meath (50+)
→
féar
Cén mhaith dhuit a bheith do do mheath fhéin leis an bhféar gliomach sin. Is fhearr an fáisín bliana fhéin ná é sin. Fág i dtigh tubaiste ansin é. Faraor nach é an barr chuanla a chuaigh muid a bhaint
→
catóg
Beidh stócáil le déanamh agat i mbliana agus na catógaí sin ar fad a bhaint. Is meata an obair a dhul ag cur talamh den tsórt sin.
+
→
cleite
Bhí sé meata ag an ngamhain an áit nach ngabhfadh sé amach an bhearna dhó, agus ná raibh ann mura mbeireann sé chuige ar an ngamhain, idir chorp chleite is sciathán, agus nach gcaitheann sé amach thar an gclaí é.
TUILLEADH (1) ▼
Tá E. chomh láidir le tarbh. Chonaic mise é lá an t-am a raibh an motorbicycle aige. Buaileadh suas air é thoir ag tigh D. agus bhí sé dhá shá anoir chomh fada leis an teach seo. Ba mheata leis an sá, agus dheamhan ceo a rinne sé, ach é a ardú faoin ascaill, idir chorp chleite is sciathán, gur leag sé istigh ar an urlár anseo é!
Ní bheinn do mo mheath fhéin le cliabháin. Fág seo ag coinnleoireacht anocht agus déanfaidh muid sléachtadh ar chéirseachaí sna breaclachaí sin síos.
Is mór an lá é. Féacha an fharraige ina círéabachaí fré chéile. B'olc an áit a bheith ar meath inniu, b'olc sin.
→
bealaigh
Ní bheifeá ach de do mheath fhéin a dhul ag spré ithreach inniu: tá sí róbhealaithe rómhoirtiúil de bharr an tuile sin aréir.
→
críoch
Séard a bhí le déanamh lena leithide sin, a chuirfeadh bean ó chrích agus ó rath, breith air agus bró mhuilinn a chur faoina mhuineál, agus é a chaitheamh amuigh ar an meath mhóir. Bheadh sé sách maith aige, agus rómhaith — an bithiúnach.
→
crúbáin
Is gearr an mhoill a bheadh orm an cúl a fhódú murach na crúbáin sin. Ach bíonn siad sin meata thar na hiomrachaí díreacha.
→
curásach
Tá muid meata chuile bhliain ag gortghlanadh curásaigh agus ní fiú an tairbhe an trioblóid ina dhiaidh sin.
Níorbh áit buaile ná seanbhaile d'iascaire ar bith an mheatha mhóir inniu. Dheamhan priocadh a gheofá ann go faoithin.
Níorbh fhiú do dhuine a bheith dhá mheath fhéin le cupla blátháinín faoi nach n-éireodh brachlainn bhreá bhallach leis.
→
breoite
Is fada an lá meath-thinn é sin. Níl pian ná tinneas air ach go bhfuil sé breoite ina dhiaidh sin.
→
bruach
Chuala mé m'athair ag rá go raibh siad ag iascach lá ansin amuigh ar an meath mhóir agus go raibh colmóirí acub tráthnóna bruach ar bhruach leis an seas deiridh — bád iomartha a bhí acub. Nach diabhlaí an cúl a thug an t-iasc don chaoláire ó shin? Dheamhan a shúil — mórán leis — a gheofá anois ann
→
brád
Bhí an lá meata orainn (briste) de bharr an bhráid sin a chaith sé taca am eadarshutha — bhí an lá amú orainn nó briste
B'fhearr dó go mór capall ar fónamh a cheannacht, pé ar bith céard a thiocfadh sí air, ná bheith dhá mheath fhéin leis an seanghearráinín aibéiseach sin
→
aicearra
Ní fiú dhuit a bheith do do mheath fhéin leis an aicearra céanna agus gan fhios agat cén mhíthapa a d'éireodh dhuit ag dul thar na claíochaí bradacha sin.
→
aiféala
Dhá mbeadh breith ar m'aiféala agam, ní thiocfainn do mo mheath fhéin leis an obair sin dubh bán ná dubh buí — ní chuirfinn an trioblóid orm fhéin, ná ní chuirfinn mo chuid aimsire amú léithe
+
→
buail
Más leat a dhul ag bualadh, buail fear maith, agus ná bí de do mheath fhéin leis an scrathachán sin.
TUILLEADH (1) ▼
Chuaigh beirt as an áit seo fadó amach ar an meatha mhóir ag iascach cholmóirí. Ná raibh ann mura dtáinig sé ina lom gaoithe aduaidh orthub agus b'éigean dóibh ligean leis an mbád iomramha gur bhuail siad tír i mBaile Uí Bheacháin i gContae an Chláir. Ach níor chás dóibh é ó bhuail siad tír in aon áit.
→
buanadas
Mura bhfuil an buanadas san éadach, b'fhearr dhuit é a fhágáil i do dhiaidh agus gan a bheith do do mheath fhéin leis.
→
buille
Bhí muid ar an mheatha mhóir, ach is gearr a bhí lom gaoithe aneas agus dhá buille iomramha dhá(r) dtabhairt chun tíre
→
buinne 1
Dar mo choinsias, níor chreagaire é D. R. ar chuma ar bith. Aon ghloine a chuaigh sé a líonadh ariamh, ní dhearna sé leath ná meath dhi ach í a chur go buinne bruach. M'anam nach raibh tuilleadh de lucht an tsléibhe chomh fairsing sin faoina gcuid.
