Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
déag
ainmfhocal, fireann
iolra: déaga
níl tríocha, ceathracha, caoga srl. i gcaint. Déantar an comhaireamh i gcónaí le déag. 31 = aon cheann déag is fiche; 53 = trí cinn déag is dhá fhichead; 78 = hocht gcinn déag is trí fichid; 95 = chúig cinn déag is cheithre fichid; 136 = céad, sé cinn déag is fiche; £35 = chúig phunta dhéag is fiche; £57 = seacht bpunta dhéag is dá fhichead; 76 uibheacha = sé huibhe déag is trí fichid; 99 uaireanta = naoi n-uaire déag is cheithre fichid; 38 blianta = hocht mbliana déag is fiche; 13d = trí pínn déag; 14d = cheithre pínn déag; chúig phínn dhéag; scilling is toistiún (cheithre boinn); scilling is chúig phínne; hocht bpínn déag (1/6); scilling is seacht bpínne; scilling is hocht bpínne, srl.; (Mar sin a comhairtear airgead i gcónaí ó scilling go dtí dhá scilling); 31s = haon déag is punt; 32s = dó dhéag is punt srl.; 51s = haon déag is dhá fhichead srl.; 71s = haon déag is trí phunt, dó dhéag is trí phunt srl.; 94s = ceathar déag is ceithre phunt, trí déag is ceithre phunt srl.; 115s = cúig déag is chúig phunt (chúig phunt cúig déag) srl.; £6.11s = sé phunt haon déag srl., £7.15s = seacht bpunt cúig déag (cúig déag is seacht bpunt) srl.; 11s = haon déag; 12s = dó dhéag; 13s = trí déag srl. (Mar sin a chomhairtear scilleachaí); 74 bó = ceithre bhó dhéag is trí fichid srl.
 sa gcomhaireamh ó dheich go dtí scór nó fiche le uimhreachaí.
+
Tá sé sna déaga — aois ar bith idir aon bhliain déag agus scór
Tá sé sna déaga is fiche (31—40), sna déaga is dá fhichead, sna déaga is trí fichid, sna déaga is cheithre fhichid
TUILLEADH (18) ▼
Crannfhear sna déaga is dá fhichead a bhí ann an uair sin
Tá bunaois mhaith aige. Is ceart dó a bheith sna déaga is dá fhichead
Gheobhaidh sé siúd aois na húire agus na Caillí Béarra. An bhfeiceann tú cheana sna déaga is cheithre fichid é go hard, agus gan stró ar bith air faoina dhul ag an aifreann fós
Tá na déaga agus trí fichid sáraithe aige. Fainic nach bhfuil na cheithre scóir féin fágtha ina dhiaidh aige
Go dtuga Dia ciall duit! Is deas iad mo hocht mbliana fichead! Amach go maith féin atá sé sna déaga is fiche (amach go maith sna déaga is fiche — in his late thirties)
Tá sé sna déaga is dá fichead ar éigean; tá sé ag breith amach ar na déaga is dá fichead; tá sé isteach sna déaga agus dá fhichead; níl sé mórán sna déaga is dá fhichead fós middle forties
Bíodh unsa céille agat. Ní fheicfidh sé na déaga is fiche aríst go brách. Níl a fhios agam nach bhfuil an dá scór féin bailithe go hard aige. Tá sé ina chrabadán mar sin ó rugadh é
Níl sé sna déaga is fiche fós
Tá sé as na déaga ar chuma ar bith. Tá agus go maith; tá an scór scoite aige
Bhí sé as na déaga shula ndeachaigh treabhsar air. M'anam go mbíodh sé ag dul thart ansin lena chóta dearg agus é ina chliobaire mhór shínte. Chonaic mise tite ar meisce é faoina chóta dearg. Sin é an chaoi a raibh chuile dhuine an uair sin. Ní maith go mbíonn siad coiscthe den chích anois nuair a bhíos brístín glúnach fáiscthe thuas orthu …
Théis an airde atá ann, dheamhan a bhfuil na déaga caite fós aige
Céad slán don tsaol sin féin nuair a bhí muid inár mbríthin (bíthin — r sciorrach) óg. Bhí muid sna déaga an uair sin. Shíl muid nach mbeadh muid in oirbheart go brách, ag caitheamh píopa, ag ól, ag dul ag damhsaí. Is beag an tóir atá ar dhamhsaí inniu againn. Is amhlaidh é: nuair a chríonas an tslat, is deacair a sníomh ina gad …
Tá sé bailithe an scór muis. Is gearr a d'aireofá na déaga ag sciorradh uait
Ó bheas siad sna déaga chor ar bith (gasúir), ní airíonn na daoine ag scinneadh amach ina bhfir iad. Ach ní mar a chéile uileag iad sin féin. Cuid acu a mbíonn an-bhiseach fúthu, agus cuid eile nach ndéanann aon bhiseach chor ar bith. De réir mianach an duine a bhíos sé
Tá greim an fhir bháite aige ar na déaga fós, ach is gearr go mbaintear é anois — é ionann is scór; é sa mí dheiridh de na naoi mbliana déag
Tá na déaga caite aige! Tá a mh'anam agus faoi dhó, nó is dó is gaire é. Ina dhúradáinín dona mar sin atá sé ariamh
Sin iad na déaga eile! Ní taobh le na déaga atá sé feasta choíchin. M'anam gur beag an baol. Bhí a athair pósta chomh luath liomsa
Má bhíonn fear thar na déaga chor ar bith, bíonn sé in inmhe. Ní raibh mé chomh maith ariamh agus a bhí mé in aois m'fhiche bliain
+
Dhíol sé sna déaga de lorries mhóna — níos mó ná deich gcinn
Chaill sé sna déaga de scilleachaí leis
TUILLEADH (2) ▼
Thug sé sna déaga de phunta air ar chaoi ar bith
Cheannaigh sí na déaga de bhulláin ar an aonach inniu

