Faitíos
—Ainm-fhocal: fireann
—Geiniúnach Uathaidh: Faitiais (ach is minic nach dteagann athrú geiniúnaigh ar bith air).
—
scannradh; eagla; drilleachas; baol; scéin; scaol; lionnra.
a.
+–
Tá faitíos orm
Bhí faitíos orm. Ní faitíos go dtí é!
TUILLEADH (4) ▼
Níl imní ná faitíos air
Cén fáth a ndéanfadh sé é, adeir tú? Cén fáth, ach faitíos a bheith air?
Faitíos ar Sheán go deimhin! Fuair sé amach muise an fear a mbeadh faitíos air! = níl faitíos ar bith air
Is minic a bhí faitíos ar dhuine gan ábhar (leathfhocal)
+–
Tá an-fhaitíos (dubh-fhaitíos, an-fháitíos go deo, fíor-fhaitíos, faitíos mo chroí etc.) orm nach dtiocfaidh sé
Bhí an t-an-fhaitíos air go mbuailfí é
TUILLEADH (2) ▼
Bhí faitíos mo chroí orm go n-ionnsóchthá é
Tá faitíos a chroí air anois go dtiúrfaí uain d'aonduine eile air fhéin
+–
Feicfidh tú fhéin nach gcuirfidh sé aon-araoid ormsa. Tá an faitíos mór air, ón uair údan ar bhuail mé dual na druinne air
Baol air sin aon-chaidéis a chur ar mhuinntir Ní! Tá an faitíos mór air ó bhuail siad cheana é
TUILLEADH (3) ▼
Bhí an faitíos mór orm, agus ní gan ábhar, arsa tusa
Bhí faitíos m'anama orm = an-fhaitíos
Tá faitíos an tsaoil air go ndéanfaidh tú aon-cheo air
+–
Tá faitíos pósta air = tá faitíos air pósadh
Tá fonn air a dhul go Sasana ach tá faitíos imirce air in a dhiaidh sin
TUILLEADH (4) ▼
Tá faitíos eirí orm, mar b'fhéidir gur mé a bhualadh síos aríst a dhéanfaí
Níl faitíos a bháite air ar chuma ar bith agus an teanntás a níos sé ar an bhfarraige
Ní raibh faitíos mo phlúchadh (mo phlúchta) ariamh orm thar fhaitíos ar bith
Tá faitíos a bhriseadh air, má theigheann sé ag obair cho moch sin
+–
An té a bhuailtear san gceann bíonn faitíos air (sean-fhocal) = an rud a theangmhaigh leat cheana, ní mian leat a dhul ag pléidh leis aríst
Diabhal pléidh a bhéas agamsa le scadáin le mo ló aríst. Feacha an bhail a chuir siad cheana orm … Beannacht Dé dhuit a dhuine sin. Chuir siad go doras an bháis mé. Scadáin lofa a d'ith mé. Agus níor ghlac mé éiseall ná a dhath leo agus mé dhá n-ithe. Ach ní íosfaidh mé aríst díobh le cúnamh Dé. An té a bhuailtear san gceann bíonn faitíos air
TUILLEADH (1) ▼
M'anam nach ngabhfaidh mise ag imirt leat. Fagh cearrúch eicínt eile anocht. Th'éis mo shé scilleacha a chailleadh aréir gan ionú ar bith! An té a bhuailtear san gceann bíonn faitíos air a mhic ó!
+–
An mbíonn faitíos ort roimh thaibhsí?
Tá an-fhaitíos aige (air) roimh fhliuchán = cuireann sé faitíos air go bhfuigheadh sé fliuchán
TUILLEADH (10) ▼
Fainic a mbeadh aon-fhaitíos ag an gcapall sin roimh an "steam-roller". Mara bhfaca sí ariamh í, b'fhearr dhuit duine eile a thabhairt leat dhá cinnireacht thairti
Tá sé caillte le faitíos rómhatsa
Bhí sé caillte le faitíos a dhul abhaile
Níl rud ar bith is mó a bhfuil faitíos agam roimhe ná an fharraige
Is mó faitíos mise roimh an ngála ná roimh an toirneach. Ach chreidim gur measa í an toirneach go sábhála Dia sinn. M'anam go bhfuil an gála féin domáisteach go leór
Níl d'fhaitíos aige siúd roimh T. ach an oiread agus a bheadh aige roimh dhreóillín
Bhí an fear thiar dhá chaidhleadh le clocha. Dheamhan d'fhaitíos a bhí air (aige) roimhe in a dhiaidh sin!
