—
ag bladar; ag bladaireacht; a bheith lách, bladrach le duine, i riocht is go bhféadfá é a mhealladh nó rud eicínt a fháil uaidh; dalladh mullóg a chur air, é a fháil leat ar sheol na braiche, nó a leithéid.
+–
Tá sé dhá chuachadh suas — ag bladaireacht leis le rud eicínt a mhealladh uaidh.
Cuachfaidh sí sin suas an tseanbhean má airíonn sí brabach ar bith thimpeall uirthi.
TUILLEADH (9) ▼
Dheamhan maith a bheadh dhuit a bheith ag cur chomhairle ar an gceann seo. Tá sé cuachta suas ag A. 'Sí atá deas air.
Má thugann tú éisteacht ar bith di siúd, tá sí spleodrach, chomh pléascánta agus go gcuachfaidh sí suas thú. Fainic thú fhéin uirthi.
B'fhurasta a aithinte, murach go raibh an ceann seo cuachta suas go maith aige, nach dtabharfadh sé aon lá isteach dhó.
Chuach sé suas M. seo amuigh le fuisce agus bladaireacht agus dheamhan a chos nach ndeachaigh in éindí leis. Dhá mbeadh breith ar a aiféala aige, b'fhada uaidh a d'fhanfadh sé, ach caithfidh an díth céille féin a bheith ann, arsa tusa.
Ba mhaith uaithi sin daoine a chuachadh suas roimhe seo le laethanta oibre a thabhairt di, ach dheamhan mórán airde ag aon duine anois uirthi. Fuair chuile dhuine amach cé hí fhéin.
Dheamhan a chos ná a chnáimh sin a phósfadh an iníon go deo, murach go dtugaidís 'na tí é, agus gur chuach siad suas le ól agus le galántacht é.
Oibríodh sé leis anois ar a rogha caoi. Tá mo theanga caite agam ag cur chomhairle air, agus ag iarraidh air fanacht as sin, agus is aon chás amháin dom é. Ar an dá luath agus a gcasfaidh duine acub leis aríst, cuachfaidh sin suas é agus meallfaidh siad isteach é.
Nach furasta cuid de na daoine a chuachadh suas. Dheamhan ann ach labhairt leo agus cuirfidh duine ar bith dallach dubh orthub!
Má thug sé mórán airde uirthi siúd, chuach sí suas é ar ais aríst. Dhá mbeadh aon splanc fir ann, ní thaobhódh sé í níos mó
·
Má tá i ndán's go ndéanfaidh fuisce agus bladaireacht é, cuachfaidh siad aríst é.
cuach in iontrálacha eile (24)
→
fáinne
Tá sacghadhair fút ar chaoi ar bith. Níor chomaoin dóibh a dhul i mbarr do chúig ort — cúig do láimhe dhéanta srl. B'fhéidir go gcaithfeá rud eicínt astu (.i. go mbeadh mámh eicínt in do láimh chártaí) … Fáinne óir ort! Mo chuach ansin thú! Tá banríon Hairt ina leannán agat, ach dar príosta d'fhóin sí dhuit an babhta sin.
+
Bíonn an chaolóid (chaológ) riabhach i gcónaí i ndiaidh na cuaiche.
TUILLEADH (6) ▼
Ní fhágann an chaolóid riabhach an chuach chor ar bith, ach dhá tíolacan, agus ag soláthar di. Níl a fhios agam féin an ndéanann sí imirce léithe amach faoi na tíre (tíortha, tíríochaí) coimhthíocha nó nach ndéanann. Feictear dhom nach bhfaca mé ariamh í, ach nuair a bheadh an chuach ann.
Ní fhágann sé M. chor ar bith, ach an oiread is fháganns an chaolóid riabhach an chuach. Is maith atá sé dhá saothrú an duine bocht agus ní móide gur fiú an tairbhe an trioblóid (fear a bhí ag caitheamh a bhróga le bean).