Féach freisin

dara

déag in iontrálacha eile (50+)

 
Tá chúig tithe déag istigh ar an mbaile, agus níl teach ar an bhfeadhain acu a d'íoc aon phoor rate fós. Is ar a chruachúis dóibh an baile uilig a chaitheamh amach. Ba cheart a íoc mar sin féin
 
Is gránna go deo an feithideach í péist an dá shúil dhéag! An bhfaca tú ariamh í?
 
Ní fhéadfaí gan breith air. Nach raibh sé dhá dhíol rófhollasach! An fear nach bhfaca sé ariamh thabharfadh sé buidéal poitín dó chomh maith leis an té a mbeadh sé ina dhá chuid déag leis
 
Níorbh fholáir duit sé phunta dhéag a fháil ar an dá ghamhainín sin anois le bheith íoctha iontu. Nár thug tú fhéin aon phunta dhéag orthu?
 
D'fhágfainn dhá chloich dhéag ag do mhuicse. Ní mórán le deich gclocha an mhuic eile seo
+
Ní raibh iontu ach scadáin. Bhí siad an-fhágtha. Ní ghabhfaidís sé phunta dhéag an t-aonach cheana — muca suaite; muca a bheadh caolaithe, ídithe agus tarraingthe, go háirid siar sna ceathrúnaí nó sna másaí
TUILLEADH (1) ▼
Tá an dílleachta bocht an-fhágtha anois, gan duine ná deoraí sa teach ach é fhéin. Dheamhan mórán le dhá bhliain déag é cheapfainn
 
fánaí 1
Ní bhfaightheá fear fánaí anois ag spealadóireacht gan dó dhéag sa ló agus a bheathú. Agus is díon déirce le duine a bhfáil mar sin fhéin. Tig leo a rogha rud a dhéanamh. Má thograíonn siad an lá a chaitheamh ina luí, níl aon ghair agat cur chucu ná uathu. Má chuireann imeoidh siad, agus beidh tú gan Murchadh gan Mánas ansin
 
Ar éigean na gcor agus na gcnámh a fhéadanns muid é a chur abhaile oíche ar bith ach ag cipiléireacht chainte ansin go mbíonn an dó dhéag bainte aige. Dar mo chúis, rachaidh mise a chodladh feasta agus fanadh sé go maidin más breá leis é.
+
Théis nach bhfuil sé ach cheithre bliana déag, dheamhan ionga ná orlach ag fear na seacht mbliana déag air leis an gclochneart. Is furasta a aithinte air go bhfuil an mianach ann!
TUILLEADH (1) ▼
Má tá sé dhá bhliain déag, 'sé a chlochneart é.
 
M'anam muise, más leis an choinicéar siúd a phósadh, nach foláir dhó cathaoireacha níos láidre ná atá aige a cheannacht. Tá sí siúd hocht gclocha déag ar a cois, má tá sí taobh leis.
 
