crúbáin
—ainmfhocal, iolra
—
cúilíní beaga le claise an tsrutha a bheadh i ngreamús dhá chéile ar fad. Cineál ladhar nó ladhróg thalúna.
+–
Tá crúbáin thíos le claise an tsrutha.
Ná bac le na crúbáin sin thíos a scaradh faoi láthair, arae níl a fhios agatsa céard a bhaineanns dhóibh.
TUILLEADH (10) ▼
Caithfidh mé na crúbáin sin a shocrú — cóir chuir a chur orthu leis an láí; na clascannaí iontu a dhíriú amach.
Tá na crúbáin íochtaracha siúd ar fad faoi uisce. Sceitheann siad i gcónaí le lán mhara rabharta.
Chaithfeá na crúbáin sin a fhágáil ann, arae tá íochtar an chúil rófhliuch, agus mura bhfágtar neart bealaigh ag an uisce aníos ó chlaise an tsrutha, d'éireodh an fuarlach ar na híochtair as éadan agus bheadh an cur ó mhaith.
Níl a fhios agatsa anois, le na hiomrachaí sin a tharraingt amach as a n-íochtar. Fágtar crúbáin ansin, agus ní mó ná mé fhéin atá in ann a dhéanta.
Tá fataí maithe ar na huachtair, ach maidir le na híochtair agus le na crúbáin eile siúd, tá siad lofa fré chéile orthub.
Beidh iarracht maith againn ar thaobh ó thuaidh gharraí an chladaigh amárach faoina bheith slán dhúinn. Tá sé deargtha againn cheana soir chomh fada le na crúbáin, agus ní aireoidh muid an méid eile má fhaigheann muid freastal.
Is gearr an mhoill a bheadh orm an cúl a fhódú murach na crúbáin sin. Ach bíonn siad sin meata thar na hiomrachaí díreacha.
Tá na crúbáin siúd deacair, arae tá siad ina moirt le uisce agus tá sreangannaí broimfhéir iontub, agus fhóbair go gcinnfeadh sé ort an láí a chur thríothub chor ar bith.
Is beag an tairbhe a bheas agat ar na crúbáin fhliucha sin ar aon nós. D'éirigh an tuile mhór orthub faoi Bhealtaine.
Ní mórán le gurbh fhiú do dhuine síolta a chur amú chor ar bith le na seanchrúbáin bhradacha sin, murach go mbeadh leisce ort iad a fhágáil i do dhiaidh.
crúbáin in iontrálacha eile (3)
An dtarraingeoidh tú amach ina gceannfhearann iad anseo? Bheadh sé chomh maith na hiomrachaí a ligean síos ina ladhrógaí go dtí claise an tsrutha. Déanfaidh muid crúbáin ann
→
bruach
Ní leagfaidh mé bruach ar bith ar na crúbáin fhliucha sin thíos le claise an tsrutha. Spréidhfidh mé amach iad mar atá siad.
→
deilbh 1
Dá mbeinn réidh le chuile dheilbh eile go dtí an churaíocht, ní leathanró í sin a dhéanamh. Ach bíonn duine meata ag dul i dtrá, agus ag tógáil clascannaí, agus ag biorú claíochaí, agus ag déanamh crúbáin