Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
fairsing
aidiacht
fuaim: fairsing srl.; rs caol Chois Fharraige mar atá i Seoirse, céirseach srl. nó farsuinn srl. go minic agus gan rs leathan; nn caol i gcónaí ag an deireadh. farsne, forsne (/fors′ɴə/) sa mbreischéim den aidiacht go minic, agus fairsniú, foirsniú sa mbriathar
1.
a.
líonmhar, iolra, iomadúil, neamhghann.
+
Tá airgead chomh fairsing le sprémhóin aige — an-fhairsing go deo, dubhfhairsing srl.
Tá carrannaí chomh fairsing le sprémhóin (le druideachaí, le clocha beaga, leis an drochaimsir srl.) anseo anois
TUILLEADH (6) ▼
Tá tobac fairsing aríst théis chomh gann agus a bhí sé tamall
Tá móin fairsing anseo thar mar atá sí soir ansin
Tá tae ag éirí fairsing aríst — ag dul chun fairsinge(acht) aríst
Tá coiníní fairsing aríst
Tá bainne go fairsing ann ar chaoi ar bith
Ní fairsinge an t-aer ná an timpiste tarlaíonn timpistí an-mhinic; tharlódh timpistí in áit ar bith; accidents will happen
·
Ní baile é atá an-fhairsing faoi thalamh — níl mórán talúna ann (talamh cuir, nó talamh ar fónamh)
Tá sé sin fairsing faoi thalamh — neart talúna aige
b.
mór, leathan, áirgiúil, limistéar a bheith faoi, caithrithe amach.
+
Tá an áit sin fada fairsing acu anois lena ndóthain le n-ithe a fháil ann — an-fhairsing
Shílfeá go raibh an tír fada fairsing aige le bean a fháil seachas a dhul ag posadh a chol cúigear
TUILLEADH (9) ▼
Is fada fairsing atá an baile agaibh agus gan a dhul ag spraoi istigh san iothlainn.
Tá teach fada fairsing aige ansiúd
Tá teach fairsing aige
Seomra fairsing é an seomra seo
Is fairsinge an cladach s'againne ná cladach na C. D., agus is mó an fheamainn a bhíos ar an gC. Dh. ina dhiaidh sin
Tá an garraí sin breá fairsing — mór, limistéar mór faoi
Fág fairsing thairis sin é
Tá an scoil sin bunfhairsing go maith
Tá an cró sin sách fairsing do thrí cinn de bheithígh
c.
+
Tá na bróga seo rófhairsing dom, agus shíl mé gur róchúng a bheidís
Bróig bhreá fhairsing luchtúil í
TUILLEADH (2) ▼
Tá an treabhsar sin míle rófhairsing duit
Tá an cóta mór sin rófhairsing ag a bhásta
+
Is gearr go mbeidh an chearc ag breith, tá sí chomh fairsing sin — fairsing nó caithrithe nó méadaithe sa bhfeadán
Shílfeá go bhfuil sí (cearc) chomh fairsing agus go mba cheart di tosaí ag breith feasta
TUILLEADH (1) ▼
Bó mhór fhairsing í — leithead nó caithriú mór uirthi ina bolg nó ina broinn (deirtear le mná freisin é)
2.
fial, cóir, cóiriúil, gnaíúil.
+
Tá croí mór fairsing aige — é fial flaithiúil
Níl croí chomh fairsing aici agus a bhí ag a máthair
TUILLEADH (6) ▼
"D'éirigh Peaits Sheáin Mhóir, fear an chroí mhóir fhairsing; Tugaidh rud don chráin agus codlóidh sí go maidin" (as amhrán)
An bhfuil siad seo soir fairsing faoi na feaigs anois — an dtugann siad uathu mórán acu
Go deimhin bhí sé fairsing ariamh faoin mbia
Tá sé ag ligean airgid amach go fairsing
Roinn sé an fuisce go fial fairsing
Chaithfeadh sé a mbeadh aige go fial fairsing
3.
teann, beo.
+
Tháinig an ghaoth fairsing orainn ar an mbealach isteach (leagan farraige) — d'ardaigh an ghaoth ina cóir dúinn
Bhí sé in lagar orainn go Carraig an Mhatail ach d'éirigh bruíos gaoithe aniar ansin agus thosaigh sé ag teacht fairsing orainn — bhí cóir againn agus lán an tseoil de ghaoith
TUILLEADH (3) ▼
Shílfeá go bhfuil sé ag teacht buille fairsing — cóir ag éirí
Tá sé ag teacht chomh fairsing anois agus nach mór a dhul ar chúrsaí
Tá sé buille fairsing anois má mhaireann dó. Ach shílfeá gur mó an bhrath atá aici (an ghaoth) a dhul i ndiaidh a tónach ó thuaidh aríst. Má théann, ní dhéanfaidh muid caladh go deo ar an taoille seo

fairsing in iontrálacha eile (50+)

 
Ní mhillfidh tú tada má shiúlann tú soir an ceannfhearainn. Tá réiteach fada fairsing agat ann.
 