Ó an chaolóid riabhach i ndiaidh na cuaiche, sin é an chaoi a bhfuil sí sin leis
Dheamhan samhail atá le tabhairt di fhéin agus don tseanbhean anois, ach an chaolóid riabhach agus an chuach. Ach m'anam nach ar mhaithe leis an tseanbhean atá C. ag cothú na coise aici, ach féint a n-éireodh brabach ná solamar ar bith léithe.
Céard atá an geoisteamán sin a dhéanamh soir an ea! Muise nach dall an mhaise dhuit é. An bhfaca tú an chuach ariamh gan an chaológ riabhach a fheiceáil ina searrach i ndiaidh gearráin ina diaidh aniar? Agus dheamhan blas í ach ag magadh — ag deargmhagadh — faoi.
Tá S. anois mar a bheadh an chaolóid riabhach i ndiaidh na cuaiche. Dheamhan gair ag an D. a chois a chur amach as an teach, nach bhfuil sí imithe dhá shiúl ionsaí ina dhiaidh. Agus mura bhfuil mearbhall mór ormsa, dheamhan gnaoi ar bith ag an D. uirthi.
Mo chuach ansin thú! Is agat atá an ghnaithe breith ar an gclochneart, bail ó Dhia ort.
→
coraice
Gearrógaí dubha na Nollag, coraice dhubh na bliana, laethantaí na riabhaí, gairfean na gcuach, agus gaoth rua na Féile Sin Seáin — sin iad a chuireanns cruit ar an seaneallach. 'Siad, agus ar an duine fhéin go minic.
→
breá
"Nach trua mé anois ag scaradh leat teacht na huaire breá; Nuair a bheas an chuach ag gairiúint, agus an duilliúr glas ag fás" (As Bríd Ní Ghadhra)
→
aer
Deir siad gurb é 'gairfean na cuaiche a chuir in aer í — dúradh i ngreann faoi sheanbhó a bhí ar a cailleadh le fada. Ní bhíonn mórán gangaide i ngairfean na cuaiche agus dhá mbeadh seasamh ceatha ar bith inti, thiocfadh sí uaidh
→
buail ar
Níl inti ach bás ar sliobarna. Is maith a chruthós sí, má sháraíonn sí gairfean na cuaiche! Dhá bheachtaithe dhá raibh sé, buaileadh air í ina dhiaidh sin.
→
fuin
As fianaíocht agus as amhráin a fuineadh agus a fáisceadh é. Thug sé leis iad ó chuile thaobh. Ní raibh aon rianóir le fáil ab fhearr ná a athair, agus maidir le muintir a mháthair chuirfidís na cuacha a chodladh ag gabháil fhoinn
+
→
dias
I gCrígh Lochlainn atá an chuach anois. Ní imíonn sí as seo go dtugann sí déas ina béal léithe — deirtear nach n-imíonn an chuach as Éirinn nó go mbíonn an t-arbhar i ndéis
TUILLEADH (1) ▼
Tá an chuach ar fáil. Ní imeoidh sí aríst nó go mbeidh déas ag imeacht ina béal aici. Is fada é sin i mbliana
→
dlúsúil
Ní foláir duit a bheith dlúsúil leis an ngráinín coirce sin. Tá sé thar am a chur. Sin é an coirce cuaiche ar chuma ar bith
→
díle 1
Sin seanscéal ón Díle: An Síogaí Rua Ó Dónaill. Is minic a chuala mé ag P. Mh. Mh. é — go ndéana Dia maith ar a anam. Ní fhaca tusa ariamh é. Ba bhreá uaidh scéal a inseacht, agus cén bhrí ach chuirfeadh sé na cuacha a chodladh ag gabháil fhoinn
→
díol 1
"Nuair a labhras an chuach ar sceich gan duilliúr, díol do bhó agus ceannaigh arbhar" (seanchomhairle) — má ghaireann an chuach roimh theacht don duilliúr ar an gcrann, beidh gorta ann an bhliain sin, agus más le duine a chríonnacht a dhéanamh, cuireadh sé beatha i leataobh le haghaidh na coise tinne ar uain nó ar éigean