Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Fairsing
Aidiacht
Fuaim: fairsing etc. rs caol Chois Fharraige mar atá i "Seóirse", "céirseach" etc nó farsuinn etc. go minic agus gan "rs" leathan. nn caol i gcomhnaí ag an deireadh. Farsne, forsne (/fors′ɴə/) san mbreis-chéim den Aidiacht go minic, agus fairsniú, foirsniú san mBriathar
1.
a.
líonmhar, iolraidh, iomadúil, neamh-ghann.
+
Tá airgead cho fairsing le spréidhmhóin aige = an-fhairsing go deó, dubh-fhairsing etc.
Tá carrannaí cho fairsing le spréidhmhóin (le druideachaí, le clocha beaga, leis an droch-aimsir etc.) annseo anois
TUILLEADH (6) ▼
Tá tobac fairsing aríst th'éis cho gann agus a bhí sé tamall
Tá móin fairsing annseo thar mar atá sí soir annsin
Tá tae ag eirí fairsing aríst = ag dul chun fairsinge(acht) aríst
Tá coiníní fairsing aríst
Tá bainne go fairsing ann ar chaoi ar bith
Ní fairsinge an t-aer ná an tímpiste = tárlaíonn timpistí an-mhinic; thárlódh tímpistí in áit ar bith; accidents will happen
·
Ní baile é atá an-fhairsing faoi thalamh = níl mórán talúna ann (talamh cuir, nó talamh ar fónamh)
Tá sé sin fairsing faoi thalamh = neart talúna aige
b.
mór, leathan, áirgiúil, límistéar a bheith faoi, cairithe amach.
+
Tá an áit sin fada fairsing aca anois len a ndóthain len ithe a fháil ann = an-fhairsing
Shílfeá go raibh an tír fada fairsing aige le bean a fháil, seachas a dhul ag posadh a cholcúigear
TUILLEADH (9) ▼
Is fada fairsing atá an baile agaibh agus gan a dhul ag spraoi istigh san iothlainn.
Tá teach fada fairsing aige annsiúd
Tá teach fairsing aige
Seomra fairsing é an é an seomra seo
Is fairsinge an cladach se'againne ná cladach na C. D., agus is mó an fheamainn a bhíos ar an gC. Dh. in a dheidh sin
Tá an garraí sin breá fairsing = mór, limistéar mór faoi
Fág fairsing thairis sin é
Tá an scoil sin bun-fhairsing go maith
Tá an cró sin sách fairsing do thrí cinn de bheithigh
c.
+
Tá na bróga seo ro-fhairsing dom, agus shíl mé gur ro-chumhang a bheidís
Bróig bhreágh fhairsing luchtúil í
TUILLEADH (2) ▼
Tá an treabhsar sin míle ró-fhairsing duit
Tá an cóta mór sin ro-fhairsing ag a bhásta
+
Is gearr go mbeidh an chearc ag breith, tá sí cho fairsing sin = fairsing nó cairithe, nó méaduithe san bhfiodán
Shílfeá go bhfuil sí (cearc) cho fairsing agus go mba cheart di tosaí ag breith feasta
TUILLEADH (1) ▼
Bó mhór fhairsing í = leithead nó cairiú mór uirre in a bolg nó in a bruinn (deirtear le mná freisin é)
2.
fial, cóir, cóiriúil, gnaoidhiúil.
+
Tá croí mór fairsing aige = é fial flaithiúil
Níl croí cho fairsing aice agus a bhí ag a máthair
TUILLEADH (6) ▼
"D'eirigh Peaits Sheáin Mhóir, fear an chroí mhóir fhairsing; Tugaighí rud don chráin agus codlóidh sí go maidin" (As amhrán)
An bhfuil siad seo soir fairsing faoi na "feaigs" anois = an dtugann siad uatha mórán aca
Go deimhin bhí sé fairsing ariamh faoin mbiadh
Tá sé ag leigean airgid amach go fairsing
Roinn sé an fuisce go fial fairsing
Chaithfeadh sé a mbeadh aige go fial fairsing
3.
teann, beó.
+
Tháinig an ghaoth fairsing orainn ar an mbealach isteach (leagan fairrge) = d'arduigh an ghaoth in a cóir dúinn
Bhí sé in lagar orainn go Carraig an Mhatail, ach d'eirigh "braos" gaoithe aniar annsin, agus thosuigh sé ag teacht fairsing orainn = bhí cóir againn agus lán an tseoil de ghaoith
TUILLEADH (3) ▼
Shílfeá go bhfuil sé ag tiacht buille fairsing = cóir ag eirí
Tá sé ag teacht cho fairsing anois agus nach mór a dhul ar chúrsaí
Tá sé buille fairsing anois má mhaireann dó. Ach shílfeá gur mó an bhrath atá aice (an ghaoth) a dhul indiaidh a tónach ó thuaidh aríst. Má theigheann ní dhéanfaidh muid caladh go deó ar an taoille seo

Fairsing in iontrálacha eile (50+)

 
Ní mhillfidh tú tada má shiúileann tú soir an ceann-fhearainn. Tá réiteach fada fairsing agad ann.
 
