diúltú
—briathar
—An gnáth-fhocal Gaillimheach ar "refuse", "eiteach" (eiteachtáil) nó "cur suas do … "
1.
cur suas do … ; eirghe as … ; gan do phlé a bheith le … ; "renounce". (Tabhair faoi deara gur "renunciation" agus nach "eiteach" (nó "refusal") atá ins na somplaí seo ar fad).
a.
+–
Dhiúltaigh mé é ar fad cé go raibh mé mór leis. = d'eirigh mé as a bheith mór leis, chuir mé suas dá bheith mór leis (tabhair faoi deara go bhfuil an briathar Aistrigheach mar seo, agus nach "refusal" atá igceist)
Dhiúltaigh sé iad féin agus a dteach ar fad. Ach ní dhearna sé in am é. Cúig bhliana roimhe sin a bhí aige a dhéanamh. Dhá ndéanadh, ní bheadh droch-rath ar a chuid mar atá. Ach in a dhiaidh a feicthear do'n Éireannach a leas.
TUILLEADH (3) ▼
Dhá ndiúltaigheadh sé an bhrothtuinn bhradach sin, b'fhéidir dó bun a dhéanamh fós, ach ní dhiúltóchaidh ná níl cuímne ar bith féin aige air. Tá an oiread de'n dallach dubh aca siúd air, agus nach mbíonn iabh ná forus air, mara mbeidh sé in a mbuil. Bíonn buadhannaidheacht eicínt ag cuid de na daoine le go mbíonn siad indon daoine eile a mhealladh mar sin
Chaith sé ceathair nó cúig de bhlianta ag dul in éindigh leis an mbean sin, agus dhiúltaigh sé í in a dheidh sin. Bhí an-fhaitíos ar a mhuíntir go bpósfadh sé í. M'anam dhá bpósadh fhéin nar mhiste dhó sin — go raibh sí sáthach maith aige
Bhí sé sin an-santach idtosach ach tá sé an-tsiléigeach anois. Níor fhan tóir mhór ar bith aige ar an obair.
+–
Dhiúltaigh sé an t-airgead ar fad = níl aon-suim fanta aige ann. Chuir sé suas do'n tóir a bhí aige air
Ní féidir gur dhiúltaigh tú an tobac uiliog. M'anam go bhfuil mé féin ag brath ar an rud céadna a dhéanamh, ach tá faitíos orm go gcinnfidh orm. Th'éis cho fada agus ab éigin dom troisceadh annsin an lá cheana, bhí a sheacht n-oiread dúil' agam ann an uair a d'eirigh liom gráinne a fháil aríst. Bhí, agus a sheacht n-oiread goin' orm dhá chaitheamh ó shoin. Má theigheann sé 'un gainneacht aríst dar lom-lán an leabhair eireochaidh mé as. Eireochaidh a mh'anam. Níl caoi ar dhuine ar bith atá ag pléidh leis an tobac céadna …
TUILLEADH (1) ▼
Chreidim go bhfuil sé th'éis an tae a dhiúltú ar fad. 'Ar ndú' diúltaighthe atá sé ag na daoine scáth a bhfuil le fáil dhe. An méid sin féin muis bíonn muid dúlaidhe aige … Bhí an-tóir aige-san air muis. Ní raibh ann ach "caith síos dhá bhlogam tae" 'chuile ré soluis
+–
Ar chuala tú faoi'n Naomh Pól? Chuala, cho maith liomsa. Bhí tú ag éisteacht leis an sagart dhá rádh. Dhiúltaigh an Naomh Pól an peacadh, aindeoin nach raibh fear ar bith ba mheasa ná é roimhe sin. Ach d'fhoillsigh Dia É féin air …
Is mó dhá fhonn atá orm na fataí a dhiúltú ar fad. Níl siad ag teacht liom. 'Chuile uair dhá n-ithim iad cuireann siad múisiam eicínt orm. Airighim cho trom ar mo chroidhe iad. Agus tá an-tóir go deo agam orra. Is cosamhail nach bhfeileann siad dom in a dheidh sin
TUILLEADH (10) ▼
Shílfeá gur dhiúltaigh sé "na cumainn" (cumann de pheáirtí poilitidheachta) amach agus amach. 'Ar ndú mo léan dhiúltaigh, an uair nar fhéad sé uisce a tharraint ag a mhuileann féin. Mise imbannaí nach ndiúltóchadh, dá mbeadh aon-bhrabach aige orra, ach chinn air an sean-bhóithrín siúd siar ag a chuid talmhana a fháil. Sin é a thug is "na cumainn" an chéad-lá ariamh é
