Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
dainséar
ainmfhocal, fireann
iolra: dainséir
fuaim: a gearr go minic, ach is minic freisin a bhíos fuaim geall le ie sa bhfocal Béarla die ar ai. Bíonn an fhuaim /dəiv′šɛ̄r/ air scaití, ach is minicí /dəiɴšɛ̄r/
contúirt, baol, tromásc, i dteannta, sáinn, cruachás.
+
Níl dainséar ar bith ann má ghlacann tú go socair thú fhéin, agus gan aon fhaitíos a bheith ort. Is beag oilbhéas atá ann chor ar bith
Tá an dainséar san ól i gcónaí. Ná habraíodh aon duine nach bhfuil
TUILLEADH (2) ▼
Ba é an dainséar is mó é a raibh mise ariamh ann. Is maith a chuaigh mé as nár cniogadh mé
'Sé an dainséar is mó atá ann anois nach ndiúlfaidh sé ar aon chaora, nó má dhiúlann féin, go nglacfaidh siad fuath dhó

Féach freisin