Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
driúillín
ainm-fhocal; fireann
iolraidh = driúillíní
Fuaim — le fuaim d in a thosach go h-iondamhail, ach bíonn fuaim g ann amanntaí freisin, agus i gcomhnuí ins an leagan "griúillíní súighe"
1.
súileog; plubóg; "bobailín"; barr a theagas ar uisce an uair a chaithtear rud eicínt ann.
+
Thosuigh muid ag caitheamh miaróga (méaróga) síos ins an bpoll agus bhí driúillíní ag teacht ar bharr an uisce
Chonnaic duine eicínt ag tuitim thar bord é. Is cosamhail gur fhan sé ar thóin puill, arae a dhath ní fhaca siad ach cupla driúillín a tháinig ar an uisce. Deir siad go n-eirigheann an té a bhíos dhá bháthadh trí h-uaire, ach dheamhan ar eirigh dhó siúd má's cóir aon-áird a thabhairt ar an dream a bhí ins an mbád. Nach ciotach a d'eirigh sé dhó an duine bocht. Ach ní leithne an t-aer ná an timpiste mar adubhairt an ceann eile
TUILLEADH (11) ▼
Bhíodh muid thoir annsin thoir ar chúla na céibhe agus muid in ar suidhe síos ann go mbeadh sé in a dhí-thráigh agus go bhféadfadh muid a dhul ag obair. Dheamhan a dhath féin a bhí call duinn a dhéanamh an uair a bheadh sé in a lán-mhara, ná ó a bheadh leath-tuilte féin aige, ach cead againn suidhe annsiúd ag caitheamh clocha ins an bhfairrge agus ag breathnú ar na driúillíní ar an uisce. Ba é saoghal an duine uasail é a mhic ó
Cé'n chaoi a mbeadh a fhios agadsa go mbeadh bradáin in a luighe ar an átha? Bhuel innseochaidh mise sin duit agus cuirfidh mé geall go bhfuil an ceart agam. Má fhaireann tú iad feicfidh tú na bradáin ag cur driúillíní aníos … Dar a shon a bhfeicfeá na bradáin. Bíonn siad in a luighe ar an láib … ag comhnuighe thíos ar an láib. An uair a tharraingeas siad anáil, sin é an uair a chuireas siad aníos na driúillíní … Níl a fhios agam faoi'n domhain … b'fhéidir dhóib. Ní fhaca mise ariamh na driúillíní ach ar an tanuidheachan. Dá mbeidís in a sraith istigh faoi chloich d'fheicfeá na driúillíní freisin
Chaitheadh sé é féin síos do bharr na céibhe. Theigheadh sé idir dhá uisce. Ní fheicfeá tada go n-eirigheadh sé aríst, ach driúillíní a chuirfeadh sé aníos ar an uisce. B'ait an snámhóir é, agus feacha féin gur báitheadh é faoi dheire, in a dheidh sin
Mara mbeidh an poll sáthach domhainn ní thiocfaidh driúillíní ar bith air … níl a fhios agam. B'fhéidir go dteagann
D'fheicinnse clann an Bh. annsin thoir, an uair a bhí siad ag eirghe suas. Ní bheadh sásamh ar bith aca ann mura dteighidís síos 'chuile lá ag an gcladach agus gabhail chloch a chruinneál (chruinniú), agus a dhul síos agus tosuighe dhá gcaitheamh amach i bpoll Charraig Ch. go bhfeicfidís na driúillíní, nó na súileogaí, ar an uisce. M'anam go mbídís dhá dhéanamh an uair a bhí siad in oirifeart freisin cho maith leis an uair a bhí siad in a ngasúir. Dream an-tsimplí a bhí ionnta
Bhí rud eicínt ann: an bhfeiceann tú na driúillíní ar an uisce. Ceann beag a bhí ann. Marach gur b'eadh chloisfeadh muid an phlobarnaoil
Bhí muid amuigh ar an meath-bhallach agus ní fhaca tú ariamh ach a raibh de dhriúillíní in aice leis an muráite a raibh muid ann. Má bhí ní iasc a bhí ann. Dheamhan priocadh a fuair muid ó lonnuigh muid ann nó gur fhág muid aríst é
Droch-earradh a bhí ann pé'r bith cá'r fritheadh é. Stuf glas mar a bheadh poitín ann agus driúillíní ar a bharr leis an bhfiuchadh a bhí ann. Bhlais mé dó, ach chaith mé amach aríst é. Bhí blas an-scalta air
Má tá aon-bhradán ag lonnú ann, feicfidh tú na driúillíní ar an uisce. Dar príosta dá gceapainn go mbeadh, ní loicfinn choidhchin uaithe. Shaghdfainn í — shaghdfainn sin
Tá scair eangaighe curtha againn siar ins an gcuisle. Ní raibh a shúil innte ar maidin, ach facthas dom go bhfaca mé driúillíní ar an uisce in aice a droma indiu. Caithfidh muid a tógáil anocht
Thuit sé le fánaidh ins an bpoll báidhte. Chuir sé cupla driúillín aníos. Sin é a raibh faoi. Bhí a chorp istigh ins an snáth-mara, faoi cheann coicíse nó trí seachtainí
+
Tá sí ag cur driúillíní ar an lochán = tá an bháisteach ag cur súileogaí nó bobailíní ar an lochán
Bhí 'chuile bhraon di cho mór agus go raibh sí ag cur driúillíní ar an abhainn. Ba ghriodánta an bháisteach í.