Ar an dá luath agus ar thosuigh sé ag dul indiaidh na gcailíní, dhiúltaigh sé an scoil. D'eireochadh dhó. Nach hé a rinne a leitheid ariamh. Tá na mná indon ciméar a chuir ar an té is críonna a rugadh ariamh. Chuir siad ar Shola féin é, agus ba chríonna an fear é
Sílim go ndiúltóchaidh an fear seo thiar na capaill ar fad uaidh seo amach. Rith an bromach air an lá faoi dheireadh ag teacht ó'n gceardcha, agus tá scáth air a cur faoi charr ar bith anois. Déarfá gur mó an bhrath atá aige a díol ar fad. Bhí sé ag rádh indé go raibh caiple thrídh lasadh ar an aonach cheana …
Ní féidir gur dhiúltaigh tú an fiadhach ar fad th'éis a raibh de thóir agad air. Ab iad na coin a chuaidh in t'aghaidh nó ab é an tapa atá ag imeacht asad … D'eireochadh dhuit feasta choidhchin. Is furasta cur agad anois, ach an oiread liom féin
Ó anocht amach le congnamh Dé diúltóchaidh mise an chuartaidheacht. 'Séard a dhéanfas mé feasta síneadh siar ó chluais go rioball ar an teallach, na bróga a bhaint díom, na buinn a chur le teine, mo dhíol tobac a chaitheamh, agus neart cabaireachta a thabhairt do dhuine ar bith a chasfar isteach
Is iongantas agus cho taithighthe agus a bhí sé ann gur dhiúltaigh sé an cladach ar fad. 'Chuile oíche dá mbíodh snáth ar bith isteach, bhíodh sí scoilte aige roimhe lá agus gan dosán féin ag duine ar bith eile. Ach ní dheacha sé ann beag ná mór anuiridh, ná i mbliana fós …
Is beag a bhéarfadh orm an "dole" céadna a dhiúltú ar fad, scáth a thairbhe. Chuir mé dhá lá oibre amú leis, an tseachtain seo caithte: lá ag dul go G. agus lá ag dul go bearraic. Nar nuachaidh Dia dhóib, marab aca atá na cóirí catha faoi.
Má dhiúltaigh sé sin na "fags" muise agus a gcaitheadh sé aca, diúltóchaidh duine ar bith iad
"Dhiúltaigh sé an t-ór buidhe agus an choróin a bhí ann". (An Naomh Joseph in amhrán diadha)
D'iarr sé ar a raibh ann an poitín a dhiúltú, agus dhiúltaigh — faoi láthair ar aon-nós. Ach tá faitíos orm nach mórán cuímne a bhéas ar na "pledgeannaí" sin ar an dá luath agus a dtairgfear aríst dhóib é. Aithrighe thoirnighe a bhí ins an aithrighe sin thiar. An uair a thosuigh sé sin ag díbliú agus ag scaimhléaracht chuir sé scanradh ar 'chuile dhuine, ach ní bhíonn an scanradh sin buan faraor!
+–
Tá an lá ag diúltú de'n (dá) tsolus = tá an oíche ag tuitim; tá an contráth ann.
Níor tháinig sé go raibh an lá ag diúltú de'n tsolus, aindeoin gur cuireadh pearúl air a bheith annseo ó ló mhór. Ach mo chreach mhaidne, bhí maith ann go deimhin!
TUILLEADH (7) ▼
Bhí an lá ag diúltú dhá sholus indiu an uair a chuaidh an bus thart. Ach chreidim gur suarach an t-iongnadh sin agus muid ar ghearrógaí dubha na Nodlag. Ba mhór ab fhiú é dhá mbeadh an lá casta féin. Dheamhan a n-aireochadh duine síneadh ag teacht air aríst
Déan deabhadh anois má rinne tú ariamh é. Is gearr nach léar duit do láimh. Tá an lá ag diúltú dhá sholus cheana, agus níl siar ná aniar ann an tráth seo bhliain. Dhá mbeadh an lorry líonta againn ó sholus, níor chás duinn é. Níl muid ag iarraidh fearacht Sh. Ph. Mh. a dhéanamh leis: spaidealach agus scrathachaí agus clocha a thabhairt dó de shiubhal oíche!
An ceathair a chlog! Ní féidir! InDomhnach, chreidim gur fíor dhuit é. Tá an lá ag diúltú de'n tsolus
Is gearr le dhul an lá anois. Tá an ghrian ag diúltú dhá solus. Dheamhan a fhios agamsa nach bhfuil sí i dtalamh.
