, sceach gheal, nó catóg muine dhriseachaí a bheadh caithrithe amach; breaclach sceachach.
+
Tá crígh dhriseachaí ann.
Tá brocach istigh i lár na críghe sin.
TUILLEADH (13) ▼
Tá na crígheannaí sin druidte le coiníní.
Dheamhan gair a bheadh ag madadh ar bith iad a leanacht isteach sna crígheannaí sin. Tá siad ró-achrannach agus róchoilgneach.
Tá an coinicéar istigh i gceartlár na críghe. Coinicéar dhúshlánach í freisin. Do chumhachta cinn, ní thabharfadh aon choinín aisti.
Tá na driseachaí siúd ag caithriú amach ar fud an gharraí. Is gearr go mbí crígh dhiabhalta ann mura dtéitear rompu in am.
Tá a chuid talúna faoi chrígheannaí as cnáimh éadain.
Níorbh fholáir do dhuine am agus cúnamh lena réiteach.
Tá sé chomh cantalach le crígh dhriseachaí.
Tá mo chuid éadaigh stiallta agus mo chraiceann roistithe ag na crígheannaí bradacha sin siar. Dheamhan tada uaibhreach i mBaile an Gh. ach driseachaí agus draighean!
Tharlaigh an Púca leis é agus chaith sé isteach i gcrígh mhóir ansin thiar in íochtar Sh. Ú. é. Ba in í an mharcaíocht go Gaillimh agus cead siúl abhaile ar chuma ar bith. Deir siad go raibh sé millte gearrtha ar a theacht abhaile dhó.
Dheamhan crígh ná tom ar an mbaile nár casadh orainn! Is ait a chruthaigh muid agus ár mbealach a dhéanamh chor ar bith agus chomh dubh agus a bhí an oíche.
Ba mhaith an dóigh a dhul ag coinnleoireacht anocht sna crígheannaí sin síos. Lonnaíonn an saol brách éanachaí iontub anois.
Tá a bhfuil de chrígheannaí ansin beo beithíoch le coiníní ó lig mise as an gconairt.
'Beirimse mo mhallacht,' adeir sé, 'do chrígheannaí an T.', agus bhí údar aige. Deir siad dheamhan snáth éadaigh a bhí air ach streachlán de léine ar a theacht amach ar an mbóthar dó.

Féach freisin

dris

crígh in iontrálacha eile (8)

+
Crígh Fódla, Crígh Banbhan, Crígh Mhuire, Dhá Chrígh Mhuire, Crígh Fáil, An Chrígh Dhubh (ainm baile fearainn, ach b'fhéidir gur 6 atá i gceist anseo. Tá neart acu ann, ar aon nós!)
TUILLEADH (5) ▼
M'anam muise go bhfuil ceann an réitigh istigh anois, ceann a chuirfeadh Crígh Mhuire de dhroim seoil in achar gearr — fear cothaithe achrainn críochnaithe é an té atá istigh anois.
Chuirfeá Crígh Mhuire thrína chéile le do chuid ealaíne agus cainte. Breá nach bhféadfá foras a dhéanamh uair eicínt, agus gan a bheith ar aon táirm amháin i gcónaí.
Chuirfeadh an ceann céanna Crígh Mhuire thrína chéile le neart bréag, agus mhionnofá ina dhiaidh sin, mura mbeadh aithne agat air, gurb í clár na fírinne a bheadh aige le chuile fhocal.
Dheamhan baile a mbeidh an bhean sin istigh air nach baile reicthe é. Tá sí in ann Crígh Mhuire a chur thrína chéile, ag seadú scéalta agus ag tarraingt anuas seansíomálachaí a bhí fadó an lá ann. Dheamhan beirt ar an mbaile seo nach ag maslú a chéile atá, chuile ré solais, agus is ise is ciontach leis ó thús deireadh go tosaigh.
M'anam muise, má thagann, gur beag an ghairm a bheas anseo roimhe. Ní éadáil mhór ar bith é sin a bheith i bhfad ar an mbaile. Chuirfeadh sé Crígh Mhuire in árachaigh a chéile.
 
Chuirfeadh sé sin crígh Mhuire thrína chéile ag déanamh aibéise de dhaoine
 
dris
Dhá bhfaighteá crígh a mbeadh driseachaí stalcánta inti 'siad a d'fheilfeadh duit faoi chomhair an tsimléir