Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Failc
Ainmfhocal, Buineann
Deirtear "fairc" amanntaí. Tá focal ann, aircín .i. crompán nó cuan beag ("aircíní na Trágha Báine") agus b'fhéidir gurb é an focal céanna é. Fc. failic freisin
ailp a bheadh imithe as sconnsa, fál nó balla; oscailt a bheadh isteach i dtuim; mannt.
+
Bhí sé in a sheasamh istigh san bhfailc siúd atá san bhfál
Céard a bhain an fhailc as an sconnsa? Leoraí a bhuail faoi ab ea?
TUILLEADH (3) ▼
Bhain duine eicínt failc as taobh na cruaiche siúd. Ní beo cuid de na daoine gan a bheith ag goid
Luigh mé isteach i bhfailc na tuime, agus chuaigh sé tharm amach gan mé a fheiceál. Diabhal mé go raibh sé ag síorádh leis féin
Dheamhan fód móna aige sin le ráithe nach bhfuil díolta aige. Ag baint bhrosna a fheicim anois é. Bhain sé failc mhaith as an sceich mhóir atá san nGarraí Treasna inniu

Féach freisin