Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

meath (50+)

 
fán
Tá sé le fán anois = duine saidhbhir no meath-shaidhbhir a bhochtóchaí agus a ghabhfadh amach ar páighe (fc. fánaí)
 
féar
Cén mhaith dhuit a bheith de do mheath fhéin leis an bhféar gliomach sin. Is fhearr an fáisín bliana fhéin ná é sin. Fág i dtigh tubaiste annsin é. Faraor nach hé an barr-chuanla a chuaigh muid a bhaint
 
Ní bheidhinn do mo mheath fhéin le cliabháin. Fág seo 'coinnleoireacht anocht, a's déanfamuid sléachtadh ar chéarsachaí 'sna breaclachaí sin síos.
 
Is mór a' lá é. Feacha an fhairrge in a cithréabachaí fré chéile. B'olc an áit a bheith ar meath indiu, b'olc sin.
 
Ní bheitheá ach de do mheath fhéin a dhul a' spréidheadh ithreach indiu: tá sí ro-bhealthuighthe, ro-mhoirteamhail de bharr an tuile sin aréir.
 
Meath do chine aríst a chimleacháinín! (Féach "meath", agus "cine").
 
Níor bhfiú do dhuine 'bheith dhá mheath fhéin le cupla bláthainín, faoi nach n-eireochadh brachlainn bhreagh bhallach leis.
 
Is fada an lá meath-thinn é sin. Níl pian ná tinneas air, ach go bhfuil sé breoidhte in a dheidh sin.
 
breá
Is breagh fuar a' trathnóna é = ní chialluigheann seo go bhfuil a' trathnóna go breagh, ach go bhfuil sé meath-fhuar go leor.
 
bruach
Chuala mé m'athair a' rádh go raibh siad ag iascach lá annsin amuigh ar a' meath mhóir, a's go raibh colmóirí aca(b) tráthnóna bruach ar bhruach leis a' seas deire — bád iomartha bhí aca(b). Nach diabhluidhe an cúl a thug a' t-iasc do'n chaoláire ó shoin? Dheamhan a shúil — mórán leis — a gheobhfá anois ann.
+
Tá sé meath-bheo fós = roinnt nó buille bheodhachais ann.
TUILLEADH (1) ▼
Tá T. meath-bheo go maith fós, má's shin é do scéal muis.
 
B'fhearr dó go mór capall ar foghnamh a cheannacht, pé'r bíth céard a thiocfadh sí air, ná bheith ghá mheath fhéin leis a' sean-ghiorráinín aibéiseach sin
 
Ní fiú dhuit a bheith do do mheath fhéin leis an aithgiorra céadna, agus gan fhios agad, cé'n mhío-thapa a d'eireochadh dhuit, a' dul thar na claidhtheachaí bradacha sin.
 
Dhá mbeadh breith ar m'aithmhéala agam, ní thiocfainn do mo mheath fhéin leis an obair sin dubh bán ná dubh buidhe = ní chuirfinn an trioblóid orm fhéin, ná ní chuirfinn mo chuid aimsir' amugha léithe.
 
Meath do chine aríst a chladhaire! Feiceamuist, buail fút mé!
 
buail
Más leat a dhul a' bualadh, buail fear maith, a's ná bí de do mheath fhéin leis a' scrathachán sin.
 
Mara bhfuil a' buaineadas 'san éadach, b'fhearr dhuit é fhágáil do dhiaidh, a's gan a bheith de do mheath fhéin leis.
 
buinne 1
Dar mo choinsias níor chneagaire é D. R. ar chuma ar bith. Aon-ghloine a chuaidh sé a' líonadh ariamh, ní dhearna sé leath ná meath dhi, ach í 'chur go buinne bruach. M'anam nach raibh tuille de lucht a' tsléibhe chomh fairsing sin faoi na gcuid.
 
amuigh
Bhí mé amuigh ar meath indé = bhí mé ag iascach ar a' bhfairrge, i mbád indé.
 
Tá fascallach sprae thuas san mbairille agam, agus ní fuláir dom a chur amach inniu, agus gan lá eile a bheárnú leis. Diabhal mé go bhfuil na daoine meata ag an sprae céanna nuair nach bhfuil an aimsir ag teacht cóiriúil lena aghaidh
 
feoil
Duine atá meath-thinn mar sin níl aon-cheo len a thabhairt suas ach feóil shicíní
 
