Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
deachmaíocht
ainm briathartha; ainmfhocal, baineann as deachma
 dul amú; bhásta, diomalú aimsire agus saothair; gan t'fháiteall a bheith baol air inchurtha lenar frítheadh d'anró uaidh; gan an tairbhe a bheith baol air chomh mór leis an trioblóid; ceann posta nach mbeadh an teacht isteach uaidh chomh maith lena thaibhse, de bharr dola nó costais eicínt eile nár mhór a chur amach leis.
+
Fuair sé airgead mór ar an áit sin a dhéanamh. Is airgead mór é lena mheas mar sin, ach cár fhága tú an deachmaíocht ina dhiaidh sin. Tá sé réidh go leor cheithre mhíle punt a rá, ach ní bhfaighidh sé leithphínn dhe sin go mbeidh an chloch spideoige thuas aige, agus gan a fháil an uair sin fhéin ach a leath. Ní bhfaighidh sé an chuid eile nó go bpasálfaidh na hengineers é, agus b'fhéidir gur fada é sin. Dar brí an leabhair bhí costas freisin air
Ní chreidfinn ón saol go mbíonn mórán de bharr an phoitín théis a dhaoireacht agus atá sé. Ara tá an iomarca deachmaíochta air. Féacha a n-óltar ag stillhousachaí, agus a n-óltar sna tithe nuair a théas daoine dhá iarraidh. Imíonn a leath go fánach
TUILLEADH (5) ▼
Ba shomhaoiní do dhuine fuireacht ina chodladh ná a dhul amach ag iascach. An lá a n-éireoidh aon ghlaicín leat fhéin, tá chuile dhuine istigh ar an mbaile ag tnúthán le cupla breac uait, agus mura dtuga tú dóibh iad, is drochdhuine thú. Tá an iomarca deachmaíocht ann nuair a bhíos baile taobh le iascaire amháin
Níl rud ar bith a bhfuil an oiread deachmaíocht ann leis an móin ina dhiaidh sin. An bhfeiceann tú a dtéann amú dhi dhá cruachadh? Cár fhága tú an líonadh ar an lorry ansin agus an folú aríst, agus athlíonadh agus b'fhéidir an tríú líonadh. Bíonn sí mionnaithe go maith ach a mbíonn sí i mBaile Átha Cliath ar chaoi ar bith
Níl deachmaíocht ar bith an t-arbhar a bhualadh leis an engine. Ní ghabhfaidh oiread agus an gráinne fhéin dó amú
Is diabhlaí an pháí atá dhó, murach a bhfuil de dheachmaíocht ann. An té atá ag traibhléaracht mar sin i gcónaí, caitheann sé an domhnaíocht airgid, mar bíonn daoine ag castáil dó i chuile áit
Bíonn deachmaíocht mhór in áit ar bith a gcaithfidh cuid de mhuintir an tí a gcuid béilíochaí a cheannacht amuigh cheal a bheith in ann a theacht abhaile chucu

Féach freisin