déag
—ainm-fhocal, fireann
—iolraidh = déaga
—Níl tríocha, ceatharcha, caoga agus rl. i gcaint. Déantar an comhaireamh i gcomhnuidhe le déag. 31 = aon-cheann déag agus fiche; 53 = trí cinn déag agus dhá fhichead; 78 = h-ocht gcinn déag agus trí fichid; 95 = chúig cinn déag agus cheithre fichid; 136 = céad, sé cinn déag agus fiche; £35 = chúig phunta dhéag agus fiche; £57 = seacht bpunta dhéag agus dá fhichead; 76 uibheacha = sé h-uibhe déag agus trí fichid; 99 uaireannta = naoi n-uaire déag agus cheithre fichid; 38 blianta = h-ocht mbliana déag agus fiche; 13d = trí pighinn déag; 14d = cheithre pighinn déag; chúig phighinn dhéag; scilling agus tuistiún (cheithre buinn); scilling agus chúig phighne; h-ocht bpighinn déag (1/6); scilling agus seacht bpighne; scilling agus h-ocht bpighne, agus rl.; (Mar sin a comhairtear airgead i gcomhnuí ó scilling go dtí dhá scilling); 31s = h-aon déag agus punt; 32s = dó dhéag agus punt agus rl; 51s = h-aondéag agus dhá fhichead agus rl; 71s = h-aondéag agus trí phunt, dó dhéag agus trí phunt etc; 94s = ceathar déag agus ceithre phunt, trí déag agus ceithre phunt etc; 115s = cúig déag agus chúig phunt (chúig phunt cúig déag) agus rl; £6.11s = sé phunt h-aondéag agus rl., £7.15s = seacht bpunt cúig déag (cúig déag agus seacht bpunt) agus rl.; 11s = h-aondéag; 12s = dó dhéag; 13s = trí déag etc. (Mar sin a chomhairtear scilleachaí); 74 bó = ceithre bhó dhéag agus trí fichid agus rl.)
—
ins an gcomhaireamh ó dheich go dtí scór nó fiche le uimhreachaí.
+–
Tá sé ins na déaga = aois ar bith idir aon-bhliain déag agus scór
Tá sé ins na déaga agus fiche (31-40), ins na déaga agus dá fhichead, ins na déaga agus trí fichid, ins na déaga agus cheithre fhichid
TUILLEADH (18) ▼
Cráin-fhear ins na déaga agus dá fhichead a bhí ann an uair sin
Tá bun-aois mhaith aige. Is ceart dó a bheith ins na déaga agus dá fhichead
Gheobhaidh sé siúd aois na h-Úire agus na Caillighe Béara. An bhfeiceann tú cheana ins na déaga agus cheithre fichid é go h-árd, agus gan stró ar bith air faoin a dhul ag an Aifreann fós
Tá na déaga agus trí fichid sáruighthe aige. Fainic nach bhfuil na cheithre scóir féin fágtha in a dhiaidh aige.
Go dtugaidh Dia ciall duit! Is deas iad mo h-ocht mbliana fichead! Amach go maith féin atá sé ins na déaga agus fiche (amach go maith ins na déaga agus fiche = "in his late thirties")
Tá sé ins na déaga agus dá fichead ar éigin; tá sé ag breith amach ar na déaga agus dá fichead; tá sé isteach ins na déaga agus dá fhichead; níl sé mórán ins na déaga agus dá fhichead fós = "middle forties"
Bíodh unsa céille agad. Ní fheicfidh sé na déaga agus fiche aríst go bráth. Níl a fhios agam nach bhfuil an dá scór féin bailighthe go h-árd aige. Tá sé in a chraibeadán mar sin ó rugadh é
Níl sé ins n[a] déaga agus fiche fós
Tá sé as na déaga ar chuma ar bith. Tá agus go ma[ith] tá an scór scoithte aige.
