Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Dúrachtach
aidiacht as dúracht.
1.
díocasach, spleodarach, fíreamhail, fonnmhar chun oibre agus rl. (Ro-dhíocasach, nó ró-spleodarach scaithtí. Fc. somplaí dúracht).
+
Is ait an fear é C. C.: dúrachtach ceart
Nach hé athá dúrachtach i gcomhnaí indiaidh na mná. Smál é atá ag siubhal leis chreidim
TUILLEADH (4) ▼
Tá sé ag cur láin in aer thuas annseo: dúrachtach ceart
Dhá mbeadh sé cho dúrachtach len a gharrdha agus atá sé leis an nathaidheacht sin, ní ag dul thart ag iarraidh cupla fata ar son Dé ó lá Fheil' Bríde amach a bheadh sé
Dar príosta, má tá féin, is maith an aghaidh pósta é. Fear maith dúrachtach é i ngort agus ingarrdha, i dtalamh agus i dtráigh. Ní bheidh aon-ocras ar an mbean a gheobhas sé ar chaoi ar bith, má ghníonn fátallaidhe di é. Is mór an feall nach fadó an lá a rinne sé é
Mara bhfuil lá dúrachtach oibre déanta ag an gceánn seo thíos ó mhaidin castar leis é = lá dicheallach
2.
·
Tá sé siúd cho dúrachtach do Develera agus a bheitheá do do bhéilí = dílis dó nó cho luighteach leis

Féach freisin