Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Dainséar
ainm-fhocal, fireann
iolraidh — dainséir.
Fuaim — a gearr go minic, ach is minic freisin a bhíos fuaim geall le ie ins an bhfocal Béarla "die" ar "ai". Bíonn an fhuaim /dəiv′šɛ̄r/ air scaithtí, ach is minicí /dəiɴšɛ̄r/
contabhairt, baoghal, tromfhásc, idteannta, sáinn, cruadhchás.
+
Níl dainséar ar bith ann má ghlacann tú go socair thú fhéin, agus gan aon-fhaitíos a bheith ort. Is beag oilbhéas atá ann chor ar bith
Tá an dainséar ins an ól i gcomhnaí. Ná h-abruigheadh aonduine nach bhfuil
TUILLEADH (2) ▼
Badh é an dainséar is mó é a raibh mise ariamh ann. Is maith a chuaidh mé as nachar criogadh mé
'Sé an dáinséar is mó atá ann anois nach ndiúilfidh sé ar aon-chaora, nó má dhiúileann féin go nglacfaidh siad fuath dhó.

Féach freisin