Is furasta dhó féar agus fóthair a bheith aige, agus a bhfuil d'fhairsinge (talúna) aige. Ba bheag a bheadh aige, dhá mbeadh sé cho gann linne
 
féar
Diabhal a dhath síos in íochtar an chlochair ach féar gliomach. Tá sé sin go fairsing ann. Ní bhfuightheá boirdín asail d'fheamainn dubh ar an roinn ar fad
 
ciste
Fuair sé ciste eicínt, le goirid, a's chomh fairsing a's tá airgead aige. Tá puint in a spré-mhóin aige.
 
Tá cion tighe idir 'chaon bhord dhíob. Deamhan bréag ó chuaidh sé a' leagan amach iomrachaí ann, nach hé a rinne na clársachaí fada fairsing'
 
Níl na céileogaí chomh fairsing sa tír a's bhídís roimhe seo. 'Chaon darna bó a d'fheicfeá fadó, badh céileog í, ach tá na daoine a' leigean asta(b) go mór anois.
+
crinn
Bhí fásach annsin, an uair a cuireadh ann iad, a's tá sé crínnte go créafóig anois, i gcruthamhnas duit an té a mbeadh riar gamhna chor a' bith aige, nar mhór dhó an-fhairsinge le na n-aghaidh.
TUILLEADH (1) ▼
M'anam go dtiubharfa sé cnámh le crinneadh dhó, an garrdha a bheith críochnuighthe amach aige indeire na seachtmhaine seo. Shílfeá nach mbeadh fairsinge 'bith sa gcúilín siúd atá gan cur, ach tá sé buan 'na dheidh sin fhéin.
 
cuntas
'Bhí fuisce fairsing ann, a's ól dhá roinnt ann; a's biadh gan chunntas ag fear le fághail' ("Inghean Frainnc Mhac Confhaola").
 
Is mó faoi dhó an fhairsinge atá ar a' leath-bhaile thiar.
 
bocht 1
Má tá sí bocht fhéin, tá croidhe mór fairsing aice.
 
Fhobair go mb'éigin an bollaire fada sin ag P. Mh. a cheangal ann le díocas achrainn. Is maith an scéal do chuid de na daoine gur h-annamh a eirighea(nn)s aon-deoir leo(b). Marach gur h-annamh, níor mhór fairsinge a leigean ar Bhéal Átha na Sluaighe (na Sluaigheadh) (Béal Átha na Sluaigheadha — is ann atá árus na nGealt. Duine a mbíonn saobhchan air, a's a chuirtear go dtí an Gealtlann, deirtear gur "cuireadh go Béal Átha na Sluaighe é" nó "go ndeacha sé go Béal Átha na Sluaighe" nó gur "cuireadh soir é, slán gach áit dá n-innsighthear é, a's gach duine, dhá gcloisfe é!")
 
bruach
Shílfeá gur fada fairsing atá an tír agaibh fharra's a dhul a' bualadh cead ar bhruach a' bhóthair.
 
buinne 1
Dar mo choinsias níor chneagaire é D. R. ar chuma ar bith. Aon-ghloine a chuaidh sé a' líonadh ariamh, ní dhearna sé leath ná meath dhi, ach í 'chur go buinne bruach. M'anam nach raibh tuille de lucht a' tsléibhe chomh fairsing sin faoi na gcuid.
 
ainm
Uair 'sna naoi n-áird, a chloisfeá an t-ainm sin ar dhuine annseo anois, ach bhí sé fairsing go maith fadó = uair i bhfad ó chéile a chloisfeá é anois.
 
Bhí an seachadadh amach ceart go leor, aimsir a' chogaidh, nuair a bhí airgead ag na daoine chomh fairsing le spréidh-mhóin, ach caithfear fanacht le seifte anois (féach "seifte")
+
Bhí sé ag sciobadh feamainn dearg le trí mhaidin = a dhul san gcladach de shiúl oíche nó deireadh oíche agus an snáth a scoilteadh idtosach ar aonduine eile. Bheadh sé agad uilig annsin duit féin, agus ní fhéadfadh aonduine a dhul in a bharr ort. Ach roinntear an fheamainn dearg in áiteachaí fós. Ceaptar a chion féin do gach duine de réir fairsinge a chuid talúna, agus caitear crainnte annsin uirre.
TUILLEADH (1) ▼
Níl aon-tsop ag gabhail leis ach feamainn aon-choise. Is furasta dhó cur fhéin a dhéanamh. Tá fairsinge cladaigh aige, agus féadfaidh sé í a leigean suas in a fás. Ní ag crinneadh na gcloch is call dó a bheith fearacht tuille
+
"Is fhearr an fhairsinge ná ar fónamh"; "is fearr fairsingeacht ná ar fónamh" = is fhearr go leór de dhroch-rud ná beagán de rud maith; quantity is better than, or preferable to quality
TUILLEADH (2) ▼
Cuirfidh muid uisce thríd (fuisce) agus fairsingeóidh sé é. Is fhearr an fhairsinge ná ar fónamh, adeir siad
Deir siad gur fearr an fhairsinge ná ar fónamh. Is fhearr leo sin i gcomhnaí go leor den droch-rud ná beagán den rud mhaith. Ghabhfadh an beagán a mbeadh maith ann cho fada leis an droch-rud faoi dheireadh.
 
