Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
deamhas, deamhsóg
ainmfhocal, baineann
níor chuala mé aon chlaochlú tuisil air, ach gur deamhasannaí, deamhsógaí an uimhir iolra.
ón mBéarla measaim (douse? dose?). d Béarla an fhuaim atá ann fearacht doubt, ach go sílim gur faide siar ar an gcarbad an d i deamhas agus gur leathnaithe a bhíos an teanga leis.
buille beag mar a bhuailfeá do láimh go héadrom san éadan ar pháiste; duine a bhualadh sa gceann le bois na láimhe.
+
Fuair sé cupla deamhas soir anseo an oíche cheana
Tabharfaidh mé deamhas duit mura lige tú dom fhéineacht
TUILLEADH (2) ▼
Thug sé deamhas bheag don mhadadh
Bhuail sé deamhsóg ar an ngasúr, ach má bhuail féin, ní fhanfadh sé socair

Féach freisin