Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
deacrach
/d′akrəx/, /d′ækrəx/
aidiacht as deacair
brónach, dólásach, cráite, scrúdtach, buaidheartha, léanmhar. Seo í an tseanchiall, ach tá sí ag seargadh, cé is moite go bhfuil sí tréan fós i leaganachaí bróin agus a leithidí.
+
Is deacrach an chaoi é dhá mbeadh neart air — is brónach
Is deacrach an scéal é, ach sin é an chaoi a mbíonn sé
TUILLEADH (2) ▼
Is deacrach an scéal é, gan cearc ná eireoig ag gabháil liom nach bhfuil ardaithe leis ag an rálach de shionnach sin, agus gan a dhath sásaimh le fáil agam
"Och! Och! arsa an chearc agus í ag gabháil ar an bhfara; Nach brónach agus nach deacrach é ábhar mo scéil; Céile mo leabthan agus athair mo chlainne; A dhul san áit nach bhfillfidh go héag." (as amhrán greannmhar Coileach agus Cearc
+
An léan a bhain dó: an léan deacrach
Ar chuala tú an scéal deacrach: gur báitheadh P. Ó D.?
TUILLEADH (10) ▼
Ara muise níor chuala tú an scéal deacrach seo: go ndearna an lad rua (an sionnach) sléacht anseo inniu! Cearc an áil a mh'anam. 'Sciob sé an ceann gan aireachtáil de mháthair an dáréag bhoicht,' mar adeireadh N.
Ba in é an lá deacrach dó, an lá a ndeachaigh sé anonn go Sasana. Ach cén neart a bhíos air? Níl a fhios ag duine cá'il fód a bhás
Ba é an lá deacrach dóibh an lá ar chuir siad cloch sa teach nua sin ariamh. Tá smál nó léan eicínt orthu ó shin
Ba é an lá deacrach di, ní dhá roinnt léithe é, an lá a ndeachaigh brat pósta uirthi i dtosach. Is beag de shó an tsaoil a d'éirigh léithe ó shin
Ba é an pósadh deacrach dó é, go bhfóire Dia orainn. Chuir sé triúr páistí agus a bhean i mbéal a chéile
Ní bheadh aon mhaith aige ann go bhfaigheadh sé mótar ag comórtas le na boic mhóra. Ba é an mótar deacrach dhó é. Dhóigh sé agus loisc sé é féin istigh ann shula bhfaca sé bliain dhá shaol
Bhí sé beophianta nó go ndéanfadh sé an imirce. Ag cur maith air fhéin mar dhóigh dhe. Ba í an imirce dheacrach dhó í. Ní raibh lá den ádh air ó dhealaigh sé amach as B. an Gh.
Sin é féin an cogadh deacrach. Is iomaí máthair bhocht atá ag éagaoineadh dhá bharr
Níor chónaigh sé, go ndéana Dia grásta air, go ndeachaigh sé siar go tóin Chonamara gur thug sé aniar an churach sin as. Ba in í fhéin an churach dheacrach dó. Ba é an tríú huair é aige inti, nuair a chuir sé ar an gcarraig bháite í, agus bhí a chnaipe déanta!
Thitfeadh déidín aige an oíche sin, mura dtéadh sé ag an damhsa. Ba é sin fhéin an damhsa deacrach don chréatúr. Bhris sé a chois i bhfad uainn an anachain, ag teacht abhaile. Níor éirigh sé de chúl a chinn ó shin, ach sínte istigh ansiúd
+
Mo léan deacrach thú! Ní dhéanfaidh sé siúd é — nach simplí an mhaise dhuit é a cheapadh go ndéanfaidh sé siúd é
Mo léan deacrach muise, is fada a bheadh sé ann shula ghabhfainnse ag breathnú air. Níor chomaoin sin dom
TUILLEADH (6) ▼
Mo léan deacrach é! Fuair sé amach an té a thabharfadh lá oibre in aisce dhó muis!
Mo léan deacrach! Is fada uainn amach a d'fhanfadh sí sin murach go bhfuil brabach aici orainn
Mo léan deacrach í! Is beag an lua a bheadh acu sin a taobhachtáil murach go bhfuil rud dhá barr acu! Thaobhódh muis!
Mo chreach mhaidne agus mo léan deacrach! Gheobhaidh tú rud uaidh sin go deimhin!
Déanfaidh sé siúd obair! Mo léan deacrach muis, an obair sin!
Mo bhrón deacrach muise, gur chuir mé aon fhata ariamh acu
+
Faraor ghéar dheacrach nach sa mbaile a d'fhan mé!
Faraor ghéar dheacrach go raibh aon láimh ariamh agam ann!
TUILLEADH (6) ▼
Faraor ghéar dheacrach nár rómhair mé amach uileag iad, nuair a scall an sioc iad, thar is a bheith ag baint screacháin anois
Faraor ghéar dheacrach nach mbriseann sé a smut leis. Ní beo é gan a bheith ag iarraidh a dhul amach
Faraor ghéar dheacrach gur thug mé aird ar bith air. Ach níl a fhios ag duine céard é a leas
Faraor ghéar dheacrach nár fhága muid é mar a bhí sé, agus gan a dhul ag fáil a anró ar scáth a thairbhe
Faraor ghéar dheacrach má bhain mé aon fhód ariamh di. Féacha an aimsir sin! Nach gcuirfeadh sí carghas ar aon duine beo! Chuile lá ag baint fharasbarr dá chéile
Céad faraor crua deacrach nach os cionn cláir atá sí agam inniu thar is an bhail sin a bheith uirthi. B'fhearr liom míle uair é!

