—
crandachán de dhuine; cleiteachán; procháinín de dhuine; duinín éidreorach; luisneachán; duine gan mórán cuid suntais ag siúl leis; duine gan mhaith.
+–
Scread chasta ort, a chuimleacháinín, níorbh fhiú liom a dhul ag salú mo lámha leat.
Má théann tú ag bualadh, buail fear, agus ná bac le cuimleachán mar sin.
TUILLEADH (12) ▼
Murach nárbh fhiú liom a dhul ag fiachadh ort a chuimleacháin, mo choinsias is dar m'anam, ní fhágfá ball na háite go dtugainn do chuid fola le n'ól duit.
Is leitheadaí muise, a tharraingeodh an cuimleachán sin achrann ná an té a bheadh in achmhainn é a chur dó.
Diabhal aithne ar an gcuimleachán nach gaisce atá sé in ann a dhéanamh!
Muise an cuimleacháinín éidreorach, nach gcoigleodh páiste bliana féin é, ní áirím a mhalrait.
Ab é an cuimleachán truaillí sin thiar ag T. Ph.! Nach gcuirfeá de shéideoig de do bhois é! Agus chreidim gur mó an ghlaomaireacht atá aige ina dhiaidh sin, nach ag an té a mbeadh cur leis maith ann.
Ní fear é an cuimleachán siúd, ná leithscéal fir fhéin.
M'anam muise go bhfuil sracadh mór oibre sa gcuimleachán sin ina dhiaidh sin, cé nach dtabharfá do sheacht mallacht air lena fheiceáil mar sin.
Shílfeá go bhféadfá fear ar fónamh a shamhlú liom ó chuaigh tú dhá dhéanamh chor ar bith, tharas an cuimleachán sin. Dheamhan a bhfuil sna fir chor ar bith dhó sin.
'Sé a leithide sin de chuimleachán is measa a bheadh. Cuirfidh mise geall leat gur beag an chailicéireacht ná an ghaisce a chuala tú ariamh ag an bhfear maith.
I nDomhnach muise, is dathúil an scéal agam é má éiríonn cuimleachán den tsórt sin i mo mhullach. Cuirfidh mise luí fia de chniogaide air sin lá eicínt.
Dar brí an leabhair muise, sin é an cuimleachán a fhóbair an teach a chur thrína chéile. Níorbh fhiú le duine ar bith araoid a chur air. Murach sin, gheobhadh sé faoi na foraí é, agus ba é a dhéanamh leis é freisin.
cuimleachán in iontrálacha eile (7)
→
bocht 2
Ba deacair a díol d'fhear a fháil di scaitheamh, ach is buí bocht léithe cuimleachán ar bith anois — is corrfhear a mbeadh sí sásta leis scaitheamh ach is furasta í a shásamh faoi fhear anois.
Shoraidh dhíot, más é a bhfuil de rath leat a leithide sin de chuimleachán do do bhualadh faoi!
→
dona
Go mba seacht míle measa a bheas sé bliain ó inniu, an cuimleachán caca, mura deas a gheobhadh sé ann féin a dhul ag baint fogha ná easpa as duine ar fónamh
→
dúrúch
Tá sé ag imeacht agus dúrúch air mar bheadh tarbh ann. Braoinín atá ar bord aige is cosúil. Bhí lá den tsaol muis agus is beag an ghlaomaireacht a dhéanfadh sé ar an mbaile seo. Deirimse leatsa gur maith gasta a cheansófaí a chuid dúrúch. Ach tá chuile chuimleachán in ann cis ar easair a dhéanamh dhínn anois faraor. Nach é an saol a d'imigh!
→
téigh do
Beidh éadach ar bith ag dul go breá d'fhear nó do bhean bhreá, ach ní féidir smais a chur ar smután ná ar chuimleachán de dhuine