Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Dligheadóireacht
ainm-fhocal buineann as dligheadóir
ag gabhail do'n dlí mar a bhíos dligheadóir nó aighne nó aturnae; ag cur dligheannaí i gcion, nó dhá ndéanamh nó dhá bplé. (Amanntaí, cialluigheann sé ag dlí, ag dul chun dlí).
+
Ag dligheadóireacht a bhíos siad i gcomhnaí ins an Dáil sin
Is maith uatha dligheadóireacht a dhéanamh, ach má's maith, tá siad íoctha dhá réir
TUILLEADH (3) ▼
Bíonn an turnae sin ag imeacht ag dligheadóireacht ins 'chuile áit dhá bhfuighidh sé glaodhach
Sin é an áit a bhfuil an dligheadóireacht ar siubhal ins na h-oificí sin. Tá suas le dháréag dligheadóirí ann ar fad
Is gearr anois go mbeidh sé ag dligheadóireacht. Tá a chuid dindiúirí aige, ach bíonn siad scathamh maith amanntaí gan aon-chúis a fháil

Féach freisin