Ghabhfadh sé i bpoill agus i bpruchógaí le faitíos rómhatsa
Níl fuacht ná faitíos orm rómhat
B'fhada a chaith faitíos air róm aríst
+–
Chuir sé faitíos orm. Bhí mé ar creathadh
Chuirfeadh sé faitíos ort breanú air, bhí sé cho hoibrithe sin
TUILLEADH (7) ▼
Ní mór faitíos a chur air len a choinneál as
Saghd an madadh sna caoirigh agus cuirfidh sin faitíos orra
Ag iarraidh faitiais a chuir orm a bhí sé ach níor chuir sé faitíos ar bith ormsa, ná ní chuirfeadh dá mbeadh sé ag scillige cainte ó shoin
Shíl sé go gcuirfeadh sé faitíos orm. D'eirigh sé róm ar an mbóthar agus bráillín gheal air
Cuireadh faitíos ormsa cheana san ngleann sin, agus tabhair faitíos air! Ba faitíos dháiríre é. Ní raibh mé chugam fhéin go ceann bliana aríst = faitíos neamh-shaolta — faitíos taibhsí — atá i gceist annseo
Beidh tú amuigh nó go gcuirthear faitíos ort! Nach bhfuil a fhios agad go bhfuil an bóithrín sin síos sidhiúil, fuagraíomuid deá-chomharsanacht orra, agus síochán barainneach inniu Dé Máirt!
Is furasta faitíos a chur air sin. Torann ar bith a chloisfeadh sé taobh istigh de chlaidhe, thuitfeadh sé as a sheasamh!
+–
Ná glac scáth ná faitíos roimhe. Dar a shon!
Ghlac sé faitíos nuair a chonnaic sé an póilí
TUILLEADH (3) ▼
Cén t-údar go nglacfá scáth ná faitíos roimhe? Cén tuilleamaí atá aige leis?
Ghlac an capall faitíos nuair a chonnaic sí an mótar
Ghlac sí riar (roint etc.) faitiais nuair a chonnaic sí an bus ach ba bheag é
+–
Chuaigh faitíos air thiar = cuireadh faitíos air; he was threatened; he saw a ghost
Má theigheann faitíos air — agus is furasta sin a chur air — ní labhaireóidh sé níos mó
TUILLEADH (6) ▼
Chuaigh an faitíos cráite air cheana. Tá sé ag dul chun dánaíocht aríst muis
Chuaigh sé chun faitiais air = tháinig faitíos air
Tá sé ag dul chun faitiais ar an bhfear seo istigh
Tháinig sé in a fhaitíos orm nuair a chonnaic mé an bheirt ag teacht = tháinig faitíos orm
Tá sé ag teacht in a fhaitíos air anois de bharr a bhfuil daoine a chumadh dhó
Ná teagadh scáth ná faitíos ort annseo
+–
Bhí faitíos aige roimh an deartháir, ach chuaigh ag an bhfonn ar an bhfaitíos air in a dhiaidh sin, agus thosaigh sé ag spochadh léithi. Diabhal easna den deárthair nach dteagann isteach, agus nach mbeireann air …
TUILLEADH (1) ▼
B'fhada a chaith sí idir fonn agus faitíos, ach chuaigh ag an bhfonn ar an bhfaitíos uirre san deireadh, agus m'anam ón diabhal go ndeachaidh sí ag an damhsa. Tháinig an t-athair i lár an mheán-oíche thall agus fás fuinnseóige aige, agus thosaigh sé ag gleáradh an dorais leis …
+–
Bhuail faitíos é = tháinig faitíos air (ach gur tobainne é "bhuail")
Cén fáth ar imigh sé? Faitíos dhá bhualadh (faitíos a theacht air). 'Deile?