Is furasta dhó féar agus fothair a bheith aige agus a bhfuil d'fhairsinge (talúna) aige. Ba bheag a bheadh aige dhá mbeadh sé chomh gann linne
 
féar
Diabhal a dhath síos in íochtar an chlochair ach féar gliomach. Tá sé sin go fairsing ann. Ní bhfaightheá boirdín asail d'fheamainn dubh ar an roinn ar fad
 
ciste
Fuair sé ciste eicínt le gairid agus chomh fairsing is atá airgead aige. Tá puint ina sprémhóin aige.
 
Tá cion tí idir chaon bhord dhíobh. Deamhan bréag ó chuaigh sé ag leagan amach iomrachaí ann, nach é a rinne na cláirseachaí fada fairsinge
 
Níl na céileogaí chomh fairsing sa tír agus a bhídís roimhe seo. Chaon darna bó a d'fheicfeá fadó ba céileog í, ach tá na daoine ag ligean astub go mór anois
+
crinn
Bhí fásach ansin, nuair a cuireadh ann iad, agus tá sé crinnte go créafóig anois, i gcruthúnas duit an té a mbeadh riar gamhna chor ar bith aige nár mhór dhó an-fhairsinge lena n-aghaidh.
TUILLEADH (1) ▼
M'anam go dtabharfaidh sé cnámh le crinneadh dhó an garraí a bheith críochnaithe amach aige i ndeireadh na seachtaine seo. Shílfeá nach mbeadh fairsinge ar bith sa gcúilín siúd atá gan cur, ach tá sé buan ina dhiaidh sin fhéin.
 
cuntas
"Bhí fuisce fairsing ann, agus ól dhá roinnt ann; agus bia gan chuntas ag fear le fáil" (Iníon Frainc Mhac Confhaola)
 
Is mó faoi dhó an fhairsinge atá ar an leathbhaile thiar.
 
bocht 1
Má tá sí bocht fhéin, tá croí mór fairsing aici.
 
Fhóbair go mb'éigean an bollaire fada sin ag P. Mh. a cheangal ann le díocas achrainn. Is maith an scéal do chuid de na daoine gur hannamh a éiríonns aon deoir leob. Murach gur hannamh, níor mhór fairsinge a ligean ar Bhéal Átha na Sluaighe (Béal Átha na Sluaighe — is ann atá áras na ngealt. Duine a mbíonn saochan air, agus a chuirtear go dtí an gealtlann, deirtear gur "cuireadh go Béal Átha na Sluaighe é" nó "go ndeachaigh sé go Béal Átha na Sluaighe" nó gur "cuireadh soir é, slán gach áit dá n-insítear é, agus gach duine dhá gcloisfidh é!")
 
bruach
Shílfeá gur fada fairsing atá an tír agaibh tharas a dhul ag bualadh cead ar bhruach an bhóthair.
 
buinne 1
Dar mo choinsias, níor chreagaire é D. R. ar chuma ar bith. Aon ghloine a chuaigh sé a líonadh ariamh, ní dhearna sé leath ná meath dhi ach í a chur go buinne bruach. M'anam nach raibh tuilleadh de lucht an tsléibhe chomh fairsing sin faoina gcuid.
 
ainm
Uair sna naoi n-aird a chloisfeá an t-ainm sin ar dhuine anseo anois, ach bhí sé fairsing go maith fadó — uair i bhfad ó chéile a chloisfeá é anois.
 
Bhí an seachadadh amach ceart go leor aimsir an chogaidh nuair a bhí airgead ag na daoine chomh fairsing le sprémhóin, ach caithfear fanacht le seifte anois (fc. seifte)
 
Níl aon tsop ag gabháil leis ach feamainn aonchoise. Is furasta dhó cur fhéin a dhéanamh. Tá fairsinge cladaigh aige, agus féadfaidh sé í a ligean suas ina fás. Ní ag crinneadh na gcloch is call dó a bheith fearacht tuillidh
+
"Is fhearr an fhairsinge ná ar fónamh"; "is fearr fairsingeacht ná ar fónamh" — is fhearr go leor de dhrochrud ná beagán de rud maith; quantity is better than, or preferable to, quality
TUILLEADH (2) ▼
Cuirfidh muid uisce thríd (fuisce) agus fairsingeoidh sé é. Is fhearr an fhairsinge ná ar fónamh, adeir siad
Deir siad gur fearr an fhairsinge ná ar fónamh. Is fhearr leo sin i gcónaí go leor den drochrud ná beagán den rud mhaith. Ghabhfadh an beagán a mbeadh maith ann chomh fada leis an drochrud faoi dheireadh.
 