deacrach in iontrálacha eile (6)

 
Bhí cion cheithre cléibh fhataí ansin thuas agam arú aréir. Níor fhéad mé dhá gclúdú an áit a dtáinig scéala agam go raibh an bhodóig i dtinneas lao. Bhí sé amach in am suipéir go raibh an gó (gábh?) sin thart. Ba duibhe an oíche ná an phic, agus bhuail drogall mé a dhul soir ag plé leo an tráth sin d'oíche. Shíl mé dheamhan clóic a bheadh orthu. Ní raibh amuigh ach corr-réaltóg agus ní raibh an ghaoth ó thuaidh. Ach mo léan deacrach, rinne sé an sioc deireadh oíche, agus mhill sé iad fré chéile. Níor chás é dhá mbeidís cruinn baileach fhéin, ach bhí siad fágtha ina scaipiúch agam ag ceapadh go sroichinn ar ais. Níl luach leithpínne mhaith anois iontu ach a gcaitheamh ag an deachma. Is deacair do dhuine aonraic a bheith suas le chuile obair. Níl aon ghair aige air
 
deis
Shíl mé go n-imeodh sé nuair a chorraigh J. T. ach mo léan deacrach, ní raibh sé ach ag cur deis chainte air fhéin an uair sin. Dheamhan imeacht ná go mbeadh sé ina lá gheal dhá bhfaigheadh sé ugach ar bith fanacht
 
Tá diabhlaíocht Shasana in ann a tabhairt as chuile ghábh. Mo léan deacrach thú is fada an lá díolta leis an diabhal í, agus m'anam go bhfuil sé ag rith léithe ina dhiaidh sin
 
dúid
Tá an bruach siúd ina bhogeimhin anois. Chuir mé bord na gcléibh ar an asal ann inniu, ach mo léan deacrach, chuaigh sé dhá bháthadh go filleadh dúda ann ar an bpointe boise. B'fhearr do dhuine gan a bheith dhá mheath fhéin ag déanamh ciseannaí ann, ach a dhul ag tarraingt lena dhroim. Ba é ba shomhaoiní dhó as a dheireadh ar chaoi ar bith
 
Níl ort ach cúlbhadar a thabhairt don dúradáinín siúd agus cuirfidh tú luí fia air … Mo léan deacrach muise an té atá láidir. Is dona a frítheadh Baile L. má bhuail díthreabhach mar siúd iad … Go dtuga Dia ciall duit! Ní bhuailfeadh sé míoltóg
 
Chaith mé mo dhúthracht leis ag iarraidh a thabhairt abhaile, ach mo léan deacrach thú, ní fhágfaidh sé an áit siúd go mbeidh an sciúrtóig dheiridh ólta aige