Bhí sé as na déaga shul á ndeachaidh treabhsar air. M'anam go mbíodh sé ag dul thart annsin le na chóta dearg agus é in a chliobaire mhór shínte. Chonnaic mise tuithte ar meisce é faoin a chóta dearg. Sin é an chaoi a raibh 'chuile dhuine an uair sin. Ní maith go mbíonn siad coiscthe de'n chích anois an uair a bhíos brístín glúnach fáiscthe thuas orra …
Th'éis an aoirde atá ann, dheamhan a bhfuil na déaga caithte fós aige
Céad slán do'n tsaoghal sin féin an uair a bhí muid in ar mbrithin (bithin — r. sciorrthach) óg. Bhí muid ins na déaga an uair sin. Shíl muid nach mbeadh muid in oirifeart go bráth, ag caitheamh píopa, ag ól, ag dul ag damhsaí. Is beag an tóir atá ar dhamhsaí indiu againn. Is amhlaidh é: 'nuair a chríonas an tslat, is deacair a sníomh in a gad …
Tá sé bailighthe an scór muis. Is gearr a d'aireochthá na déaga ag sciorradh uait
Ó a bhéas siad ins na déaga chor ar bith (gasúir), ní airigheann na daoine ag sceinneadh amach in a bhfir iad. Ach ní mara chéile uiliog iad sin féin. Cuid aca a mbíonn an-bhiseach fútha, agus cuid eile nach ndéanann aon-bhiseach chor ar bith. De réir mianach an duine a bhíos sé
Tá greim an fhir bháidhte aige ar na déaga fós, ach is gearr go mbaintear é anois = é ionann agus scór; é ins an mí dheireadh de na naoi mbliana déag
Tá na déaga caithte aige! Tá a mh'anam agus faoi dhó, nó is dó is goire é. In a dhubhradáinín dona mar sin atá sé ariamh
Sin iad na déaga eile! Ní taobh le na déaga atá sé feasta choidhchin. M'anam gur beag an baoghal. Bhí a athair pósta cho luath liomsa
Má bhíonn fear thar na déaga chor ar bith bíonn sé in ínnmhe. Ní raibh mé cho maith ariamh agus a bhí mé in aois m'fhiche bliain.
+–
Dhíol sé sna déaga de lorries mhóna = níos mó ná deich gcinn
Chaill sé sna déaga de scilleachaí leis
TUILLEADH (2) ▼
Thug sé sna déaga de phunta air ar chaoi ar bith
Cheannaigh sí na déaga de bhuláin ar an aonach inniu.
Féach freisin
→
dara
déag in iontrálacha eile (50+)
→
feadhain
Tá chúig tithe déag istigh ar an mbaile, agus níl teach ar an bhfeáin aca a d'íoc aon-"phoor rate" fós. Is ar a chruachúis dóibh an baile uilig a chaitheamh amach. Ba cheart a íoc mar sin féin
Ní fhéadfaí gan breith air. Nach raibh sé dhá dhíol ro-fhollasach! An fear nach bhfaca sé ariamh thiúrfadh sé buidéal poitín dó cho maith leis an té a mbeadh sé in a dhá chuid déag leis
→
foláir
Níorbh fhuláir duit sé phunta dhéag a fháil ar an dá ghamhainín sin anois le bheith íocha ionta. Nar thug tú fhéin aon-phunta dhéag orra?
+
→
fágtha
Ní raibh ionta ach scadáin. Bhí siad an-fhágtha (eagtha?). Ní ghabhfaidís sé-phunta dhéag an t-aonach cheana = muca suaite; muca a bheadh caolaithe, ídithe agus tarraingithe, go háirid siar sna ceathrúnaí nó sna másaí
TUILLEADH (1) ▼
Tá an dílleachta bocht an-fhágha anois, gan duine ná deóraí san teach ach é fhéin. Dheamhan mórán le dhá bhliain déag é cheapfainn
→
fánaí 1
Ní bhfuightheá fear fánaí anois ag spealadóireacht gan dó dhéag san ló agus a bheathú. Agus is díon déirce le duine a bhfáil mar sin fhéin. Tig leó a rogha rud a dhéanamh. Má thogruíonn siad an lá a chaitheamh in a luighe, níl aon-ghoir agad cur chuca ná uatha. Má chuireann imeóidh siad, agus beidh tú gan Murcha gan Mánas annsin
Ar éigin na gcor a's na gcnámh 'fhéadanns muid é 'chur abhaile oidhche bith ach a' cipiléaracht chainnte annsin, go mbíonn an dó dhéag bainte aige. Dar mo chúis (chubhais?), racha mise chodladh feasta a's fanadh sé go maidin má's breagh leis é.
+
Th'éis nach bhfuil sé ach cheithre bliadhna déag dheamhan ionga ná ordlach ag fear na seacht mbliadhna déag air, leis a' gclo(ich)-neart. Is furast' aithinte air, go bhfuil an mianach ann!
TUILLEADH (1) ▼
Má tá sé dhá bhliadhain déag sé a chloch-neart é.
