Deállrachán, Deállracán, Deallracán
—ainm-fhocal, fireann
—tuiseal geineamhnach uathaidh agus ainmneach iolraidh: deállracáin
—bíonn an ch séimhighthe scaithtí agus ní bhíonn uaireanntaí eile
—
an chnáimh atá isin gualainn ó mhaol na gualann go dtí uachtar an chliabhraigh in aice le logán an mhuiníl.
·
Deir siad go bhfuil a dheallracán briste. Sin é a fuair an iarraidh. Má tá indán agus go bhfuil tá a chuid maitheasa ar iarraidh, agus ní hé a d'fheilfeadh dhá áilín lag lúbach
Nuair a chaith mé dhíom an crann d'airigh mé gíascán in mo ghualainn agus thiubharfainn an leabhar go raibh mo dheallrachán briste. Chaith mé trí nó ceathair de laetheanta dhá fhuasaoid, ach dheamhan blas a bhí air in a dheidh sin féin