TUILLEADH (8) ▼
Ní leigfeadh an faitíos dó féin druid a rá marach gur airigh sé an teannadh ar a chúl aige
Ní leigfeadh an faitíos dó a dhul taobh amach de dhoras ó a thuitfeadh oíche dhá bhfádh sé Éire bronnta air
Chuaigh an faitíos go smior ann an oíche sin, agus níor scar sé leis ó shoin
An faitíos a chuir S. Dh. air, níor scar sé leis ariamh in a dhiaidh
Bhain an t-ól an faitíos dhó (dhe)
Sin é an uair a d'imigh an faitíos díom, agus níor imigh go dtí sin
D'fhan faitíos air go ceann bliana in a dhiaidh sin
Ní mór duit faitíos a choinneál air sin, nó eireóidh sé in do mhullach
·
Is údar faitiais é an slaghdán seo. Tá sé ag criogadh daoine
M'anam muise mar adúirt tú, más aicíd atá ann gur údar faitiais é
+–
Tá sé siúd ar bheagán faitiais = níl mórán faitiais air
Is beag a fhaitíos ort a dhul dhá dhéanamh sin aríst, agus an liúradh a fuair tú cheana faoi
TUILLEADH (3) ▼
Nach beag a fhaitíos é, a Thiarna Dé, a dhul amach an tráth sin d'oíche!
Is lú faitíos Seán ná Pádraig, agus ní dhéanfadh Seán é in a dhiaidh sin
Bí ar bheagán faitiais roimhe! 'Ar ndó' ní beann atá agad air?
+–
Is fear i bhfaitíos é anois, nó tá mise ag dul amú! = tá an-fhaitíos air
Ba fear i bhfaitíos mise ar chaoi ar bith nó gur chrap an anachain sin (duine drochmhúinte) leis
TUILLEADH (1) ▼
Ba bean i bhfaitíos í ar feadh na hoíche go raibh an mac imithe
+–
Is fear gan faitíos (gan mórán faitiais, gan a dhath faitiais etc.) thú agus a dhul abhaile in t'aonraic an bealach sin 'chuile oíche san aer
Is duine gan aon-fhaitíos é roimh Dhia ná Mhuire, agus caint mar sin a rá leis an sagart
TUILLEADH (3) ▼
As faitíos a rinne sé é = de bharr faitiais
Dúirt sé é sin as faitíos
Bhí mé faoi fhaitíos an uair sin = bhí faitíos orm
+–
Rith sé le teann faitiais (le corp faitiais, le neart faitiais, le cac faitiais, le méid a fhaitiais etc.)
Le neart an fhaitiais a bhí air, níor bhain sé cois de rith nó go ndeachaidh sé isteach béal an dorais
TUILLEADH (4) ▼
Le méid an fhaitiais a bhuail mé, bhí an for-allas liom
Bhí mé ag téamh le faitíos = faitíos ag teacht orm
Thosaigh sé ag rith le faitíos
M'anam nach ag creathadh ag an bhfuacht, ach ag creathadh ag an bhfaitíos a bhí sé = leis an bhfaitíos;ba leis an bhfaitíos a bhí sé ag creathadh
b.
+–
Tá faitíos orm go dtiocfaidh an lá fliuch
Tá a sheal tugha, tá faitíos orm
TUILLEADH (8) ▼
Ní thriomóidh aon-fhód móna i mbliana, tá faitíos orm
Tá faitíos orm nach bhféadfaidh tú a dhul ann anocht muis
Má tá an phian ag cothú air fós, tá faitios orm dó = is faitíos liom nach ndéanfaidh sé aon-mhaith; go mbásóidh sé
Mara bhfuair tú do do chuid airgid fós, tá faitíos orm duit
Tá faitíos orm dó gur goidhe atá sé, nuair nach bhfuil sé san áit ar leag mé é
Marar thug sé sin aon-ugach dó faoin inín, tá faitíos mo chroí orm dó, nach bhfuighe sé bean ar bith
Ná bíodh faitíos ort. Beidh an scéal sin ceart = don't worry!
Níl d'fhaitíos orm anois ach go mbeidh sé imithe róm
+–
Is mór m'fhaitíos nach ndéanfaidh sin cúis
Is mór m'fhaitíos go n-aimhseóidh sé thú má chasann tú leis
TUILLEADH (1) ▼
Is mór m'fhaitíos nach bhfuil an ceart agad. Dhá mbeadh, bhí againn
+–
Tá mé i bhfaitíos faoi = tá faitíos orm gur eirigh aon-cheo dhó; tá imní orm
Tá mé i bhfaitíos faoi mo phunt, nach bhfuighidh mé níos mó é
TUILLEADH (3) ▼
Bhí mé i bhfaitíos faoin asal, gurb iad na tincéaraí a d'árdaigh leó é
Tá sé in a fhaitíos síos an baile inniu, nach dtiocfaidh aon-ghráinne plúir níos mó
Tá sé in a fhaitíos anois! An bhfeiceann tú ag balú leo iad?
c.
