Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
dul
1.
+
Ar an gcéad dul síos, ní mise is ciontaí chor ar bith — ar an gcéad ásc dhe; ar an gcéad iarraidh
Ar an gcéad dul síos, tuige ar bhac sé féin leatsa? Agus ansin, tuige ar thosaigh sé ag gabháil a leithscéil?
TUILLEADH (1) ▼
Well ar an gcéad dul síos, ní bheadh an Ghearmáin choíchin in ann ag airgead Shasana, mura mbeadh ann ach sin. Nach ag Sasana atá ór an domhain … Thug tú éitheach. 'Sé an t-ór a ghnóthós an cogadh. Ná hinis domsa é!
2.
+
Níl dul ar bith ar an mbattery. Rud eicínt eile atá air — níl locht nó marach ar bith ar an mbattery (dol: /dol/ Árainn)
Ní raibh dul ar bith orainn, théis gur chaith muid an oíche ar neamhchodladh agus nach raibh aon ghreim ite againn ó d'fhága muid seo — mairg, clóic
TUILLEADH (7) ▼
Níl dul ar bith ar na maidí rámha. Ort fhéin atá sé nach bhfuil in ann iomramh — níl locht ar bith ar na maidí rámha
Ní bheadh dul ar bith orainn dhá bhfaigheadh muid deoch phórtair, ach bhí muid inár dtroscadh ó d'fhága muid an t-oileán seo ar maidin go moch, agus bhí tart agus ocras orainn i dteannta a chéile
Dheamhan dul ar bith a bheadh orm anois dhá mbeadh dhá bhlogam tae ólta agam
Dheamhan dul ar bith a bheadh orainn ar na hoileáin seo murach an mhóin, ach bíonn muid in anchaoi dá fuireasa sin scaití. Is maith an chuid don mhuintir amach í ar an saol seo. Tá brabach acu orthu … Naoi bpunt atá ar lucht móna anseo, agus diabhal mé gur gearr le dhul lucht
Ní raibh dul ar bith orainn nó gur rug muid anoir ar an mbrachlainn atá ansin thoir sa sunda. Thug sí sin rud le déanamh dhúinn. Cuireadh ar ár miotal ceart críochnaithe muid. Bhí farraigí ann an lá sin. Shíl mé dheamhan ar tír a thiocfadh muid go deo
Níl dul ar bith ar mhuintir Árann Mhór mar téann an steamer isteach ar an gcéibh acu. Ná ar mhuintir Inis Oírr ach an oiread. Tá an fharraige tíre deas cineálta ann agus féadann sí (an steamer) a dhul ar ancaire. Ach bíonn laethanta sa ngeimhreadh agus ní bheadh aon ghair aici an t-oileán seo a thaobhachtáil beag ná mór. Bíonn an sunda sin thoir bainte ó íochtar
Níl dul ar bith ar na beithígh againn. Bíonn an-chruth i gcónaí orthu. Murach an streachailleacht atá lena gcur ar an mbád ag Ceann Gainimh, bheadh rud dhá mbarr anseo
3.
·
Tá dul amú mór ort má ghníonn (má cheapann srl.) tú é sin — mearbhall
4.
+
Chuir sé ortha an dul amú ceart duit (fc. ortha)
Tá ortha an dul amú aige sin — duine a bheadh in ann dallach dubh a chur ar dhaoine eile, a gcur dhá dtreoir, a mealladh, cluain a chur ar chailíní srl.
TUILLEADH (2) ▼
Tá a chuid féin ag dul don dul amú (don deachma; caithfidh an dul amú a chuid féin a fháil (fc. deachma) — there is bound to be a certain amount of waste, (unfruitful expenditure, bad debts srl.) in every undertaking)
Bíonn an dul amú féin ann, mar adeir an ceann eile
5.
·
Ní raibh a dhul abhaile aige nach gcaithfí ina bhéal é — casfaí leis é dhá dtéadh sé abhaile
Níl a dhul siar agam ann, nach mbíonn sé romham i mbéal an tseoil ag forcamhás ar thobac

Féach freisin

fonn

dul in iontrálacha eile (50+)

 
Nach tú atá ainbhiosach a dhul ag rá rud den tsórt sin i láthair comhluadair agus gan fiú is 'i gcead e (don) chomhluadar' a rá
 
