Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
dlíodóireacht
ainmfhocal, baineann as dlíodóir
ag gabháil don dlí mar a bhíos dlíodóir nó aighne nó aturnae; ag cur dlíonnaí i gcion, nó dhá ndéanamh nó dhá bplé. Amantaí, ciallaíonn sé ag dlí, ag dul chun dlí.
+
Ag dlíodóireacht a bhíos siad i gcónaí sa Dáil sin
Is maith uathu dlíodóireacht a dhéanamh, ach más maith, tá siad íoctha dhá réir
TUILLEADH (3) ▼
Bíonn an turnae sin ag imeacht ag dlíodóireacht ins chuile áit dhá bhfaighidh sé glaoch
Sin é an áit a bhfuil an dlíodóireacht ar siúl sna hoifigí sin. Tá suas le dháréag dlíodóirí ann ar fad
Is gearr anois go mbeidh sé ag dlíodóireacht. Tá a chuid dintiúirí aige, ach bíonn siad scaitheamh maith amantaí gan aon chúis a fháil

Féach freisin