+–
Bí san áirdeall ar an ngamhain faitíos (ar fhaitíos, le faitíos) go mbuailfeadh an ceann eile é
D'fhan mé uaidh ar fhaitíos go gceapfadh sé gur ag brú air a bheinn
TUILLEADH (16) ▼
Fan de chuideachta dhom anocht ar fhaitíos nach dtiocfadh S.
Bhí sé ag creathadh le faitíos a dhul amach
D'fhan sé in a shost (le, ar) faitíos labhairt
D'fhan mé as, faitíos achrainn = ar fhaitíos go mbeadh achrann ann
Déanaighí cocaí den fhéar faitíos báistí = ar fhaitíos go dtiocfadh báisteach
Tháinig sé abhaile faitíos cogaidh
Fainic thú fhéin anois faitíos troda
Teigheadh muid abhaile faitíos sneachta
Fanann sé den bhóthar anois faitíos an tsagairt
Déan go cuibhiúil é, ar (le) fhaitíos spiadóireacht
D'fhan sé le faitíos imeacht
D'fhága sé annsin é le faitíos a ithe
Tá sé beo-phianta inniu faitíos "dole" (.i. faitíos go mbainfí an "dole" dhe)
Ní chorródh sé amach faitíos fliucháin (ar fhaitíos go bhfliuchfaí é)
D'fhan sé as an teach sin ar an bpuinnte faitíos tinnis (.i. ar fhaitíos ag dtóigfeadh sé an tinneas a bhí ann)
Níor mhór dhuit clúdadh thairis sin a chur ort fhéin faitíos slaghdáin
+–
Breathnaigh amach indiaidh an asail sin ar fhaitíos na fálach thuas (fc. fálach)
Fan as faitíos na contúirte go sábhála Dia sinn!
TUILLEADH (7) ▼
Dúin an doras sin faitíos na heirimisce (faitíos na fálach thuas) = faitíos gadaíochta dá bhfágtaí oscailte é
Cuir an sceach san mbearna faitíos na heirimisce. Tá asail ag fálróid ar na bóithrí sin, agus ghabhfaidís isteach ann ar an bpuinnte. Cén bhrí ach dhá leagaidís an claidhe thoir agus a dhul san iothlainn!
Cuirfidh mé isteach san gcró é, agus dúinfidh mé air, faitíos na heirimisce. Is fhearr glas ná aimhreas
Má thugann tú an tabhairt ort fhéin, agus an snáth-feamainne a eirí leat, scoilt go maith í, faitíos na heirimisce. Tá fir istigh ar an mbaile seo, agus ghabhfaidís síos in do dhiaidh ann, agus dheamhan a dhath carghaís a bheadh orra a tógáil ort. Shéanfaidís go raibh sí scoilte chor ar bith
Ná fág an t-airgead sin annsin faitíos na heirimisce. Cá bhfios duit cé a bhuailfeadh isteach agus a chuirfeadh crúib air ingan fhios duit. Ní fear cneasta é gach fear dhá dteagann ar do theallach!
