Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Dlighmhear
aidiacht
Fuaim dlifior — glifior
reachtamhail; de réir dlighe; ag luighe le dlighe; dlisteanach, cóir, ceart.
+
Bhí sé dlighmhear an rí sin a chur isteach = de réir dlighe; reachtamhail
Níl sé dlighmhear aige sin a bheith ins an bposta sin, dhá mbeadh ceart le fáil. Ach níl ceart le fáil. Ní hé is measa dar ndóigh ach an dream atá dhá choinneál ann
TUILLEADH (6) ▼
An sílfeá-sa anois an bhfuil sé dlighmhear aca sin a bheith ag dul timcheall ar an gceird sin chor ar bith. InDomhnach ní cheapfainnse go bhfuil. Ach diabhal an miste leo sin a bheith dlighmhear dhó nó gan a bheith. Oibreochaidh siad leo
Bhí sé ráidhte ariamh nach raibh sé dlighmhear ag póilíos a dhul ag tógáil fuisce ar shochairdeacha (sochraideacha) ach an bhfeiceann tú an chaoi atá orra anois. Chuartuigh siad istigh faoi'n gcorp annsin thiar an lá faoi dheireadh. Fhobair gur thóig siad an corp anuas de'n bhord. Diabhal an gceapfainn féin go gcuirfí mórán ar fhear poitín nuair is cúrsaí sochraide é
Níl sé dlighmhear ag fear ar bith a charr ná a chapall a bheith ar an taobh ó thuaidh de bhóthar agus é ag teacht anoir. Má mharbhuigheann mótar do chapall ort nó thú féin ins an gcás sin, dheamhan comhaireamh na sop le fáil agad … Féach leo é go bhfeicidh tú
Má tá sé dlighmhear ag fear a cholceathar a phósadh shílfeá go mbeadh sé dlighmhear aige a dheirbhshiúr a phósadh. Ach níl … Ara ná bac leis an ngrifisc sin i gC. Phósfaidís sin a máthair. Ní sompla ar bith do chríostuidhthe iad sin
Cé'n sórt leibideacht sin ort? Má bhí sé dlighmhear aige féin a dhul ins an gcasán nach bhfuil a fhios agad go raibh sé dlighmhear aige a rogha duine a thabhairt ann. Dlighe dhuit féin atá agadsa … Cuirfidh mise mo rogha geall leatsa anois má thugann sé 'un dlighe iad faoi'n a bhacadh go gcaithfidh sé iad. Caithfidh agus caoch a dhuine sin
Ná bac thusa lena buic mhóra sin. Níl rud ar bith nach bhfuil dlighmhear aca sin. Ní comórtas ar bith do dhaoine dona iad. Buailfidh piar aca sin isteach 'un dinnéir leis an mbreitheamh. Ólfaidh siad dalladh fuisce. Meann tusa (measann tusa — meadhann?) an dtiocfaidh an breitheamh in a aghuidh sin ins an gcúirt lá'r na bháireach. 'Sé nach dtiocfaidh, agus ná creid thusa ó aonduine go dtiocfaidh. Aithnigheann siad sin a nduine féin a mhic ó mo chroidhe thú. Is orra nach bhfuil an mhoill.

Dlighmhear in iontrálacha eile (1)

 
Is cuma ins an diabhal é a bheith dlighmhear nó gan a bheith. Meastú an gcomhaireann Dia seacht mbliana ná deich mbliana. An té nach n-íocfaidh an dlighteanas, beidh sé roimhe annsiúd ar Leabhar an Chunntais. Sin í an Leabhar a bhfuil géilleadh a bheith di agus ní h-iad leaibhríní beaga bhreitheamh na h-éagcóra