dealrachán, dealracán
—ainmfhocal, fireann
—tuiseal ginideach uatha agus ainmneach iolra: dealracháin
—bíonn an ch séimhithe scaití agus ní bhíonn uaireantaí eile
—
an chnáimh atá sa ngualainn ó mhaol na gualann go dtí uachtar an chliabhraigh in aice le logán an mhuiníl.
·
Deir siad go bhfuil a dhealrachán briste. Sin é a fuair an iarraidh. Má tá i ndán is go bhfuil, tá a chuid maitheasa ar iarraidh agus ní hé a d'fheilfeadh dhá áilín lag lúbach
Nuair a chaith mé dhíom an crann, d'airigh mé gíoscán in mo ghualainn agus thabharfainn an leabhar go raibh mo dhealrachán briste. Chaith mé trí nó ceathair de laethanta dhá fhuasaoid, ach dheamhan blas a bhí air ina dhiaidh sin féin
dealrachán in iontrálacha eile (1)
→
dúchas
Dúchas go sábhála Dia sinn! Má tá sé le dúchas, tá sé réidh. Is fada théis an madadh fuiliú ar dhuine go séideann an dúchas. B'fhéidir go mbeadh sé sé seachtainí nó ráithe nó tuilleadh. Isteach faoi do dhealrachán ansin slán an tsamhail, a bhuailfeadh an phian thú, nó isteach in do gheolbhach. Thiocfadh scéin in do shúile, agus thosófá ag cur chúir amach. Ó is gearr a mhairfeadh duine leis. Trí lá nó cheithre lá ar a fhad. Bheadh daol ort chuile phointe agus meirfean ina dhiaidh. Ribe fíonnaigh as an madadh dúchais féin an t-aon leigheas a bhí air. Deir siad nach mór do chuile shórt leigheas dhá chuid féin