Dar m'ainín gur shíl mé go raibh sé corradh ar chéad bliain ó bhí Oíche na Stoirme Móire ann nó gur chuala mé na gasúir ag léamh as an bpáipéar an oíche faoi dheireadh nach mbeidh sí céad bliain go dtí i mbliana, anois. Cothrom Oíche Chinn an Dá Lá Dhéag a bhí sí.
 
Nach í a chuimil sop na geire dhaoibh má bhain sí hocht bpínn déag amach ar chupáinín tae cosnochtaithe, agus é sin fhéin chomh lag leis an uisce is dóigh!"
 
Déanfaidh sí sin an-rúisc mná, sin nó tá sí fhéin agus a cosúlacht in aghaidh a chéile. An bhfeiceann tú an síneadh atá fúithi cheana fhéin, agus gan í ach trí déag nó ceathar déag.
 
baile
Ar an dá luath is a mbeidh mise cheithre bliana déag fanfaidh mé sa mbaile.
+
Ní thabharfainnse aon dhá phunt dhéag dhó ar an gcrupach de bhó úd. Bhí sé as bealach fúithi (léithe) — bhí sé ag iarraidh an iomarca.
TUILLEADH (1) ▼
Hé brí (pé ar bith) céard a dhéanfas tada eile, tá siopaí na háite seo as bealach ar fad leis an bplúr. Gheofá céad plúir i nGaillimh ar chúig déag, agus tá na scriosadóirí atá anseo ag baint seacht déag is sé pínne amach air.
 
Sníomhfaidh sé siúd an leaba má théann sé a chodladh uirthi. Tá an cráisiléad údaí chúig clocha déag meáchain, má tá sé taobh leis.
 
Níl sí ó chrích fós, ainneoin go bhfuil sí amach go maith sna déaga is fiche. Gheobhaidh sí crannfhear mór Achréidh; gan aon choisméig siúil, a gcinnfidh air aon bhean a fháil sna bólaí s'aige fhéin.
 
Is gearr ó bhí siad ina dhá gcuid déag le chéile agus má tá an brachán dóirtithe anois, níl a fhios agamsa cén scéal é.
 
aer
Níl mí san aer nach dteagann (dtagann) chúig phunta dhéag isteach chucub idir an dá pháí.
 
aibí
Bhí sé chomh haibí in aois a dhá bhliain déag le seanfhear ceithre fichead bliain.
 
Bhuail sí an máilín plúir thuas ar a gualainn agus thug sí dhá shiúil abhaile é — dhá mhíle dhéag bealaigh. Tabhair bean uirthi sin!
 
buail
Ta sé thar am a dhul abhaile agus an dó dhéag (an dá bhuille dhéag) buailte (bainte) aige.
+
buille
Céard a bhéarfadh dhó buille sa mbéim a bheith ann agus é sna déaga is trí fichid.
TUILLEADH (2) ▼
Is ceart dó a bheith ar bhuille an haon déag feasta.
Tá sé thar am a dhul abhaile. Nár bhuail sé an dá bhuille dhéag?
 
buinne 1
Na heasnachaí a sáitear sa talamh i dtosach. Ansin cuirtear buinne béil air — hocht slata déag. Sin é buinne na hocht slata déag. Cuirtear aríst os a chionn sin hocht slata déag eile. Sin é an buinne láir. Slat eile a shá ansin le taobh chuile easna go gcuirfeá hocht slata déag eile ann. Sin iad na slata táis. Tógtar an buinne táis leob agus bítear dhá bhfíochán go mbíonn siad caite. Buinne tónach a chur air ansin. Nuair a bheadh sin réidh agat, na slata a bheadh sna taobhannaí a leagan anonn is anall air agus na slata éadain a fhíochán orthub sin go gcuirfeá an tóin air: i gciseoig, séard a chuirfeá, buinne in uachtar ar an gcaiseal leob sin. Séard é fíochán an chléibh — buinne hocht slata déag, fíochán nó buinne cheithre shlat, fhíochán dhá shlat. 'Sé fíochán an dá shlat am fíochán singil — níor mhór cheithre slat le aghaidh buinne. Buinne cam a chuirtear ar chléibhín ime: ardaíonn an caoladóir taobh den chliabh roimh an taobh eile (Cuir síos ar fhíochán agus ar bhuinní an chléibh ó chaoladóir — S. Ó C., é an sliocht réamhráite)
 