→
aire
Tá mé meata aige lena bhfuil mé a thabhairt d'aire dhó agus dheamhan mórán dhá shlacht air ina dhiaidh sin.
+
→
amuigh
Bhí siad ag iascach amuigh ar an meath mhóir (áit sa bhfarraige)
TUILLEADH (1) ▼
Bhí mé amuigh ar meath inné — bhí mé ag iascach ar an bhfarraige i mbád inné
Tá fascalach sprae thuas sa mbairille agam agus ní foláir dom a chur amach inniu, agus gan lá eile a bhearnú leis. Diabhal mé go bhfuil na daoine meata ag an sprae céanna nuair nach bhfuil an aimsir ag teacht cóiriúil lena aghaidh
→
flith 1
Tá mé meata le trí lá ag na fataí sin thuas. Níor léir duit das ar bith iontu ag flith agus ruibhléis. Diabhal a leithide de chaoi. Shílfeá nach cheal leasaithe é muis
→
fáiteall
Is suarach an éadáil fáiteall na farraige anois. Dheamhan breac ann. Tá siad tarlaithe leo ag na trólars. Ar ndóigh d'fheicinnse fadó nuair a théadh muid amach ar meath go mba geall le dóirthe a bhíodh sé ansin amuigh (iasc). Ach níl a shúil anois ann. Daighean é
→
fás 1
Ní fiú dhaoibh a dhul dhá bhur meath fhéin leis an bhfáisín siúd. Céard atá ann ach dosán anonn is anall?
Níl mífhollántas ar bith air sin, théis go bhfuil sé meath-thinn i gcónaí más fíor dó fhéin. Ach is beag dhá chuid cluanaíocht é. Tá: a chnámha gan fír na maitheasa a bheith iontu. Sin é an méid
→
istigh
Is meata an obair istigh ná an obair amuigh — is righne agus is goilliúnaí le déanamh obair an tí ná obair na talún
→
feistigh
Tabharfaidh sé feistiú róid uirthi ansiúd. Fanfaidh sí ann go maidin. Is fuar an áit: amuigh ar an meath mhóir
→
folc
Is dona a chruthaigh sibh má bhí sé ag cur aon treampán oraibh sa gcurach nár rug air amuigh ar an meath mhóir agus folcadh beag a thabhairt dó! Chomhairleodh sin é — tumadh a thabhairt sa bhfarraige dó
→
fonsa
Fir iad a bhfuil síoraíocht iontu ach níl mórán gaisce orthu ina n-iomróirí. Bhí muid ag teacht isteach den mheath mhóir agus tháinig sé ina lom gaoithe aduaidh. Bhí an bheirt acu ag iomramh. Má bhí fhéin, bhí gíoscán ag na liúrachaí ag pléascadh ar na fonsaí. Ba in iomramh mhístuama ina dhiaidh sin … Dheamhan fabht ar bith atá in adhmad na curaí
Is suarach an éadáil a bheith ag forcamhás ar an scillingín dole sin. Dhá mbeadh déanamh ar bith dhá uireasa ag duine, b'fhearr dhó uaidh é agus gan a bheith dhá mheath féin leis.
→
fámaire
Níl rud ar bith is contúirtí dhá mbuaileadh sé thú ar an meath mhóir ná fámaire: na searraigh gorma sin. Tá an-mhéid iontu. D'iontódh ceann acu an churach ort
Tá an forchraiceann ar fad sceite de mo lámha leis an obair sin. Tá a fhios ag mo chroí gur meata an obair í
+
→
abair
Abair nár bhac fear le cur ar bith, ach tosaí ag baint mhóna sa Márta, agus tosaí ag cur potaí nuair a thiocfadh séasúr na gliomadóireachta, meas tú nach mó a bheadh dhá bharr aige, ná a bheith dhá mheath féin ag tochailt idir dhá chloich sna breaclachaí sin amach — cuir i gcás
TUILLEADH (1) ▼
Deir tú le A. atá ar meath ó mhaidin, agus láithreachán móna ansiúd thuas aige agus í gan tógáil as a scaradh fós i mbliana!
+
→
dairt
Tá a shúil sa meath chéanna anois le trí bliana ó buaileadh dairt air thuas ar an bportach. Ceann crua a bhí ann. Níor lig an té a chaith é, ná aon dhuine dhá chineál, tada as a láimh ariamh ach le gangaide. Dhún súil Ph. d'aon iarraidh. Chuaigh sí chun othrais. Chaith sé scaitheamh san easpaicil (ospidéal) léithe, ach dheamhan mórán maitheasa a rinne siad dó ansin ach gur fhuaraigh siad an phian air. Tá clúdach aige uirthi i gcónaí. Is maith an t-ádh atá air má bhíonn aon amharc aige aríst go brách inti. Dá leanadh sé amach mac Mh. fúithi thiocfadh sí daor air. Ach ní leanfadh. Tá sé ró-réchúiseach an duine bocht
TUILLEADH (1) ▼
Is túisce a ghabhfainn ag caitheamh dairteachaí le Árainn ná a bhuailfinn faoin obair gan tabhairt sin, agus gan a fhios agam cá'il mo luach saothair, mar adeir an ceann eile. Meas tusa an dtiocfainnse do mo mheath féin agus ag cur mo chuid allais ag iarraidh seanmhóinteáin atá ansin suas a shaothrú — scáth chúig phunt airgid. Nach mé atá adhartha, mar adeir fear an Achréidh. Is deacair a dhul ag iarraidh maitheasa ar dhream ar bith a shíleas go mbeidh aon tabhairt go brách sa moing chaca sin