TUILLEADH (2) ▼
Sin ráig thóirnighe. Is mór na braonacha iad buidheachas le Dia. An bhfeiceann tú na driúillíní atá siad a chur ar an uisce.
Creid mé dhuit ann go mba báisteach í. Bhí mé ag breathnú amach ar an abhainn, agus níl aon-driúillín dhá raibh sí a chur ar an uisce nach raibh cho mór le turnapa. Ní raibh achar ar bith go raibh na srathachaí siúd sceithte. Dheamhan claochmú a tháinig uirre go ndeacha muid a chodladh. D'eirigh mé maidin lá'r na bháireach agus mo sháith iongantais [orm]. Bhí loch ann nach raibh ann ag dul a chodladh dhom: an turloch mór siúd siar ó'n teach.
2.
cnapán bog de shúighe, nó a leitheid.
+
Griúillíní súighe = braonacha boga súighe, níos mó agus níos fliche ná "cúileogaí súighe" agus níos lugha ná "práibeanna" nó "práisceanna". (Bíonn g i leabaidh d in a thosach seo)
Tá griúillíní súighe ag tuitim ó mhaidin. Is cosamhail gurb é an aimsir fhliuch é. Ní bheidh ceo nach millfidh sé anois timcheall an teallaigh
TUILLEADH (5) ▼
Ní féidir seasamh chor ar bith ann, (cur suas leis; "to tolerate it") ag a bhfuil sé a chaitheamh anuas de ghriúillíní súighe. Marach sin is ann a ghabhfainn ar cuairt 'chuile oíche beo, mar gheobhthá spóirt an tsaoghail mhóir ann ar N. Ach ní féirín do dhuine a bheith ag imeacht agus a bháinín in a phéist an dá shúil dhéag aige.
Buaileadh griúillín súighe anuas díreach ar choincín na sróine orm: dhá mba urchar é, ní fhéadfadh sé a bheith a dhath ní ba dírighe.
Níl leabhar ná páipéar ná ball éadaigh faoi chaolachaí an tighe nach bhfuil millte ag griúillíní súighe atá anuas is 'chuile áit. Bhí aige brat tuighe a chur ar an teach siúd. Dheamhan stráca a chuaidh air le deich mbliana. Is beag an dochar dhó a bheith faoi shúighe féin scáth an áird atá aige air. Ba saoire dó an teach siúd a strachailt anuas ar fad anois, agus slinn a chur air, ná a dhul i gcleitheamhnas díon agus caoi a chur air mar atá sé. Ar aon-chor caithfidh sé ceann nuadh as an bpíosa a chur air. Níl rata ná taobhán ag gabhail leis siúd nach bhfuil lobhtha
Bhí sé in a shuidhe ar an teallach an oíche cheana, agus an treabhsar geal siúd a thug sé as Sasana air. D'fheicfeá 'chuile phuínte é ag cuimilt, faitíos go lonnóchadh donóid (deannóid) ar bith shalachair air. An chéad-rud eile a mhic ó mo chroidhe, thuit dhá ghriúillín súighe anuas in éindigh: ceann ar 'chaon ghlúin de'n treabhsar. B'fhada a chaith sé ag breathnú orra gan ceo ar bith a dhéanamh. Ag tabhairt ionbhadh dóibh go dtriomuighidís a bhí sé b'fhéidir. Ach dheamhan a fhios agam. "Céard iad sin" adeir N. faoi dheire. "Griúillíní súighe" arsa seisean go mí-chéadtach. Thosuigh N. ag déanamh bean mhaith di féin dhá chuimilt len a naprún. 'Sé an chaoi ar leathnuigh sí amach uilig in a phráisc ar fud a threabhsair é!
Deir tú le griúillín súighe a thuit síos in mo chuid tae annseo ar ball, agus mé dhá ól chois an teallaigh. Shíl mé ar feadh i bhfad gurb é blas an tae é, mar níl a fhios ag na daoine cé'n blas atá ar tae anois. Ach is gearr gur thuit griúillín eile ar mo láimh. Sin é an uair a bhrath mé gur súighe a bhí mé a ól i leabaidh tae. Ach chreidim gurb aon-chás amháin é. Níl mórán maitheasa ag an leithscéal tae atá muid a ól, ar shúighe.
·
Tá driúillíní allais leis = braonachaí beaga
Bhí sé faoi dhriúillíní allais ar fad
·
Ní raibh agam ach driúillíní buinní = gan a bheith ag tiacht ach súile
Chuaigh mé fiche uair ag scaoileadh cnaipe ó mhaidin agus gan mé ag déanamh ach driúillíní in a dheidh sin. Is mise an "jug" mór fada agus an bainne i bhfad siar ar chaoi ar bith inniu /

Féach freisin