Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Deamhas: deamhsóg
ainm-fhocal; buineann
níor chuala mé aon-chlaochlódh tuisil air, ach gur deamhasannaí, deamhsógaí an uimhir iolraidh.
Ó'n mBéarla measaim (douse? dose?). d Béarla an fhuaim atá ann fearacht "doubt", ach go sílim gur fuide siar ar an gcarbad an d i deamhas agus gur leathnuighthe a bhíos an teanga leis.
buille beag mar a bhuailfeá do láimh go h-éadtrom is an éadan ar pháiste; duine a bhualadh is an gceann le bois na láimhe.
+
Fuair sé cupla deamhas soir annseo an oíche cheana
Tiubharfaidh mé deamhas duit mara leigidh tú dom fhéineacht
TUILLEADH (2) ▼
Thug sé deamhas bheag do'n mhadadh
Bhuail sé deamhsóg ar an ngasúr, ach má bhuail féin, ní fhanfadh sé socair

Féach freisin