Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Cuaibhtheach (cuaifeach)
ainm-fhocal; baininscneach
iolraidh — cuaibhtheachaí.
Tugtar "cuaibhtheachaí" go h-iondamhail siar faoi Chonamara, ar an rud a dtugtar "siotaí" orra i gCois-Fhairrge i.e. sinneán a d'fheicfeá a' cruthú ingiodán áithrid, nó a thiocfadh ort gan aireachtáil ar theasbach 'san Earrach nó sa Samhradh. Fuaduigheann na "siotaí" seo leo, billeogaí feoidhte, sean-pháipéir, nó cosamar a' bith mar sin atá ar sliobarna. Deirtear gur séideáin "sidhe" iad.
1.
siota; sinneán; gaoth a' neartú de ghort a' gharta; feochan tobann; seoideadh dheannachtach; séideán "sidhe"; "sídh"-ghaoithe.
a.
+
Tá cuaibhtheachaí ag imtheacht (C. F.).
D'eirigh cuaibhtheach a chuir an bád timcheall, a's marach chomh maith a's bhí muid ar ar maidí, bhí muid ar thóin puill.
TUILLEADH (9) ▼
Tháinic cuaibhtheach orainn de ghort a' gharta a's caitheadh thart an seol. Thapuigh muid é, a's níorbh fh'learr dhuinn fhéin gur thapuigh.
Badh deannachtach na cuaibhtheachaí gaoithe a bhí indé ann. Cheapfainn gur shaothruigh bádóirí é.
As na cuaibhtheachaí a thagas an múr. Chomh luath a's a bhío(nn)s an ráig sin caithte, déanann sé aittealla, go neartuighe an gála aríst.
Is olc í an chuaibhtheach Foghmhair. Déarfadh a' bádóir fhéin, nach deagh-éadáil a' bith í.
Má thagann cuaibhtheach as calm, níl léigheamh a' bith uirre. Báthadh bád i gConamara, tá bliadhanta beaga ó shoin, a's bhí an lá ar áilleacht. Dream a bhí amuigh a' déanamh aeir, a's bhuail cuaibhtheach iad gan aireachtáil, a's d'ionntuigh sí an bád druim ar ais. Nar ba luaghaidire an trócaire ar Dhia, dheamhan ar fágadh sa gcomhaireamh ceann aca(b), ach duine.
Tá iomghaothachaí a's cuaibhtheachaí 'sna glas-chuanta sin, nach mbíonn sa tsean-fhairrge chor a' bith.
A' bhfeiceann tú an chuaibhtheach a' cruthú annsin thall? — cuaibhtheach theasbaighe í.
Is beag nar scuab an chuaibhtheach mo shean-bháinín léithe. Chaith sí scathamh mór a' ropadh leis, ach níor thárluigh sí léithe é 'na dheidh sin. InDomhnach b'fhéidir gur indiaidh an ghráinne atá in mo shean-bheist a bhí 'siad'!
Dar brigh an leabhair, bhí cuaibhtheachaí áithbhéalta ann indiu. Cé'r chás é, marach an scéird sin thuas a raibh mé ag obair, ar aghaidh na ruithteachta. Fhobair nach bhfágfaidhe aon-síol ar an iomaire agam!
b.
+
D'eirigh sé in a chuaibhtheach (de chuaibhtheach) a's rith sé chugam anall. = d'eirigh sé de léim, a's rith sé go dtí mé; d'eirigh sé d'aon-iarraidh.
Tháinic sé fúm in a chuaibhtheach, a's chaith sé siar ar shlatrachaí mo dhroma mé.
TUILLEADH (2) ▼
Scoth sé mé in a chuaibhtheach, a's dheamhan amharc a bhí mé indon a choinneál air uaidh sin amach = chuaidh sé tharm de shinneán, a's d'imthigh sé as m'amharc.
Chonnaic mé a' gabhail soir in a chuaibhtheach indiu é, pé'r bith cá raibh sé ag (d)ul.
2.
iarraidh, dorna, pléasc nó fadhb, a thiocfadh de ghort a gharta.
+
Thug sé cuaibhtheach de dhorna dhom = dorna a tiubharfaidhe duit de ghort a' gharta, nó d'aon-iarraidh.
'Dhá bhfaighteá an chuaibhtheach de bhuille a tharraing sé ort, dheamhan fata a changlóchthá le do mharthainn aríst.
TUILLEADH (4) ▼
Ní thiocfa an chuaibhtheach de bhuille sin leat. Ídeocha mise ort é, feicfe tú fhéin air.
Ná tarraing aon-chuaibhtheach de dhorna ormsa, má tá do leas ar Dhia. Sin é 'bhfuil in a thimcheall anois.
Bhí an t-ádh ort nár eirigh an chuaibhtheach de bhuille siúd leat. Dar fiaguidhe dhá n-eirigheadh, chodlóchthá go sáimh anocht, chodlochthá sin.
Tá cuaibhtheach de dhorna aige siúd, a dhéanfadh corp dhíot, gan stró ar bith. Sin í clár na fírinne!

Féach freisin

dorn

Cuaibhtheach in iontrálacha eile (3)

 
aer
Chuir sé in aer é le cuaibhtheach amháin de dhorna (dorn) = leag sé é le na shean-dorna.
 
buail
Bhuail cuaibhtheach de'n ghaoth timceallach sin mé ar árd J. S. a's dheamhan mórán a' bith, nar árduigh sí idir chlár a's chuinneog de lom a' bhóthair mé.
 
buille
Ní aireocha tú choidhchin go dtuga sé cuaibhtheach de bhuille dhuit — buille céadtach — a dhéanfas pleibistín díot ar áit na mbonn.