—
brónach, dólásach, cráidhte, scrúdach, buaidheartha, léanmhar (seo í an tsean-chiall, ach tá sí ag seirgeadh, cé's moite go bhfuil sí tréan fós i leaganachaí bróin agus a leithidí).
+–
Is deacrach an chaoi é dhá mbeadh neart air = is brónach
Is deacrach an scéal é, ach sin é an chaoi a mbíonn sé
TUILLEADH (2) ▼
Is deacrach an scéal é, gan cearc ná eireoig ag gabhail liom nach bhfuil árduighthe leis ag an rálach de shionnach sin, agus gan a dhath sásamh le fáil agam
"Och! Och! arsa an chearc agus í ag gábhail ar an bhfarra; Nach brónach agus nach deacrach é ábhar mo scéil; Céile mo leabthan agus athair mo chloinne; A dhul is an áit nach bhfillfidh go h-éag." (as amhrán greanmhar "Coileach agus Cearc")
+–
An léan a bhain dó: an léan deacrach
Ar chuala tú an scéal deacrach: gur báthadh P. Ó D.?
TUILLEADH (10) ▼
Ara muise níor chuala tú an scéal deacrach seo: go ndearna "an lad ruadh" (an sionnach) sléacht annseo indiu! Cearc an áil a mh'anam. "Sciob sé an ceann gan aireachtáil de mháthair an dáréag bhoicht" mar adeireadh N.
Ba shin é an lá deacrach dó, an lá a ndeachaidh sé anonn go Sasana. Ach cé'n neart a bhíos air? Níl a fhios ag duine cá'il fód a bhás
Ba é an lá deacrach dóib an lá ar chuir siad cloch 'san teach nuadh sin ariamh. Tá smál nó léan eicínt orra ó shoin.
Ba é an lá deacrach di, ní dhá roint léithe é, an lá a ndeacha brat pósta uirre i dtosach. Is beag de shógh an tsaoghail adeirigh léithe ó shoin
Ba é an pósadh deacrach dó é, go bhfóiridh Dia orainn. Chuir sé triúr páistí agus a bhean i mbéal a chéile
Ní bheadh aon-mhaith aige ann go bhfaghadh sé mótar ag comórtas le na buic mhóra. Ba é an mótar deacrach dhó é. Dhóigh sé agus loisc sé é féin istigh ann shul a bhfaca sé bliain dhá shaoghal
Bhí sé beo-phianta nó go ndéanfadh sé an imirce. Ag cur maith air fhéin mar dhóigh dhe. Ba í an imirce dheacrach dhó í. Ní raibh lá de'n ádh air ó dhealuigh sé amach as B. an Gh.
Sin é féin an cogadh deacrach. Is iomdha máthair bhocht atá ag éagcaoineadh dhá bhárr
Níor chomhnuigh sé, go ndéanaidh Dia grásta air, go ndeachaidh sé siar go tóin Chonamara gur thug sé aniar an churach sin as. Ba shin í fhéin an churach dheacrach dó. Ba é an tríomhadh h-uair é aige innte, nuair a chuir sé ar an gcarraig bháidhte í, agus bhí a chnaipe déanta!
Thuitfeadh déidín aige an oíche sin, mara dteigheadh sé ag an damhsa. Ba hé sin fhéin an damhsa deacrach do'n chréatúr. Bhris sé a chois i bhfad uainn an anachain ag teacht abhaile. Níor eirigh sé de chúl a chinn ó shoin, ach sínte istigh annsiúd
+–
Mo léan deacrach thú! Ní dhéanfaidh sé siúd é = nach simplí an mhaise dhuit é a cheapadh go ndéanfaidh sé siúd é
Mo léan deacrach muise, is fada a bheadh sé ann shul a ghabhfainnse ag breathnú air. Níor chumaoin sin dom
TUILLEADH (6) ▼
Mo léan deacrach é! Fuair sé amach an té a thiubharfadh lá oibre in aisce dhó muis!
Mo léan deacrach! Is fada uainn amach a d'fhanfadh sí sin, marach go bhfuil brabach aice orainn
Mo léan deacrach í! Is beag an luadh a bheadh aca sin a taobhachtáil, marach go bhfuil rud dhá bárr aca! Thaobhóchadh muis!