Ná cuir na beithigh sin san ngarraí siúd thuas inniu faitíos na heirimisce. Is fánach an chaoi a ngabhfaidís i mbradaíl sna goirt atá ag an gC. annsiúd len a n-ais. Caithfidh mé na claidheachaí a bhiorrú as seo go tránóna
Ná fág an seaicéad sin leis an tine ar fhaitíos na heirimisce. Ghabhfadh na cait sin ag macnas leis ar an bpuinnte, agus ní chomhnóidís go strachlaídís isteach i gceartlár na coigilte é. Triomóidh sé amáireach amuigh ar an tom
+–
Bain amach an briogadáin sin as roth an "bhicycle", faitíos na timpiste = ar fhaitíos go leagfadh sé thú (deirtear "faitíos na timpiste" freisin in áit "faitíos na fálach thuas", agus "faitíos na heirimisce". Sé is minice ag aos óg, in áiteachaí go háirid)
Coinnigh amach ón rud sin faitíos na timpiste. Ní bheadh a fhios agad céard é sin
TUILLEADH (6) ▼
Is fhearr dhom a dhéanamh as láimh faitíos na timpiste. An rud a theigheas i bhfad, teigheann sé chun roighineadais = le faitíos nach ndéanfainn aríst é
Cuir géibheann ceart air faitíos na timpiste. Tá na hasail sin mallaithe. D'imeóidís uait as comhair do dhá shúl
Is fhearr dhuit an ghlaicín choirce atá thoir annsin ar sraith a cheangal agus a stucadh faitíos na timpiste. Níl an lá le trust. = faitíos báistí; faitíos na fálach thuas
B'fhearr do dhuine eicínt cuairt a thabhairt ar na beithigh siúd ag an gcladach faitíos na timpiste. Bhí tuile mhór san gclaise siúd aréir, agus is rí-fhánach a ghabhfadh ceann aca in ascar inti
Teirigh ag an dochtúr leis an taobh sin agad faitíos na timpiste. Deir tú go bhfuil an phian ag smearadh amach. Sin deá-chosúlacht. Deir siad má smearann an phian gur comhartha é nach bhfuil aon-asna briste. Ach ní bheadh a fhios agad. Is fhearr a dhul roimhe in am
Ná fág an buicéad uisce ar formhás annsin faitíos na timpiste. Tá an catmara ar na gasúir sin. Ba gearr orra a dhóirteadh anuas ar fud an tí
Faitíos in iontrálacha eile (50+)
+
Tá dubh-fhaitíos air go gcuirfí san bpríosún é
TUILLEADH (1) ▼
Bhí an dubh-fhaitíos air ag dul isteach
→
faiteach
Ná bac le cur ar a shon fhéin a bheith in Seán. Tá sé ro-fhaiteach. Dhá ndeirtheá leis gur mharaigh sé duine, ní leigfeadh an faitíos dó a rá nar mharaigh
→
fear
Fearfaidh mise do chumaoin ort fós. Ná bíodh faitíos ort. Ní hé deireadh an tsaoil é a dhuine chroí! = cúiteóidh mé do chumaoin leat; ní hé amháin go gcúiteóidh mé do chumaoin leat, ach cuirfidh mé in a cheann, agus is fhearrde thú é uaidh sin amach
→
freagair
Ní leigfeadh an faitíos dom cleas den tsórt sin a dhéanamh, faitíos go bhfreagródh Dia orm é. Ba bheag a shúil le Dia a bheadh ag duine ar bith a chuimhneódh ar a leithide de rud a dhéanamh — ba beag sin
+
→
fág ar
Más ar t'fhágáil-sa a bhéas sé, tá faitíos orm go mbeidh sé ar deireadh
TUILLEADH (1) ▼
Tá faitíos orm do na beithigh más ar a fhágáil sin a bhí siad. Beannacht Dé dhuit! Dhá mbeadh na seacht sraith ar an iomaire, ba é an cleas céanna a dhéanfadh sé sin. Níl aon-chomhairleachan in a chionn
→
fága
Níl call faitíos ar bith dhuit roimh na fágaí sin. Tá siad an-bhog. Ní shin iad is measa a mh'anam
+
→
fálach
Leagfaidh mé isteach an hata (i wardrobe), faitíos na fálach. Is furasta leis salachar a thóigeál caite annsin. Ní mór aire a thabhairt dó, ach b'fhéidir gur buaine é ná muid féin. = bhí faitíos air go salóchaí an hata mara gcuirtí ar chaladh shábhála é