Tá siad ina dhá gcuid déag le chéile; agus ainneoin sin is uileag, bíonn ceann acub ag coiriúint ar an gceann eile
 
Ní mheáfaidh an t-ainsiléad seo thar chúig phunta déag.
+
airigh
D'airigh mé tart taca an dó dhéag agus tharraing mé ar an teach ósta gur ól mé pionta.
TUILLEADH (1) ▼
Bíonn rudaí le n-aireachtáil ón dó dhéag amach
 
Ní féidir go bhfuil siad briste amach le chéile aríst: shíl mise go raibh siad ina dhá gcuid déag le chéile i nDomhnach.
+
airde 2
Bhí sí airde Shiobháin in aois a trí bliana déag, slán an tsamhail ag Siobhán é!
TUILLEADH (1) ▼
Bhí sé in m'airdese in aois a cheithre bliana déag, slán an tsamhail agamsa é.
+
anuas
Ó shin anuas, níor imir mé fhéin aon chárta ó bhainfeadh sé an dó dhéag.
TUILLEADH (1) ▼
Bhí siad scaitheamh ina dhá gcuid déag, ach tá siad fhéin anuas ar a chéile anois — ba dhoiligh cur eatarthub scaitheamh, ach tá an brachán dóirtithe anois
+
ard 2
Bhí mo mhuicse deich gclocha go hard. Níl a fhios agam nach mba gaire d'aon chloich dhéag í.
TUILLEADH (2) ▼
Níl na sé bliana déag sáraithe fós aige, agus tá sé cheana sé troithe go hard — go maith os cionn sé troithe
Tá sé na cheithre clocha déag go hard.
 
oscar
Níl na chúig bhliana déag sáraithe fós aige agus féacha (féach) an t-oscar atá cheana faoi.
+
Tháinig sé anuas ó chúig phunta dhéag go dtí trí phunta dhéag.
TUILLEADH (1) ▼
B'éigean dom a theacht anuas san iarratas, ní raibh baol orm dhá phunt déag a fháil.
 
failic
Tháinig dhá ghalún déag fuisce, agus nach diabhlaí an fhailic a rinneadh air, agus nach raibh deoir ann ag an sé maidin Déardaoin. Dheamhan an striog. Ach ba deacair dhó: roinneadh ina channaí é, agus a raibh sa teach tite
+
Fionn 1
"Dhá theach déag a bhí ag Fionn; dhá thine dhéag i ngach teach, agus fear agus céad ar gach teallach" — deirtear go mba in é líon na Féinne
TUILLEADH (1) ▼
"Dhá theach déag a bhíodh ag Fionn tráth mbíodh muid uilig ar bhruín Éile na Séan. Dhá tine dhéag srl." — leagan eile ar an gcéad sampla
 
fionn 2
Níor tháinig fómhar na mban fionn fós. 'Sé an seachtú fómhar den chogadh é. Beidh an diabhal aerach an uair sin os cionn na hÉireann. Beidh muilleoir thart síos. Peadar Risteard a bheas air, agus dhá sháil ar leathchois leis. Beidh an t-éan dubh ar an mbóthar. 'Sí an séú bliain déag a bheas sé ann. "An séú bliain déag beidh Éire dearg le fuil; Sa seachtú bliain déag séard déarfas na mná: 'mo léan cá ndeachaigh na fir'" (giotaí den targaireacht) — is mór i gceist Fómhar na mBan Fionn sa targaireacht chéanna. 'Sé an fómhar é a mbeidh na fir imithe sa gcogadh, agus 'siad na mná a chaithfeas an obair a dhéanamh
 
fleaim
Bhí sé (an t-aonach) maith go leor go dtí an haon déag ach níor fhan fleaim ar bith ann uaidh sin amach. Gamhain ar bith nach raibh díolta an uair sin, bhí sé as
 
fleasc
Tá tuirne ansin thuas agus í slán cé is moite de fhleasc an roth. Ach cé measa beirthe é, arsa tusa. Dhá mbeadh duine eicínt ann a bheadh in ann fleasc a dhéanamh, d'fhéadfadh duine de na mná seo a dhul ag sníomhachán lom láithreach. Chreidim dheamhan ceo a rinneadh léithe le dhá bhliain déag cheana