failc
—ainmfhocal, baineann
—
ailp a bheadh imithe as sconsa, fál nó balla; oscailt a bheadh isteach i dtoim; mant.
+–
Bhí sé ina sheasamh istigh sa bhfailc siúd atá sa bhfál
Céard a bhain an fhailc as an sconsa? Leoraí a bhuail faoi ab ea?
TUILLEADH (3) ▼
Bhain duine eicínt failc as taobh na cruaiche siúd. Ní beo cuid de na daoine gan a bheith ag goid
Luigh mé isteach i bhfailc na toime, agus chuaigh sé tharam amach gan mé a fheiceáil. Diabhal mé go raibh sé ag síor-rá leis féin
Dheamhan fód móna aige sin le ráithe nach bhfuil díolta aige. Ag baint bhrosna a fheicim anois é. Bhain sé failc mhaith as an sceich mhóir atá sa nGarraí Trasna inniu
Féach freisin
→
failic