Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
cuaifeach
ainmfhocal, baininscneach
iolra: cuaifeachaí
tugtar cuaifeachaí go hiondúil siar faoi Chonamara, ar an rud a dtugtar siotaí orthu i gCois Fharraige .i. soinneán a d'fheicfeá ag cruthú i ngeadán áirid nó a thiocfadh ort gan aireachtáil ar theaspach san earrach nó sa samhradh. Fuadaíonn na siotaí seo leo bileogaí feoite, seanpháipéir, nó cosamar ar bith mar sin atá ar sliobarna. Deirtear gur séideáin sí iad.
1.
siota; soinneán; gaoth ag neartú de ghorta gharta; feothan tobann; seoide dheannachtach; séideán sí; sí-ghaoithe.
a.
+
Tá cuaifeachaí ag imeacht (C. F.)
D'éirigh cuaifeach a chuir an bád timpeall, agus murach chomh maith agus bhí muid ar ár maidí, bhí muid ar thóin poill.
TUILLEADH (9) ▼
Tháinig cuaifeach orainn de ghorta gharta agus caitheadh thart an seol. Thapaigh muid é, agus níorbh fholáir dhúinn fhéin gur thapaigh.
Ba deannachtach na cuaifeachaí gaoithe a bhí inné ann. Cheapfainn gur shaothraigh bádóirí é.
As na cuaifeachaí a thagas an múr. Chomh luath is a bhíonns an ráig sin caite, déanann sé aitealla go neartaí an gála aríst.
Is olc í an chuaifeach fómhair. Déarfadh an bádóir fhéin nach dea-éadáil ar bith í.
Má thagann cuaifeach as calm, níl léamh ar bith uirthi. Báitheadh bád i gConamara, tá blianta beaga ó shin, agus bhí an lá ar áilleacht. Dream a bhí amuigh ag déanamh aeir agus bhuail cuaifeach iad gan aireachtáil agus d'iontaigh sí an bád droim ar ais. Nár ba lúidire an trócaire ar Dhia, dheamhan ar fágadh sa gcomhaireamh ceann acub ach duine.
Tá iomghaothachaí agus cuaifeachaí sna glaschuanta sin nach mbíonn sa tseanfharraige chor ar bith.
An bhfeiceann tú an chuaifeach ag cruthú ansin thall? — cuaifeach theaspaigh í.
Is beag nár scuab an chuaifeach mo sheanbháinín léithe. Chaith sí scaitheamh mór ag ropadh leis, ach níor tharlaigh sí léithe é ina dhiaidh sin. I nDomhnach, b'fhéidir gur i ndiaidh an ghráinne atá in mo sheanbheist a bhí siad!
Dar brí an leabhair, bhí cuaifeachaí áibhéalta ann inniu. Cér chás é, murach an sceird sin thuas a raibh mé ag obair, ar aghaidh na riteachta. Fhóbair nach bhfágfaí aon síol ar an iomaire agam!
b.
+
D'éirigh sé ina chuaifeach (de chuaifeach) agus rith sé chugam anall — d'éirigh sé de léim agus rith sé go dtí mé; d'éirigh sé d'aon iarraidh.
Tháinig sé fúm ina chuaifeach, agus chaith sé siar ar shlatrachaí mo dhroma mé.
TUILLEADH (2) ▼
Scoith sé mé ina chuaifeach, agus dheamhan amharc a bhí mé in ann a choinneáil air uaidh sin amach — chuaigh sé tharam de shoinneán, agus d'imigh sé as m'amharc.
Chonaic mé ag gabháil soir ina chuaifeach inniu é, pé ar bith cá raibh sé ag dul.
2.
iarraidh, dorna, pléasc nó fadhb, a thiocfadh de ghorta gharta.
+
Thug sé cuaifeach de dhorna dhom — dorna a tabharfaí duit de ghorta gharta, nó d'aon iarraidh.
Dhá bhfaighteá an chuaifeach de bhuille a tharraing sé ort, dheamhan fata a changlófá le do mharthain aríst.
TUILLEADH (4) ▼
Ní thiocfaidh an chuaifeach de bhuille sin leat. Ídeoidh mise ort é, feicfidh tú fhéin air.
Ná tarraing aon chuaifeach de dhorna ormsa má tá do leas ar Dhia. Sin é a bhfuil ina thimpeall anois.
Bhí an t-ádh ort nár éirigh an chuaifeach de bhuille siúd leat. Dar fiagaí dhá n-éiríodh, chodlófá go sámh anocht, chodlófá sin.
Tá cuaifeach de dhorna aige siúd a dhéanfadh corp dhíot gan stró ar bith. Sin í clár na fírinne!

Féach freisin

dorn

cuaifeach in iontrálacha eile (10)

 
Bhí sé fhéin ar an teile ag gabháil an bháid agus an fear fobhairne chun tosaigh ag crapadh an tseoil chinn. Sin é an uair a tháinig an chuaifeach. Scuab sí an fear fobhairne i bhfarraige. B'fhada a chaith sé os cionn uisce i sruth na stiúrach. Chaith an fear eile ceann téide chuige, ach níor éirigh leis a tapú
 
aer
Chuir sé in aer é le cuaifeach amháin de dhorna (dorn) — leag sé é lena sheandorna
+
buail
Bhuail cuaifeach den ghaoth timpeallach sin mé ar ard J. S. agus dheamhan mórán ar bith nár ardaigh sí idir chlár agus chuinneog de lom an bhóthair mé.
TUILLEADH (1) ▼
Murach chomh maith agus a bhí na bádóirí ar a maidí, gheobhaidís rud le déanamh ón gcuaifigh sin a bhuail iad ag teacht aniar le cloich.
 
buille
Ní aireoidh tú choíchin go dtuga sé cuaifeach de bhuille dhuit — buille céatach — a dhéanfas pleibistín díot ar áit na mbonn.
 
Ba é an lá ba bhreácha é a scal as aer ariamh. Tháinig sé ina chalm orthu leath cuain. Shíl muid gur thosaigh deannóid bheag ansin, ach ní thabharfá faoi deara ar an seol í. An chéad rud eile a dheartháir mo chroí thú, chruthaigh an cuaifeach agus bhí an bád mar a bheadh caora a mbeadh an galra cam uirthi. 'Sé Dia féin a bhí buíoch dúinn an lá sin nár cuireadh go tóin poill muid. Tá mé taithithe ar an bhfarraige ó cuireadh banlámh de chóta orm, ach macasamhail na cuaifí sin ní fhaca mé ariamh agus nár lige Dia go bhfeicfinn go brách ach oiread. Níor fhan deannóid ann ar an toirt aríst ach shílfeá gur istigh i bhfuirnís a bhí muid, bhí sé chomh bruite sin. Tabhair do leabhar go dtug muide rith cladaigh di chomh tréan in Éirinn agus a bhí muid in ann
 
deoch 1
Má fhaigheann tú cuaifeach (dorna) uaidh siúd, beidh do dheoch shuain agat!
 
dorn
Tá cuaifeach de dhorna aige — dorna dalba (fc. cuaifeach)
 
Dheamhan drúcht ná báisteach adeir B. leis ach an oiread is atá mise a rá leatsa anois, ná an oiread sin féin, mar is minic liomsa rud eicínt a rá as greann le duine. Dhá gcuireadh sé caidéis ar bith air, déarfainn go dtug sé tsiocair eicínt dhó, ach bhuail sé cuaifeach air gan fáth gan ábhar
 
dún
Ní dhúnfaidh tada clab an abhlóir seo istigh ach cuaifeach de dhorna