M'anam muise, má's leis a' choinicéar siúd a phósadh, nach f'learr (f'lár) dhó cathaoireacha níos láidre ná atá aige a cheannacht. Tá sí siúd h-ocht gclocha déag ar a cois, má tá sí taobh leis.
→
corradh
Dar m'ainín gur shíl mé go raibh sé corradh ar chéad bliadhain ó bhí 'Oidhche na Stoirme Móire' ann, nó gur chuala mé na gasúir a' léigheamh as a' bpáipéar an oidhche faoi dheire nach mbeidh sí céad bliadhain go dtí imbliadhna, anois. Cothrom Oidhche Chinn a' Dá Lá Dhéag a bhí sí.
Nach hí a chuimil sop na geirthe dhaoib, má bhain sí h-ocht bpighn' déag amach ar chupáinín tae cosnochtuighthe, a's é sin fhéin chomh lag leis an uisce is dóigh!
Déanfa sí sin an-rúisc mná, sin nó tá sí fhéin a's a cosamhlacht in aghaidh a chéile. 'Bhfeiceann tú an síneadh atá fúithe cheana fhéin, a's gan í ach trí déag nó ceathar déag.
+
→
bealach
Ní thiubhrainnse aon-dhá phunt dhéag dhó ar a' gcrupach de bhó úd. Bhí sé as bealach fúithe (léithe) = bhí sé ag iarraidh an iomarca.
TUILLEADH (1) ▼
Hébrí (pé'r bith) céard a dhéanfas tada eile, tá siopaí na h-áite seo as bealach ar fad leis a' bplúr. Gheobhfá céad plúir inGaillimh ar chúig déag, a's tá na scriosadóirí atá annseo a' baint seacht-déag a's sé pighne amach air.
Sníomhfa sé siúd a' leaba, má theigheann sé chodladh uirre. Tá'n cráisiléad údaidh chúig clocha déag meadhchain, má tá sé taobh leis.
→
críoch
Níl sí ó chrích fós, aindeoin go bhfuil sí amach go maith 'sna déaga a's fiche. Gheobha sí cráinfhear mór Achréidh; gan aon-choisméig siubhail, a gcinnfe air aon-bhean 'fhaghail is na bólaí s'aige fhéin.
→
brachán
Is geárr ó bhí siad 'na dhá gcuid déag le chéile, a's má tá'n brochán dóirtighthe anois, níl fhios aghamsa cé'n scéal é.
→
aer
Níl mí 'san aer, nach dteagann (dtagann) chúig phunta dhéag isteach chuca(b) idir a' dá pháighe.
→
aibí
Bhí sé chomh h-aibidh in aois a dhá bhliadhain déag, le sean-fhear ceithre fichead bliadhain.
→
buail ar
Bhuail sí an máilín plúir thuas ar a gualainn, a's thug sí dhá shiubhail abhaile é — dhá mhíle dhéag bealaigh. Tabhair bean uirre sin!
+
→
buille
Céard a bhéarfadh dhó buille sa mbéim a bheith ann, a's é ins na déaga a's trí fichid.
TUILLEADH (2) ▼
Is ceart dó a bheith ar bhuille an h-aon-déag feasta.
Tá sé thar am a dhul abhaile. Nar bhuail sé an dá bhuille dhéag?
→
buinne 1
Na h-easnachaí a sáithtear sa talamh idtosach. Annsin cuirtear buinne béil air — h-ocht slata déag. Sin é buinne na h-ocht slata déag. Cuirtear aríst as a chíonn sin h-ocht slata déag eile. Sin é an buinne láir. Slat eile a sháith annsin le taobh 'chuile easna, go gcuirfeá h-ocht slata déag eile ann. Sin iad na slata táis. Tóigtear a' buinne táis leob, a's bíthear dhá bhfígheachán go mbíonn siad caithte. Buinne tónach a chuir air annsin. Nuair a bheadh sin réidh aghad, na slata a bheadh 'sna taobhannaí a leagan anonn a's anall air, a's na slata éadain 'fhigheachán orra(b) sin, go gcuirfeá an tóin air: i gciseoig, séard a chuirfeá buinne in uachtar ar a' gcaiseal leob sin. 'Séard é fígheachán a' chléibh — buinne h-ocht slata déag, fígheachán nó buinne cheithre shlat, fhigheachán dhá shlat. 'Sé fígheachán a' dá shlat, a' figheachán singil — níor mhór cheithre slat l'aghaidh buinne. Buinne cam a chuirtear ar chléibhín ime: árduigheann a' caoladóir taobh de'n chliabh roimh an taobh eile (Cuir síos ar fhigheachán a's ar bhuinní an chléibh, ó chaoladóir — S. Ó. C. é an sliocht réamhráidhte).
