Crúbáin
—ainm-fhocal, iolraidh
—
"cúilíní beaga le claise an tsrotha a bheadh ingreamudhas dhá chéile ar fad". cineál ladhar nó ladhróg thalmhana.
+–
Tá crúbáin thíos le claise an tsrotha.
Ná bac le na crúbáin sin thíos a scaradh faoi láthair, arae níl fhios agadsa, céard a bhainea(nn)s (dh)óib.
TUILLEADH (10) ▼
Caithfe mé na crúbáin sin a shocrú = cóir chuir a chur orra leis an láighe; na clascannaí ionnta a dhíriú amach.
Tá na crúbáin iochtaracha siúd ar fad faoi uisce. Sceiththeann siad igcomhnuidhe le lán-mhara rabharta.
Chaithfeá na crúbáin sin a fhágáil ann, arae tá íochtar a' chúil ro-fhliuch, a's mara bhfágtar neart bealaigh ag an uisce aníos ó chlaise an tsrotha, d'eireochadh a' fuarloch ar na h-íochtair as éadan, a's bheadh a' cur ó mhaith.
Níl fhios agadsa anois, le na h-iomrachaí sin a tharraingt amach as a n-íochtar. Fágtar crúbáin annsin, a's ní mó ná mé fhéin atá indon a dhéanta.
Tá fataí maithe ar na h-uachtair, ach maidir le na h-iochtair, a's le na crúbáin eile siúd, tá siad lobhtha fré chéile orra(b).
Beidh iarracht maith againn ar thaobh ó thuaidh gharrdha an chladaigh imbáireach faoi na bheith slán dhuinn. Tá sé deargtha againn cheana soir chomh fada le na crúbáin, a's ní aireocha muid a' méid eile, má fhaghann muid freastal.
Is gearr a' mhoill a bheadh orm a' cúl 'fhódú, marach na crúbáin sin. Ach bíonn siad sin meathta thar na h-iomrachaí díreacha.
Tá na crúbáin siúd deacair, arae tá siad in a moirt le uisce, a's tá sreangannaí broimfhéir ionnta(b), a's fhobair go gcinnfeadh sé ort an láighe a chur thríotha(b) chor a' bith.
Is beag a' tairbhe a bheidheas agad ar na crúbáin fhliucha sin, ar aon-nós. D'eirigh an tuile mhór orrab, faoi Bhealtaine.
Ní mórán le gur bhfiú do dhuine síolta a chuir (cur) amudha chor a' bith le na sean-chrúbáin bhradacha sin, marach go mbeadh leisce ort iad 'fhágáil 'do dhiaidh.
Crúbáin in iontrálacha eile (4)
+
Tá ceann-fhearann (ceann-fhearainn) ann = an leath-fhód le claidhe; an chiúiseóg a fhanas timpeall le claidhe gan treabhadh nó gan cur i bpáirc. Ach in Iarthair na Gaillimhe (le farraige. Tá an chiall réamhráite i Muigh Cuilinn agus inGnó Mhór) tugtar amanntaí é, ar na cúilíní beaga — agus iad ingreamús dá chéile — a bhíos in aice le claise an tsrotha nó le claidhe san áit nach dteigheann na hiomrachaí díreach. Sórt ladhrógaí nó crúbáin iad. Idtalamh nach dtreabhtar ní fhágtar mórán de chiúiseóig le claidhe ann, agus b'fhéidir gur ingeall air sin a haistríodh an t-ainm. Na daoine a thugas "ceann-fhearann" ar áiteachaí mar seo, "an leath-fhód le claidhe" a thugas siad ar an "headland" féin
TUILLEADH (1) ▼
An dtarraingeóidh tú amach in a gceann-fhearann iad annseo. Bheadh sé cho maith na hiomrachaí a leigean síos in a ladhrógaí go dtí claise an tsrotha. Déanfamuid crúbáin ann
→
bruach
Ní leagfa mé bruach a' bith ar na crúbáin fhliucha sin thíos le claise an tsrotha. Spréidhfe mé amach iad, mar tá siad.
→
deilbh 1
Dá mbeinn réidh le 'chuile dheilbh eile go dtí an churaidheacht, ní leath-anró í sin a dhéanamh. Ach bíonn duine meathta ag dul i dtráigh, agus ag tógáil clascannaí agus ag biorrú claidheachaí, agus ag déanamh crúbáin