TUILLEADH (9) ▼
Gabhfaidh mé ag iarraidh na hola (lampa) amáireach faitíos na fálach. Mara mbeidh t'ainm istigh agad Dé Céadaoin, dheamhan sdriog a gheobhas tú = ar fhaitíos go dtárlódh tada idir sin agus an Chéadaoin nach mbeadh sé indon a dhul chuig an mbeairic len a ainm a chlárú
Ní chuirfidh mé mórán móna síos faitíos na fálach. Bíonn an simléar sin ag puthaíl i gcomhnaí ar an ngaoith anoir seo. = bhí faitíos air nach dtarraingeódh an simléar mar ba cheart dhá gcuireadh sé mórán móna ar an teine
Ná cuir an glas ar an doras sin faitíos na fálach. Fanfaidh mé scaithín annseo ar an teallach, agus má airím aon-ghéim ón mbudóig sin, gabhfaidh mé amach aríst. Ní fuláir do bhó ar a céadlaogh áirdeall maith
Breathnuigh amach faitíos na fálach thuas. Tá an cneamhaire d'asal sin, agus a cheann síos thar chlaidhe gharraí T. Mh. aige ar feadh an lae. Má theigheann sé in a chuid síol féir siúd, is measa duit é a tharraint ort ná an t-Ábhairseoir
Tóigfeamuid an féar le faitíos na fálach thuas. Níl aon-deá-ghothadh ar an spéir sin ó dheas. Níorbh fhiú dhuinn a leigean amach beag ná mór ar scáth an scaláinín sin
Breathnuigh ar na claidheachaí faitíos na fálach thuas. Tá an bhrotuinn sin thíos taithithe ag an gcladach d'acht agus go háirid, indiaidh feamainn dearg, agus leagfaidís bearna ann ar an bpuinnte. B'aisteach go dtáinig siad (na beithigh) anois le trí lá indiaidh a chéile. Marach go bhfuil bearna leagha ann, ní chorróidís as an ngarraí
Chreidim gur fearr dom an citil a fhiuchadh faitíos na fálach thuas. Thiocfadh dóibh seo a bheith isteach puinte ar bith, agus dheamhan agus móide, in a leabaidh sin, a mbeidís isteach go mbeadh an dubh ar an oíche. Ní hionann a dhul 'na bhaile mhóir agus a fhágáil.
Ní chuirfidh muid níos mó sprae (spray) ar an ngarraí siúd faitíos na fálach thuas. Gabhfaidh sé rite linn an oiread a bheith againn agus a riarfas uiliog é (an cur ar fad). M'anam muise nach ndéanfadh ceobáinín beag eile aon-dochar don gharraí siúd féin, mar go bhfuil muid gann
Socruigh an clog sin anois go siúráilte ar fhaitíos nach n-aireódh muid eirí le fálach thuas ar bith. Ba bheag nach raibh mé mall ag an Aifreann Dé Domhnaigh seo caite. = sleamchúis; go gcodlódh muid thar an am
→
fána
Bhí muid ag dórtadh le fánaidh. Chuir muid cúrsaí isteach agus barróg ar an seól ach má chuir fhéin bhí sé in a fhaitíos orainn, mar bhí sé ag teacht in a chreatalach
→
fóir
Níl fuarú ná fóirínt aige inniu ach an oiread le aon-lá eile. Ag dul chun donacht atá sé, ach grásta dé. Is mór m'fhaitíos gur canncar atá air
→
faolchú
Tá lóchrann ar an gcroí ag na faolchoin gur bhuadh Sasana an cogadh. M'anam nach mórán áirge lucht airgid annseo féin. Bhíodh fuile faile fútha ag imeacht faitíos go n-eireódh tada dhá gcuid airgid
→
feiliún
Tá sé buailte suas aríst, leis an bhfeiliún. Tháinig staic de chnáimh as an lá cheana agus bhí sé cho fada le do ladhairicín slán an tsamhail! Tá a chuid maitheasa ar iarraidh, tá faitíos orm
Má fhanann sé go ndéantar bóthar annsin muis, tá faitíos orm go mbeidh sé in a fhéithiú an tsionnaigh ar mhagarlaigh an tairbh aige. Nonsense!