An tóchar sin a dhéanamh! Sin scéal a mbeadh fiannaíocht air marach gur casadh an bhó mhór sin timpeall. B'ait a thapuigh mé é! Bhí sé in a shuí thíos ar cholbh an Characáinín théis a bheith ar snámh. Ag bailiú glaicín chuailleachaí shoir ar an Meath-Dhúirlinn a bhí mé fhéin. "Lá breá é" adeir sé … Bhain muid amach san seanchas. "Gaeilgeóir thú" adeirimse. "Ní hea" adeir sé. "Ag fámaireacht atá mé". D'fhiafraigh sé annsin tuige na cuailleachaí. D'innis mé fhéin dhó. Ach le scéal gearr a dhéanamh dhó, chaintigh mé ar an tóchar, agus go raibh an talamh báite cheal a dhéanta. "An 'sbáinfeá dhom é" adeir sé … = ní dhéanfaí go ceann fada é, agus bheadh a lán cainte agus scríbhneóireacht air
 
flith 1
Tá mé meata le trí lá ag na fataí sin thuas. Níor léar duit das ar bith ionta ag flith agus ruibhléis. Diabhal a leithide de chaoi. Shílfeá nach cheal leasaithe é muis
 
Is suarach an éadáil fátall na farraige anois. Dheamhan breac ann. Tá siad tárluithe leo ag na tróllars. 'Ar ndú d'fheicinnse fadó nuair a theigheadh muid amach ar meath go mba geall le dóirthe a bhíodh sé annsin amuigh (iasc). Ach níl a shúil anois ann. Daidhean é
 
fás 1
Ní fiú dhaoib a dhul dhá ur meath fhéin leis an bhfáisín siúd. Céard atá ann ach dosán anonn agus anall?
 
Níl mí-fhollántas ar bith air sin, th'éis go bhfuil sé meath-thinn i gcomhnaí más fíor dó fhéin. Ach is beag dhá chuid cluanaíocht é. Tá: a chnámha gan fír na maitheasa a bheith ionta. Sin é an méid
 
feadh
Níor mhór dhuit sé feadh déag ar an meath mhóir
 
Tiúrfaidh sé feistiú róid uirre annsiúd. Fanfaidh sí ann go maidin. Is fuar an áit: amuigh ar an meath mhóir
 
folc
Is dona a chruthuigh sib má bhí sé ag cur aon-treampán oraibh san gcurach nachar rug air amuigh ar an meath mhóir agus folcadh beag a thabhairt dó! Chomhairleódh sin é = tumadh a thabhairt san bhfarraige dó
 
fonsa
Fir iad a bhfuil síoraíocht ionta, ach níl mórán gaisce orra in a n-iomróirí. Bhí muid ag teacht isteach den mheath mhóir, agus tháinig sé in a lom gaoithe adtuaidh. Bhí an bheirt aca ag iomradh. Má bhí fhéin bhí gíoscán ag na liúrachaí ag pléascadh ar na fonnsaí. Ba shin iomradh mhí-stuama in a dheidh sin … Dheamhan fabht ar bith atá in adhmad na curaí
 
Is suarach an éadáil a bheith ag forcamhás ar an scillingín "dole" sin. Dhá mbeadh déanamh ar bith dhá uireasa ag duine, b'fhearr dhó uaidh é, agus gan a bheith dhá mheath féin leis.
 
Níl rud ar bith is contúirtí dhá mbuaileadh sé thú ar an meath mhóir ná fámaire: na searraigh gorma sin. Tá an-mhéid ionta. D'iontódh ceann aca an churach ort
 
Tá an for-chraiceann ar fad sceite de mo lámha leis an obair sin. Tá a fhios ag mo chroí gur meata an obair í
 
Bhí an ghail bhruite as an gcoca féir an lá ar chuir mé isteach é. Dúirt chuile dhuine go dtéafadh sé. Ach d'fhuaraigh sé aríst. Tá mé ag ceapadh go bhfuil sé meath-dhreóite mar sin fhéin
+
abair
Abair nachar bhac fear le cur ar bith, ach tosuighe ag baint mhóna 'san Márta, agus tosuighe ag cur potaí 'nuair a thiocfadh séasúr na gliomadóireachta, meastú nach mó a bheadh dhá bharr aige, ná a bheith dhá mheath féin ag tochailt idir dhá chloich 'sna breaclachaí sin amach = cuirigcás
TUILLEADH (1) ▼
Deir tú le A. atá ar meath ó mhaidin, agus láithreachán móna annsiúd thuas aige agus í gan tógáil as a scaradh fós i mbliana!
+
dairt
Tá a shúil ins an meath chéadna anois le trí bliana ó buaileadh dairt air thuas ar an bportach. Ceann cruadh a bhí ann. Níor leig an té a chaith é ná aon-dhuine dhá chineál, tada as a láimh ariamh ach le gangaide. Dhúin súil Ph. d'aon-iarraidh. Chuaidh sí 'un óthrais. Chaith sé scathamh ins an aspuicil (oispidéal) léithe ach dheamhan mórán maitheasa a rinne siad dó annsin ach gur fhuaruigh siad an phian air. Tá clúdach aige uirre i gcomhnuí. Is maith an t-ádh atá air má bhíonn aon-amharc aige aríst go bráth innte. Dá leanadh sé amach mac Mh. fúithe thiocfadh sí daor air. Ach ní leanfadh. Tá sé ro-réidhchúiseach an duine bocht
TUILLEADH (1) ▼
Is túisce a ghabhfainn ag caitheamh dairteachaí le Árainn ná a bhuailfinn faoin obair gan tabhairt sin, agus gan a fhios agam cá'il mo luach saothair mar adeir an ceann eile. Meas tusa a dtiocfainnse do mo mheath féin agus ag cur mo chuid alluis ag iarraidh sean-mhóinteáin atá annsin suas a shaothrú — scáth chúig phunt airgid. Nach mé atá adhartha, mar adeir fear an Achréidh. Is deacair a dhul ag iarraidh maitheasa ar dhream ar bith a shíleas go mbeidh aon-tabhairt go bráth ins an muing chaca sin
 
