—
a' bladar; a' bladaireacht; a bheith lághach, bladarach le duine, i riocht's go bhféadfá é 'mhealladh, nó rud eicínt a fhaghail uaidh, dalladh-mullóg a chuir air, é 'fhaghail leat ar sheol na braiche, nó a leitheid.
+–
Tá sé 'dhá chuachadh suas = a' bladaireacht leis le rud eicínt a mhealladh uaidh.
Cuachfa sí sin suas a' tsean-bhean, má airigheann sí brabach a' bith thimcheall uirre.
TUILLEADH (9) ▼
Dheamhan maith a bheadh dhuit a bheith 'cur chomhairle ar a' gceann seo. Tá sé cuachta suas ag A. 'Sí atá deas air.
Má thugann tú éisteacht a' bith di siúd, tá sí spleodrach, chomh pléascánta, a's go gcuachfa sí suas thú; Fainic thú fhéin uirre.
B'fhurasta aithinte, marach go raibh an ceann seo cuachta suas go maith aige, nach dtiubhrad sé aon-lá isteach dhó.
Chuach sé suas M. seo amuigh, le fuisce a's bladaireacht, a's dheamhan a chos nach ndeacha in éindigh leis. Dhá mbeadh breith ar 'aithmhéala aige, b'fhada uaidh a d'fhanfad sé, ach caithfe an dithcéille féin a bheith ann, arsa tusa.
Ba mhaith uaithe sin daoine a chuachadh suas roimhe seo, le laetheanta oibre a thabhairt di, ach dheamhan mórán áird' ag aonduine anois uirre. Fuair 'chuile dhuine amach, cé hí fhéin.
Dheamhan a chos ná a chnáimh sin a phósfadh an inghean go deo, marach go dtugaidís 'na tighe é, a's gur chuach siad suas le ól, a's le galántacht é.
Oibrighead sé leis anois, ar a rogha caoi. Tá mo theanga caithte agam, a' cur chomhairle air, a's ag iarraidh air fanacht as sin, a's 'sé'n chás amháin dom é. Ar a' dá luath a's a gcasfa duine aca(b) leis aríst, cuachfa sin suas é, a's meallfa siad isteach é.
Nach furasta cuid de na daoine a chuachadh suas. Dheamhan ann ach labhairt leo, a's cuirfe duine 'bith dallach dubh orra(b)!
Má thug sé mórán áirde uirre siúd, chuach sí suas é, ar ais aríst. Dhá mbeadh aon-splannc fir ann, ní thaobhóchad sé í, níos mó
·
Má tá indán's go ndéanfa fuisce, a's bladaireacht é, cuachfa siad aríst é.