—
cranndachán de dhuine; cleiteachán; procháinín de dhuine; duinín éidtreorach; loisneachán; duine gan mórán cuid sonntais a' siubhal leis; duine gan mhaith.
+–
Scread chasta ort, a chimleacháinín, níorbh fhiú liom a dhul a' salughadh mo lámha leat.
Má theigheann tú a' bualadh, buail fear, a's ná bac le cimleachán mar sin.
TUILLEADH (12) ▼
Marach narbh fhiú liom a dhul a' fiachadh ort a chimleacháin, mo choinsias ' dar m'anam, ní fhágfá ball na h-áite go dtugainn do chuid fola le n'ól duit.
Is leitheadaighe muise a tharraingeochadh an cimleachán sin achrann, ná an té a bheadh in achmhúinn é a chur dó.
Diabhal aithne ar a' gcimleachán nach gaisce atá sé indon a dhéanamh!
Muise an cimleacháinín éidtreorach, nach gcoigleochadh páiste bliadhna féin é, ní áirmhighim a mhalrait.
Ab é an cimleachán truaillidhe sin thiar ag T. Ph.! Nach gcuirfeá de shéideoig de do bhois é! A's chreidim gur mó an ghlaodhmaireacht atá aige 'na dheidh sin, nach ag a' té a mbeadh cur leis maith ann.
Ní fear é an cimleachán siúd, ná leithscéal fir fhéin.
M'anam muise go bhfuil sracadh mór oibre sa gcimleachán sin ina dheidh sin, cé nach dtiubharfá do sheacht mallacht air len' fheiceál mar sin.
Shílfeá go bhféadfá fear ar foghnamh a shamhlú liom, ó chuaidh tú dhá dheanamh chor a' bith, fharras an cimleachán sin. Dheamhan a bhfuil 'sna fir chor a' bith dhó sin.
'Sé a leithide sin de chimleachán is measa a bheadh. Cuirfe mise geall leat gur beag a' chailicéaracht ná'n ghaisce a chuala tú ariamh ag an bhfear maith.
InDomhnach muise, is dathamhail a' scéal agam é, má eirigheann cimleachán de'n tsórt sin i mo mhullach. Cuirfe mise luighe fiadh de chriogaide air sin lá eicínt.
Dar brigh an leabhair muise, sin é an cimleachán a fhobair an teach a chur thrídh na chéile. Níorbh fhiú le duine 'bith araoid a chur air. Marach sin gheobhadh sé faoi na for(bh)aí é, a's badh é a dhéanamh leis é, freisin.