Corruigh amach. Ní mór duinn an easca a bheith bailighthe againn shul má theigheann an ghealach faoi. Tá sí ag diúltú dá solus anois féin. Is contabhairt é an criathrach seo le cíocraí agus caoch-phuill. Fuair mé mo dhóthain cheana dhó …
Mara bhfuil lampa agad níl aon-ghna amach anois agad. Beidh an oíche cho dubh leis an bpúca gan mórán achair. Tá an ghealach ag diúltú dhá solus. Níl ann ach sceallóigín gealaighe fós, agus is gearr go dteighidh sí faoi. Déanfaidh sí fíor-dhroch-oíche freisin …
Tá an lá ag diúltadh dhá sholus, maran duibhthean báistighe é. Ní mheasaim go bhféadfadh sé a bheith cho fada siar ins an lá agus go mbeadh an oíche ag tuitim. Ársóchaidh sé amach aríst b'fhéidir, ar ball
b.
+–
Diúltaigheamuid dó! = séanann muid é; ní mian linn aon-phlé a bheith againn leis; tá muid dár gcroiseadh féin gan a bheith in a pháirt
An diabhal — diúltaigheamuide dhó! — a rinne é. Marab é, ní h-é Dia
TUILLEADH (25) ▼
Deir siad gurb é M. D. a mharbhuigh í — diúltaigheamuide dhó. Hébrí cé a rinne é ar chuma ar bith, is dona a d'oibrigh sé. Níorbh fhiú do dhuine ar bith a dhul ag fiachadh uirre — an dithreabhach bocht!
Diúltaigheamuid dó sin. Ná bacaighidh chor ar bith leis. Bíonn anam duine ar sin scaithtí
T. Sh.! É sin! Diúltaigheamuid dó. Thiubharfadh sé sin sáthadh scine dhuit ar ionntú an tsuip. Is air nach mbeadh an mhairg a Thighearna! Bhrathfá é amanntaí do do dhearcadh ingan fhios agus scéin ann. Sin é "Dia aithnighear"
Sceannadóirí bradacha nach mbeadh lá carghais orra an tsúil a bhaint amach as do cheann! Fan uatha má tá do leas ar Dhia, nó, mara bhfanaidh, beidh scéal agad air!
Diúltaigheamuid do na h-aidhbheirseoirí sin ar fad, agus mo chomhairle dhuitse diúltú dóib freisin, shul á bhéas aithmhéala ort!
"Hector" ceart í sin. Maidir le goid a dhearbhráthair mo chroidhe thú, ghoidfeadh sí an ubh ó'n gcorr agus an chorr in a diaidh. Ach thiocfá ó'n ngoid féin marach an teanga atá aice. Sciollfadh sí thú go dtí an cnáimh. Diúltaigheamuid di agus do 'chuile dhuine dhá cineál
Súmaire bradach é. Ní bhfuightheá focal de'n chaint uaidh dhá lá do shaoghail. Ach dar mo choinsias, tá an bundún ann — bundún agus droch-mhúineadh. Diúltaigheamuid dó, ó's é atá againn a rádh leis
M. seo thiar a bhí tugtha síos léithe, ach cá bhfios duinn. Diúltaigheamuide dhóib thrín a chéile
Tá an fiabhras annsin 'sábhálaidh Dia sinn! Fanadh 'chuile dhuine as. D'orduigh Dia an anachain a sheachaint adeir siad. Diúltaigheamuid dóib
Cá bhfios domsa cé a rinne é ach gur dionadh é. Diúltaigheamuid dó
Deir siad go bhfuil sé ins na "Freemasons", diúltaigheamuid dó. 'Ar ndú, tá sé ráidhte le mo chuímne go raibh sé sin ag fáilt airgid uatha inGaillimh. Ach bíodh aige. Beatha do dhuine a thoil. Má tá, beidh a fhios aige ar ball é, ní ag tabhairt bhreithe air é
Ní seafóid ar bith é muis. Cho siúráilte agus atá tusa in do shuidhe annsin, tá sé ins na "daoine maithe". Diúltaigheamuid dó
Diúltaigheamuid di. Sin ráthlach. Ní tada eile í, ní dhá roint léithe é.
Tuige a dtiocfainnse isteach in a leithide d'áit. Diúltaigheamuid dó. Ní thiocfadh duine ar bith in áit den tsórt sin, ach dearg-scaibhtéara. 'Tuige a dtiocfadh?
Tá droch-eascainí aice sin — eascainí baintrighe. Ná cuir aice ná uaithe. Diúltaigheamuid di
Cá mbeadh do chosa do do thabhairt. Isteach idteach a bhfuil an galra eile sin ann — an typhus — i bhfad uainn an anachain! Ní ag cur aithne ort atá mé, ach ba cheart go mbeadh an oiread sin de thuiscint ionnad féin — nach dtiocfá ag brughadh ar an anachain. Diúltaigheamuid dó!