M'anam má leag Fionnbheara láimh ar aonduine ariamh gur leag sé air sin é. Tá faitíos orm nach n-ólfaidh sé aon-deóir bhainne sláinte len a mharthainn aríst
+
→
fonn
Chuaigh ag an bhfonn ar an bhfaitíos air (fc. dul)
TUILLEADH (3) ▼
Bhí sé idir fonn agus faitíos = bhí fonn air an rud a dhéanamh, ach bhí faitíos air
Bhí mé idir fonn agus faitíos. Dhá n-ólainn bhí a fhios agam go maith gur mhór a mhillfeadh sé fúm, agus bhí mo theanga bheag amuigh dhá uireasa in a dheidh sin
Chaith mé an oíche idir fonn agus faitíos: ag brath bleid a bhualadh uirre chuile phuinnte, agus faitíos orm dá ndéanainn go mbuailfeadh sí ar an bpus mé
→
fostaigh
Deir tú leo inniú a raibh an soipín feamainn lofa sin fastuithe aca, agus tórainneachaí déanta innte, le faitíos a dtóigfeadh aonduine eile í
→
frapa
Is fadó ariamh nach mbeadh "druid" aige sin, marach a bhfuil de fhrapaí ag dul faoi. Ní túisce suaimnithe é, ná a thosós ceann an réitigh seo thoir aríst ag borradh leis. Is maith an fáth: tá sé dhá choinneál saghdha in éadan na Micilíní, mar tá an ghráin aige féin orra, ach ní leigfeadh an faitíos dó drannadh leo in a dheidh sin, marach an "bulaí" mór
→
fruisín
Gheobhaidh tú froisín ó'n máistir amáireach mara mbeidh do chuid teagasc Críostaí agad. Beidh "te te" ann tá faitíos orm
→
fás 1
Ní deas an scéal é sin len innseacht don fhear seo thoir — do Ph. an Mh. — imbéal maidne. Cuirfidh sin as a fhás bliana é! Faitíos go mbeadh air tuilleadh rates a íoc
→
paiteoil
Fágaí scaithín beag eile ar suan-bhruith í. Níl inte fós ach paitfheóil. Nach agaibh atá an deifir léithe! Faitíos atá oraibh go leagha sí san bpota. Ní leaghfaidh muise ná baol uirre: na sean-bheithigh atá sé siúd a cheannacht, is roighne ná sin iad!
Is iomdha gar a rinne mé dhó ariamh ní dhá mhaoidheachtáil air é, ach dhá dteagainn in a linn (líon?) amáireach — nar leige Dia go dtiocfainn — tá faitíos orm nach gcuimhneódh sé ar an arán a hithiodh. Ach is cuma sin. Deir siad gur fearr sean-fhiacha ná sean-fhalamh
Cheal nar bhrath tú é ag siod-gháire fút. Is orm a bhí an fonn leigean chuige, ach dhá n-abróinn tada, bhí faitíos orm go ndéarfainn an iomarca, agus b'fhearr éisteacht leis.
Shíl mé gur airigh mé ag brónfháscadh (brúnfháscadh) ar ball í, ach diabhal cor aice fós. Fan as a bealach mar sin féin faitíos na fálach thuas = cloch a bheitheá ag iarraidh a bhriseadh nó a chaitheamh anuas, agus a mbeadh cloch eile fúithe nó in a bealach. Sén brúnfháscadh an gioscán nó an torann a bhainfeadh sí as an gcloich eile (fc. spalla bróin)
Níl faitíos ar bith orm anois ach go bhfabhtódh sí an ceann slán ó atá sí fhéin fabhtach (súil) = go gcuirfeadh sí an tsúil eile chun mífhollántais; chun donacht
→
fiach 1
Tá mé ó fhiach imbliana tá faitíos orm agus an chaoi a bhfuil mo chois ag coinneál an óthrais
→
fill
Tá faitíos orm go mbeidh mé scathamh eile muise gan filleadh gan feacadh. Tá lot dainnséarach orm
Más ag forcamhás ar thalamh an uncail atá sé muis, tá faitíos orm gurb é féithiú an tsionnaigh ar mhagarlaí an tairbh aige é, mar adeir an ceann eile. Tá sé cho dóigh go bpósfaidh an t-uncail siúd aríst. Fear luath láidir é
→
fód
Seachain tú féin le fód an ladhair nó camfaidh tú an sleán leis. Chítear dhom gurb éard a theastódh uaitse sleán a mbeadh lann ann. Sin iad na goití atá tú a chur ort fhéin ar chaoi ar bith. Is mór m'fhaitíos nach ndéanfaidh tú aon-sleádóir maith choíchin
Th'éis a bhfuil de chraicínteacht agus d'fheirbínteacht aige, ba mhaith éascaidh a leig sé faoi ach a dtáinig tusa isteach. Is maith an rud grádh nó faitíos 'ar ndú' = sceaimhínteacht; ag bollaireacht agus ag ollmhachan achrainn
→
forallas
Bhí an sonnda róm ar an mbóthar, agus leithead an bhealaigh uilig ann. Chlaon mé fhéin. Tháinig an fuar-allas thrí mo chraiceann. Bhí mé ag creathadh le faitíos