Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Deachmaíocht
ainm-bhriathar; ainm-fhocal buineann as deachma.
dul amú; bhásta, diomallú aimsire agus saothair; gan t'fhátall a bheith baol air ionchurtha len ar fríodh d'anró uaidh; gan an tairbhe a bheith baol air cho mór leis an trioblóid; ceann posta nach mbeadh an teacht isteach uaidh cho maith len a thaidhbhse, de bharr dola nó costais eicínt eile nar mhór a chur amach leis.
+
Fuair sé airgead mór ar an áit sin a dhéanamh. Is airgead mór é len a mheas mar sin, ach cár fhága tú an deachmaíocht in a dheidh sin. Tá sé réidh go leór cheithre mhíle punt a rá, ach ní bhfuighidh sé leithphínn dhe sin go mbeidh an chloch spideóige thuas aige, agus gan fháil an uair sin fhéin ach a leath. Ní bhfuighidh sé an chuid eile nó go bpasálfaidh na "h-engineers" é, agus b'fhéidir gur fada é sin. Dar brí an leabhair bhí costas freisin air
Ní chreidfinn ón saol go mbíonn mórán de bharr an phoitín th'éis a dhaoireacht agus atá sé. Ara tá an iomarca deachmaíocht' air. Feacha a n-óltar ag "stillhousachaí", agus a n-óltar sna títhe nuair a theigheas daoine dhá iarraidh. Imíonn a leath go fánach
TUILLEADH (5) ▼
Ba shamhaoiní do dhuine fuirtheacht in a chodladh ná a dhul amach ag iascach. An lá a n-eireóidh aon-ghlaicín leat fhéin, tá chuile dhuine istigh ar an mbaile ag tnuthán le cupla breac uait, agus mara dtugaidh tú dóibh iad, is droch-dhuine thú. Tá an iomarca deachmaíocht ann nuair a bhíos baile taobh le iascaire amháin
Níl rud ar bith a bhfuil an oiread deachmaíocht ann leis an móin in a dheidh sin. 'Bhfeiceann tú a dteigheann amú dhi dhá cruachadh? Cár fhága tú an líonadh ar an lorry annsin agus an falú aríst, agus aithlíonadh agus b'fhéidir an tríomhadh líonadh. Bíonn sí mionnuithe go maith ach a mbíonn sí imBaile Átha Cliath ar chaoi ar bith
Níl deachmaíocht ar bith an t-arúr a bhualadh leis an "engine". Ní ghabhfaidh oiread agus an gráinne fhéin dó amú
Is diabhlaí an pháighe atá dhó, marach a bhfuil de dheachmaíocht ann. An té atá ag traibhiléaracht mar sin igcomhnaí, caitheann sé an domhnaíocht airgid, mar bíonn daoine ag castáil dó is chuile áit
Bíonn deachmaíocht mhór in áit ar bith a gcaithfidh cuid de mhuintir an tighe a gcuid béilíochaí a cheannacht amuigh cheal a bheith indon a thiacht abhaile chuca

Féach freisin