Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
díolachán
ainm-fhocal, ainm-bhriathar; fireann
níl aon-iolraidh aige
an rud a bhíos ar siubhal i siopa nó in a mhacsamhail d'áit. Ní bhíonn díolachán ar aonach. Díol agus ceannacht a bhíos ar siubhal ann. Déantar díol ar aonach nó ar mhargadh ach bíonn díolachán ar siubhal i siopa, i gcábáin nó ag mangairí, (idir cheannuidhthe, agus díoltóirí earraidhthe aithdhíolta).
+
An ndéanann sé mórán díolacháin anois … is dóigh gurb é an chaol-chuid é, ó a d'imigh an deirbhshiúr uaidh. Sin í an cailín a bhí indon an díolachán a dhéanamh
Is beag an díolachán a ghníos an siopa sin chor ar bith anois. 'Séard atá sé féin a dhéanamh, ag tógáil cúití (con) agus dhá dtabhairt ag rástaí. Is cosamhail gur mó na h-iarmhuis atá ar na cúití ná ar na siopaí. Marach gur mó ní eireochadh seisean as a cheann fhéin
TUILLEADH (2) ▼
An siopa óil nó siopa díolacháin atá istigh aige. Bhíodh ósta annsin fadó, bíodh sé ann anois nó ná bíodh.
Is olc an bhean díolacháin í. Tá sí ro-chunntasach. Dá mbeitheá ag síneadh leath-chéad punt amach aice agus dhá mbeadh an bille leithphighinn le cois, d'fhanfadh sí go bhfaghadh sí an leithphighinn. Sin é an sórt duine í. Ní mhaithfeadh sí tada dhuit. Níl a díol cuntanáis innte ach oiread, leis an té a thiocfas isteach chuice. Ní mór do bhean díolacháin a bheith fáilidhe i gcomhnuí …
+
Tá siad ag díolachán anois ann le gul 'un bliana, agus sipín deas istigh aca. Níl de chlóic orra anois ach go bhfuil an áit beagán ro-chumhang. Ach cuirfidh siad fairsinge air leis an aimsir. As na tighthe beaga a theightear ins na tighthe móra adeir siad
Shílfeá go bhfuil tú ag brath ar a dhul ag díolachán bail ó Dhia ort! 'Séard a bhí agad a dhéanamh anois cupla páidrín agus glac iallachaí a fháil, agus a dhul thart dhá bhfuagairt ó theach go teach — ag siubhal romhat agus ag bailiú in do dhiaidh mar adeireadh an Ceannuidhe Ruadh a bhíodh ag dul thart annseo fadó. Chuala mé M. Ph. Sh. M. — ós aige atá a fhios chuile rud — ag rádh an lá cheana gur ag díol páipéir nuaidheachta ar na sráideanna a thosuigh Lipton an tae. Má seadh ba mhaith a chuaidh sé dhó. Ach bhí sé cruadh coinneálach agus cion aige ar 'chuile phighinn. Tomsuigheann brobh beart, adeir siad
TUILLEADH (1) ▼
Bhíodh sé sin ag dul thart annseo fadó le carr agus capall ag díolachán. Tae a bhíodh sé a dhíol. Bhíodh go leor de na fir tae sin ag dul thart an uair sin. Is uatha a cheannuigheadh chuile dhuine tae. Ní raibh thairis sin de mheas chor ar bith ar tae na siopaí an uair sin — mara bhfaighteá ó fhear an tae é … Is gearr ó shoin chor ar bith é sin …

Féach freisin

díolachán in iontrálacha eile (1)

 
Tóigeadh é faoi dheireadh thiar thall. Nar theagaidh sé amach choidhchin muis! Is iomdha mailís atá déanta aige ar dhaoine bochta, ó a thosuigh sé ag díolachán annsin.