Níl an dallán sin ag cur amach chor ar bith. Mara bhfeicidh tú an bhaslóig, níl an tsúil ag cur amach agus níl aon-mhaith dhuit a bheith do do mheath féin leo.
 
danra
Níl aon-fhear guirt ná portaigh in Éirinn a chinnfeadh air, ach tá sé danra leis an gcladach a shamhlú leis. Ní mian leis a dhul ann chor ar bith. Chaith mé trí nó ceathair de laetheantaí anuiridh ar mo mhine-ghéire ag iarraidh é a shaghdadh amach ins an tráigh, ach dheamhan dul muis, nó go raibh an rabharta cúlta. Ba bheag an mhaith dhó a dhul dhá mheath féin ann an uair sin
 
Má's leatsa fear a fháil nach bhfuil daor-bhasctha in a churrachóir, gabh siar annsin thiar i S. agus fágh T. Th. Sin é an currachóir agad. Chonnaic mé ag seasamh amuigh ar an meath mhóir ar fhaidhtíní é, lá a raibh scoilb dhá gcur idtighthe istigh annseo: lá a raibh sé ag séideadh aniar aduaidh. Tabhair lá deannachtach air. Níor chorruigh sé go trathnóna. Dheamhan an trólar a dhéanfadh na fairrgí a bhí ann a bharruidheacht — dheamhan é muis
 
Is aisteach an rud í an tsláinte a dhearbhráthair ó. Daoine a mbíonn sí go maith aca gan pian gan tinneas ó'n lá a saoghluighthear iad go dtí an lá a dteigheann siad ins an roinnín (roillig). Daoine eile a bhíos meath-thinn i gcomhnuí. Ach duine i bhfad ó chéile nach bhfaghann poc eicínt. Caitheann 'chuile dhuine — hébrí cé hé — deachma na sláinte a íoc
 
de
Ab shin é ar mharuigh tú de bhallachaí th'éis thú a bheith ar meath ó mhaidin
 
deil 1
Tá sé ar deil anois. Ná bí do do mheath fhéin níos fuide leis. An iomarca dhá anró atá fáite agad dhá mbeadh neart air
 
deis
Cé'n deis a bhí Gaillimh agad? … Bus an eadh. Badh é ab éascaidh dhuit, agus gan bheith de do mheath féin leis an "sean-bhicycle" sin.
 
Ba cheart duit an churach sin thíos a dheisiú, agus ghabhfadh muid ar meath corr-uair. 'Ar ndú' níl de dheisiú ag tastáil uaithe, ach brat teara agus maidí rámha
 
deoin
Mara mbeidh iasc aige, ní dhá dheoin é. Ní leigeann sé lá ar bith thairis gan a dhul ar meath. Ach níl aon-bhualadh 'e rath orra chreidim
 
dia 2
Ba chóir dhuinn a dhul ar meath inniu. Mara raibh aon-mharú orra (iasc) i gcaitheamh na seachtaine, beidh an lá inniu thar cíonn. Bíonn an Aoine in aghaidh na seachtaine
 
dol 1
Mharbhuigh muid dol mór éisc ins an gcurrach anuiridh: faidhtíní. Bhí muid dhá gcur tharainn cho tréan in Éirinn agus a bhí muid indon freastal dóib. Ní fhaca mé a leithide de sceanadh orra in mo shaoghal ariamh agus a bhí an lá céadna. Cé'n bhrígh ach ní raibh deich gcurrach ar meath ó fhágfas tú seo go dteighidh tú go C.