dúthrachtach
—aidiacht as dúthracht
1.
            
díocasach, spleodrach, fíriúil, fonnmhar chun oibre srl.  Ródhíocasach nó róspleodrach scaití (fc. dúthracht).
+–
Is ait an fear é C. C.: dúthrachtach ceart
Nach é atá dúthrachtach i gcónaí i ndiaidh na mná.  Smál é atá ag siúl leis chreidim
      
                                TUILLEADH (4) ▼
                            
Tá sé ag cur láin in aer thuas anseo: dúthrachtach ceart
Dhá mbeadh sé chomh dúthrachtach lena gharraí agus atá sé leis an nathaíocht sin, ní ag dul thart ag iarraidh cupla fata ar son Dé ó Lá Fhéil Bríde amach a bheadh sé
Dar príosta, má tá féin, is maith an oidhe pósta é.  Fear maith dúthrachtach é i ngort agus i ngarraí, i dtalamh agus i dtrá.  Ní bheidh aon ocras ar an mbean a gheobhas sé ar chaoi ar bith má ghníonn fáiteallaí di é.  Is mór an feall nach fadó an lá a rinne sé é
Mura bhfuil lá dúthrachtach oibre déanta ag an gceann seo thíos ó mhaidin castar leis é — lá dícheallach
2.
            
·
  Tá sé siúd chomh dúthrachtach do de Valera agus a bheifeá do do bhéilí — dílis dó nó chomh luiteach leis