Mo chreach mhaidne agus mo léan deacrach! Gheobhaidh tú rud uaidh sin go deimhin!
Déanfaidh sé siúd obair! Mo léan deacrach muis, an obair sin!
Mo bhrón deacrach muise, gur chuir mé aon-fhata ariamh aca
+–
Faraor ghéar dheacrach nach 'san mbaile a d'fhan mé!
Faraor ghéar dheacrach go raibh aon-láimh ariamh agam ann!
TUILLEADH (6) ▼
Faraor ghéar dheacrach nachar rómhair mé amach uiliog iad, nuair a scál an sioc iad, thar agus a bheith ag baint scriocháin anois
Faraor ghéar dheacrach nach mbriseann sé a smut leis. Ní beó é gan a bheith ag iarraidh a dhul amach
Faraor ghéar dheacrach gur thug mé áird ar bith air. Ach níl a fhios ag duine céard é a leas.
Faraor ghéar dheacrach nachar fhága muid é mar bhí sé, agus gan a dhul ag fáil a anró, ar scáth a thairbhe
Faraor ghéar dheacrach má bhain mé aon-fhód ariamh di. Feacha an aimsir sin! Nach gcuirfeadh sí carghas ar aonduine beó! 'Chuile lá ag baint fhearasbarr dá chéile
Céad faraor cruadh deacrach nach as cionn cláir atá sí agam indiu thar agus an bhail sin a bheith uirre. B'fhearr liom míle uair é!
Deacrach in iontrálacha eile (6)
→
deachma
Bhí cion cheithre cléibh fhataí annsin thuas agam arbhú aréir. Níor fhéad mé dhá gclúdú in áit a dtáinig scéala agam go raibh an bhudóig i dtinneas laoigh. Bhí sé amach in am suipéir go raibh an gó (gábh?) sin thart. Ba duibhe an oíche ná an phic, agus bhuail drugal mé a dhul soir ag plé leo an tráth sin d'oíche. Shíl mé dheamhan clóic a bheadh orra. Ní raibh amuigh ach corr-réaltóg agus ní raibh an ghaoth ó thuaidh. Ach mo léan deacrach, rinne sé an sioc deireadh oíche, agus mhill sé iad fré chéile. Níor chás é dhá mbeidís cruínn baileach fhéin, ach bhí siad fágtha in a scaipiúch agam ag ceapadh go sroichinn ar ais. Níl luach leithpighne mhaith anois ionnta ach a gcaitheamh ag an deachma. Is deacair do dhuine aonraic a bheith suas le 'chuile obair. Níl aon-ghoir aige air
→
deis
Shíl mé go n-imeochadh sé an uair a chorruigh J. T. ach mo léan deacrach, ní raibh sé ach ag cur deis chainte air fhéin an uair sin. Dheamhan imeacht ná go mbeadh sé in a lá gheal dhá bhfaghadh sé ugach ar bith fanacht
Tá diabhlaíocht Shasana indon a tabhairt as chuile ghá(bhadh). Mo léan deacrach thú is fada an lá díolta leis an diabhal í, agus m'anam go bhfuil sé ag rith léithe in a dheidh sin
→
dúid
Tá an bruach siúd in a bhog-eibhinn anois. Chuir mé bord na gcléibh ar an asal ann indiu, ach mo léan deacrach chuaidh sé dhá bháthadh go filleadh dúda ann ar an bpuinte boise. B'fhearr do dhuine gan a bheith dhá mheath fhéin ag déanamh ciseannaí ann, ach a dhul ag tarraint len a dhruim. Ba é ba shamhaoinighe dhó as a dheireadh ar chaoi ar bith
→
dúradán
Níl ort ach cúl-bhadar a thabhairt do'n dubhradáinín siúd agus cuirfidh tú luighe fiadha air … Mo léan deacrach muise an té atá láidir. Is dona a fritheadh Baile L. má bhuail dithreabhach mar siúd iad … Go dtugaidh Dia ciall duit! Ní bhuailfeadh sé míoltóg
Chaith mé mo dhúracht leis ag iarraidh a thabhairt abhaile, ach mo léan deacrach thú, ní fhágfaidh sé an áit siúd go mbeidh an sciúrtóig dheireadh ólta aige