Is diabhaltaí an lastar a thug sí isteach duit, ach ba dual di an croí mór fairsing
 
Chaith sé an lá ag bollaireacht agus ag broimseálacht soir anseo agus ag cur amach an drocháisc: rud atá ann go fairsing
+
Tá an teach siúd dhá fhairsinge an tí seo — faoi dhó chomh fairsing leis seo
TUILLEADH (22) ▼
Tá fairsinge mhór faoi teach an bháid — limistéar
Beidh fairsinge agat anseo le do chuid oibre a dhéanamh thar is a bheith plúchta istigh sa bprochóigín sin elbow-room
Tá fairsinge ag duine eile sa leaba sin thuas — áit
Bheadh fairsinge an scioból eile ansin — áit; láthair
B'fhearr daoibh fairsinge a dhéanamh dhom ar an stól sin — áit; binn
An bhféadfadh sibh fairsinge a dhéanamh don chléibhín seo sa gcúinne sin?
Tá sé ag cur fairsinge ar an teach. Ligfidh sé seomra eile soir as
Fág fairsinge anois i mbéal an chléibhín
Tabhair do dhóthain fairsinge dhuit féin iontu (i mbróga nua) ar chaoi ar bith. Is fhearr rófhairsing ná róchúng iad
Fágaidh fairsinge ar an mbóithrín thairis sin. Ar ndóigh ní ghabhfaidh dhá charr thar a chéile sa leithead sin
Dar fia tá fairsinge sa bpáirc sin
Tá muid gan fairsinge talúna ar bith — níl mórán talúna againn
An ndeachaigh fairsinge ar an iothlainn sin ó bhí mé anseo cheana? … Sin é a cheap mé
Is beag an fhairsinge eile a ghabhfadh ar an doras nuair a bheadh sé sách mór
Fág mar sin é. Is fhearr é a bheith d'fhairsinge air ar aon chor
Cuireadh sé troithe d'fhairsinge ar an mbóthar
Níl d'fhairsinge ann ach go gcasfá ann ar éigean
Tá fairsinge mhór ar an tsráid agaibh ó chaith sibh an seanbhalla sin as
Tá fairsinge ime anois againn ó tháinig an samhradh — neart ime; i bhfad níos mó ná a bhí roimhe sin
Tá mo dhóthain ite anois agam, go mbuanaí Dia fairsinge bídh agaibhse, agus gur fearr a bheas sibh bliain ó inniu
Is fhearr an fhairsinge ná ar fónamh; is fearr fairsinge(acht)(ar) fónamh (fc. fónamh)
Chuala mé gur gearr go ngabhfadh an tae chun fairsinge (i bhfairsinge) aríst. Is mór is fiú an fhairsingeacht ar aon chor
 
deán
Chaith sé nóta puint síos sa deán. Sin é a raibh an t-airgead fairsing aige gutter na sráide a bhí i gceist
 
Is diachta do mo leithidese a bheith láidir: ag iarraidh a bheith ag sclábhaíocht ar an oiread tae agus a shlogfadh priompallán. Bhíodh cáineadh ar an tae, ach ba é an uair a raibh sé fairsing a bhí cáineadh air. Cuirfidh mise geall leat gur beag a chloisfeas tú dhá cháineadh anois … Tá do scéal breá go leor a mhic ó! Ach ní raibh aon chleachta againne a theacht d'uireasa tae agus go mbíodh sé againn chuile phointe sa ló. Ní bhíonn sé againn ceann de ló féin anois
+
Beithígh ar an gC.! Bíodh unsa céille agat! Dreancaidí an t-eallach is fairsinge atá ansin, murar athraigh sé ó bhínnse ag tarraingt ann
TUILLEADH (1) ▼
Tá an cosamar feamainne siúd ionann is lofa. Ní tada atá go fairsing inti ach dreancaidí mara. Tá sí druidte leo
 
Cén t-údar a bhí aige ab ea! Dheamhan údar ar bith, ach cár fhága tú an drochmhúineadh, rud atá ann go fairsing. Bhuailfeadh sé siúd a athair, ní áirím an té a bhuail sé