Is measa é sin ná teach na n-amhus atá sé mhíle taobh thiar d'Uachtar Árd. Mo chois ná mo chnáimh ní chuirfidh mé isteach ann le mo mharthainn aríst. Diúltaigheamuid dó!
'Ar ndú deirtear go bhfuil bruidhin ins an gcnocán sin diúltaigheamuide dhó. Diabhal lá ariamh ar aon-chor nach raibh cáil shidheamhail air. Is iomdha duine nach dtaithneochadh leo a dhul thairis ins an oíche asta féin
Na daoine maithe — diúltaigheamuide dhóib agus fuagruigheamuid deagh-chomharsanacht orra — a thug a bhean sin leo. Ba shin í an chaint a bhí ag dul thart ar aon-nós. 'Ar ndú 'chaon darna duine dhá n-imigheadh an uair sin fuadach as a bhíodh air, má b'fhíor. Is beag an fuadach as atá anois ann. Má imigheann an duine, tá sé imighthe agus sin é a bhfuil in a thímcheall. Diabhal mé go gcuirfidís thar bharr do chéille thú fadó, dá ngéilltheá dóibh, agus tá daoine ann fós féin adéarfadh leat é
Deir siad gur thug an sluagh sidhe — diúltaigheamuid dóib — é sin isteach ins an mbruidhin, deireadh oíche agus é ag dul Gaillimh. Níor bhlais sé de bhiadh ná do dheoch ann. Níor mhór dó féin nar bhlais. Dá mblaiseadh bhí a chnaipe déanta
Cros-bhóthar Dh. Fh. diúltaigheamuid dó. Ná taobhuigheadh aon-duine an áit sin. Níor leig sé a shláinte le aon-fhear ariamh. Is ann a fuair an tincéara mór féin an iarraidh a ghiorruigh leis
Ná bac le cuid de'n dream sin a bhí i Sasana! Diúltaigheamuid dóib! Is maith na h-údair iad, go mba leo féin uainne é!
Diúltaigheamuid do'n áit sin! Ní ghabhfainn ag aon-damhsa ann go díreach go dteighinn síos agus go mbáithfinn mé féin idtosach. Damhsaí gnaoidheamhla go deimhin! Is cuma leis an ngnaoidheamhlacht cé leis a ndéantar a samhailt, má sin damhsaí gnaoidheamhla. Bhí siad ar siubhal ariamh ariamh nó gur stop siad 'chuile dhamhsa eile. Anois tá a bhfuil de phighneachaí dá bhfuil ar liobarna ins an tír ag dul síos ina bpócaí féin. Tá faitíos orm nach rithfidh leo i gcomhnuí!
Deir siad muise go raibh sagart ins an áit seo a rinne an cleas sin. Diúltaigheamuid dóib. Ní dream ar bith iad na sagairt le cur in t'aghaidh. Tabhair a chuid dó, agus ná déan mór ná beag leis thairis sin … Eascainí sagairt adeir siad is cionntaighe leis an teach sin freisin. Ach diúltaigheamuid dó. Cá bhfios duinne an ndeárna sé aon-eascainí ariamh air.
Níl a fhios agam ar mharaigh sí an páiste chor ar bith — diúltaigheamuide di = ní maith liom a bheith ag cur bhréag uirre; ní mian linne a gníomh a bheith orainn fhéin.
2.
·
Dhiúltaigh sé an "blast" a chur amach nó go mbeadh an ráig caithte = d'eitigh sé (Feic diúltú. De réir mar atá sé annsin, is mó atá sé san gcaint, ach tá an chiall "d'eitigh (eiteach)" leis freisin; ach is beag é.)
diúltú in iontrálacha eile (4)
+
→
diúltú
Tá diúltú aige roimh an áit soir = ní mian leis a dhul soir chor ar bith (he has renounced it; it is anathema to him; is treise é ná "tá drugall aige roimh an áit soir")
TUILLEADH (2) ▼
Tá diúltú aige roimh an gcladach. In aghaidh a chos críochnuithe a ghabhfas sé ann
Bhí diúltú aige roimh an Aifreann ariamh fhéin, ní dhá roinnt leis é! Síos ag iascach, ná suas ag gróigeadh móna nó ag biorrú claidheachaí a bhuailfeadh sé ar uair an Aifrinn, sé sin cho uain agus a bhí sé de rath air aon-bhuille mhaitheasa a dhéanamh.
Níl aon-lá ariamh féin nach mbéarfadh dubhchrónach na h-oíche air ar bhóithrí R. an Mh. Ach tá diúltú aige roimh a dhul siar ar fad le goirid. Go dtí an geábh sin fhéin anois, níor facthas siar é le saol agus aimsir.