Is diabhaltaidhe an lastar a thug sí isteach duit, ach ba dual di an croidhe mór fairsing.
 
Chaith sé an lá ag bollaireacht agus ag broimseálacht soir annseo, agus ag cur amach an droch-fháisc: rud atá ann go fairsing
+
Tá an teach siúd dhá fhairsinge an tí seo = faoi dhó cho fairsing leis seo
TUILLEADH (22) ▼
Tá fairsinge mhór faoi teach an bháid = limistéar
Beidh fairsinge agad annseo le do chuid oibre a dhéanamh thar agus a bheith plúchta istigh san bpruchóigín sin = "elbow-room"
Tá fairsinge ag duine eile san leabaidh sin thuas = áit
Bheadh fairsinge an scioból eile annsin = áit; láthair
B'fhearr daoibh fairsinge a dhéanamh dhom ar an stól sin = áit; binn
An bhféadfadh sibh fairsinge a dhéanamh don chléibhín seo san gcúinne sin?
Tá sé ag cur fairsinge ar an teach. Leigfidh sé seomra eile soir as
Fág fairsinge anois i mbéal an chléibhín
Tabhair do dhóthain fairsinge dhuit féin ionta (i mbróga nuadh) ar chaoi ar bith. Is fhearr ro-fhairsing ná ro-chumhang iad
Fágaighí fairsinge ar an mbóithrín thairis sin. 'Ar ndú' ní ghabhfaidh dhá charr thar a chéile san leithead sin
Dar fiadh tá fairsinge san bpáirc sin
Tá muid gan fairsinge talúna ar bith = níl mórán talúna againn
An ndeacha fairsinge ar an iothlainn sin ó a bhí mé annseo cheana? … Sin é a cheap mé
Is beag an fhairsinge eile a ghabhfadh ar an doras nuair a bheadh sé sách mór
Fág mar sin é. Is fhearr é a bheith d'fhairsinge air, ar aon-chor
Cuireadh sé troighthe d'fhairsinge ar an mbóthar
Níl d'fhairsinge ann ach go gcasfá ann ar éigin
Tá fairsinge mhór ar an tsráid agaibh, ó chaith sibh an sean-bhalla sin as
Tá fairsinge ime anois againn ó a tháinig an samhradh = neart ime; i bhfad níos mó ná a bhí roimhe sin
Tá mo dhóthain ite anois agam, go mbuannuighe Dia fairsinge bídh agaibhse, agus gur fearr a bhéas sib bliain ó inniu
Is fhearr an fhairsinge ná ar fónamh; is fearr fairsinge(acht) ná (ar) fónamh (fc. fónamh)
Chuala mé gur gearr go ngabhfadh an tae chun fairsinge (i bhfairsinge) aríst. Is mór is fiú an fhairsingeacht ar aon-chor
 
deilbh 1
Caithfidh mé an feac a dheilbhiú beagán shul a fhéadfas mé a chur 'san láighe. Tá an bhróigín buille ro-fhairsing
 
deán
Chaith sé nóta puint síos sa deán. Sin é a raibh an t-airgead fairsing aige = gutter na sráide a bhí igceist
 
Is diachta do mo leithide-sa a bheith láidir: ag iarraidh a bheith ag sclábhuigheacht ar an oiread tae agus a shluigfeadh priompallán. Bhíodh cáineadh ar an tae ach badh é an uair a raibh sé fairsing a bhí cáineadh air. Cuirfidh mise geall leat gur beag a chloisfeas tú dhá cháineadh anois … Tá do scéal breagh go leor a mhic ó! Ach ní raibh aon-chleachta againne a theacht d'fhuireasbhaidh tae agus go mbíodh sé againn 'chuile phuinte ins an ló. Ní bhíonn sé againn ceann de ló féin anois.
 
Beithidhigh ar an gC.! Bíodh unsa céille agad! Dreancaidí an t-eallach is fairsinge atá annsin, marar athruigh sé ó bhínnse ag tarraint ann