→
ainneoin
Tá siad ina dhá gcuid déag le chéile; agus aindeoin sin a's uiliug, bíonn ceann aca(b) a' coireamhaint ar a' gceann eile.
+
→
airigh
D'airigh mé tart taca an dó dhéag, agus tharraing mé ar a' teach ósta, gur ól mé pionta.
TUILLEADH (1) ▼
Bíonn rudaí le'n aireachtáil ó'n dó-dhéag amach
Ní féidir go bhfuil siad briste amach le chéile aríst: shíl mise go raibh siad in a dhá gcuid déag le chéile, inDomhnach.
+
→
airde 2
Bhí sí aoirde Shiúbháin in aois a trí bliadhna déag, slán a' tsamhail ag Siubhán é!
TUILLEADH (1) ▼
Bhí sé in m'aoirde-sa in aois a cheithre bliadhna déag, slán a' tsamhail agamsa é.
+
→
anuas
Ó shoin anuas, níor imir mé fhéin aon-chárta, ó bhainfeadh sé an dó dhéag.
TUILLEADH (1) ▼
Bhí siad scathamh in a dhá gcuid déag, ach tá siad fhéin anuas ar a chéile anois = ba dhoiligh cur eatorra(b) scathamh, ach tá'n brachán dóirtighthe anois.
+
→
ard 2
Bhí mo mhuic-sa deich gclocha go h-árd. Níl fhios agam nach mbadh goire d'aon-chloich dhéag í.
TUILLEADH (2) ▼
Níl na sé bliadhna déag sáruighthe fós aige, agus tá sé cheana, sé troighthe go h-árd = go maith as cíonn sé-troighthe.
Tá sé na cheithre clocha déag go h-árd.
→
oscar
Níl na chúig bhliadhna déag sáruighthe fós aige, agus feacha (féach) a' t-ascar atá cheana faoi.
+
Tháinic sé anuas ó chúig phunta dhéag go dtí trí phunta dhéag.
TUILLEADH (1) ▼
B'éigin dom a theacht anuas 'san iarratas, ní raibh baoghal orm dhá phunt déag 'fhaghail.
→
failic
Tháinig dhá ghalún déag fuisce, agus nach diabhlaí an fhailic a rinneadh air, agus nach raibh deóir ann ag an sé maidin Déardaoin. Dheamhan an sdriog. Ach ba deacair dhó: roinneadh in a channaí é, agus a raibh san teach tuithe
+
→
Fionn 1
"Dhá theach déag a bhí ag Fionn; dhá theine dhéag is gach teach, agus fear agus céad ar gach teallach" = deirtear go mba shin é líon na Féinne
TUILLEADH (1) ▼
"Dhá theach déag a bhíodh ag Fionn tráth mbíodh muid uilig ar bhruidhin Éile na Séan. Dhá teine dhéag agus rl." = leagan eile ar an gcéad sompla
→
fionn 2
Níor tháinig fómhar na mban fionn fós. Sé an seachtú fómhar den chogadh é. Beidh an diabhal aerach an uair sin as cionn na hÉireann. Beidh muilleóir thart síos. Peadar Risteard a bhéas air, agus dhá sháil ar leathchois leis. Beidh an t-éan dubh ar an mbóthar. Sí an séamhadh bliain déag a bhéas sé ann. "An séamhadh bliain déag beidh Éire dearg le fuil; 'San seachtú bliain déag séard déarfas na mná: 'mo léan cá ndeachaidh na fir'" (giotaí den targaireacht) = is mór i gceist "Fómhar na mBan fionn" san targaireacht chéanna. Sé an fómhar é a mbeidh na fir imithe san gCogadh, agus siad na mná a chaithfeas an obair a dhéanamh
→
fleaim
Bhí sé (an t-aonach) maith go leór go dtí an haon-déag ach níor fhan fleaim ar bith ann uaidh sin amach. Gamhain ar bith nach raibh díolta an uair sin, bhí sé as
→
fleasc
Tá túirne annsin thuas agus í slán cés móite de fhleasc an roth. Ach cé measa beirhe é, arsa tusa. Dhá mbeadh duine eicínt ann a bheadh indon fleasc a dhéanamh, d'fhéadfadh duine de na mná seo a dhul ag sníomhachán lom láithreach. Chreidim dheamhan ceo a rinneadh léithe le dhá bhliain déag cheana