Bhí sé brocfhliuch ag dul a chodladh dom aréir — roinnt fliuch
 
Bhí an dubhfhaitíos air ag dul isteach
 
Níor fhan focal ar bith cainte aige ar a dhul suas ar an stage dó. Bhí sé ina fhudar fadar. Tá sé rófhaiteach le aghaidh na ceirde sin. Níorbh fholáir do dhuine an-cheann a bheith air le seasamh in áit den tsórt sin. P. L. an buachaill!
+
Tá fonn air a dhul go Sasana ach tá faitíos imirce air ina dhiaidh sin
TUILLEADH (12) ▼
Bhí sé caillte le faitíos a dhul abhaile
Chuaigh an faitíos cráite air cheana. Tá sé ag dul chun dánaíocht aríst muis
Tá sé ag dul chun faitís ar an bhfear seo istigh
Ní ligfeadh an faitíos dó a dhul taobh amach de dhoras ó thitfeadh oíche dhá bhfaigheadh sé Éire bronnta air
Is beag a fhaitíos ort a dhul dhá dhéanamh sin aríst agus an liúradh a fuair tú cheana faoi
Nach beag a fhaitíos é, a Thiarna Dé, a dhul amach an tráth sin d'oíche!
Is fear i bhfaitíos é anois, nó tá mise ag dul amú! — tá an-fhaitíos air
Is fear gan faitíos (gan mórán faitís, gan a dhath faitís srl.) thú agus a dhul abhaile in t'aonraic an bealach sin chuile oíche san aer
Tá faitíos orm nach bhféadfaidh tú a dhul ann anocht muis
Bhí sé ag creathadh le faitíos a dhul amach
Cuir an sceach sa mbearna faitíos na heirimisce. Tá asail ag fálróid ar na bóithrí sin agus ghabhfaidís isteach ann ar an bpointe. Cén bhrí ach dhá leagaidís an claí thoir agus a dhul san iothlainn!
Téirigh ag an dochtúr leis an taobh sin agat faitíos na timpiste. Deir tú go bhfuil an phian ag smearadh amach. Sin dea-chosúlacht. Deir siad má smearann an phian gur comhartha é nach bhfuil aon easna briste. Ach ní bheadh a fhios agat. Is fhearr a dhul roimhe in am
 
fara
"'Och, och,' arsa an chearc agus í ag dul ar an bhfara, 'Nach brónach agus nach deacrach é ábhar mo scéil. Céile mo leabthan, agus athair mo chlainne; Ag dul san áit nach bhfillfidh go héag'" (As Cearc agus Coileach)
 
Thart soir, cuireann siad farúch faoi na cruacha nó na stácaí, mar adeir siad fhéin. Fráma adhmad é. Bíonn an chruach ardaithe den talamh uileag acu. Ní theagann fúthu nuair a bhíos siad ar fharúch. Is deacair do na luchain a dhul suas iontu ach oiread
 
Níl garraí ar an bhfeadhain agam nach bhfuil foirgthe mar sin. Dheamhan uabhar i dtada ar chuma ar bith ach i ngeosadáin. Níl ann ach nuair a bhíodh feamainn ghaineamh ag dul idir stucaí go mbíodh an talamh salach. M'anam gur sailí go fada anois é thar éis nach bhfágtar gionnóid shalachair ann
+
Sin feadhnach atá ag dul chuig an damhsa atá ag an sagart. Ar chuala tú céard adúirt S. an Gh. faoi? 'Is groí an saol é! Is groí muis,' adeir sé. 'Cuimhnímse fhéin — agus ní hé an fhad sin ar an saol mé — go mbíodh sagairt ag sciolladh agus ag scóladh den altóir ar dhuine ar bith a ghabhfadh amach ag damhsa de shiúl oíche. Anois tá siad dhá bhfuagairt ón altóir, agus ag maíochtáil leo a dhul ann, agus mura dté, dar fia is cam a bhreathnós siad orthu lá arna mhárach má chastar leo i mbóthar ná i mbealach iad! Is groí an saol e! Is groí sin!'
TUILLEADH (1) ▼
Chonaic mé ag dul Gaillimh í an lá faoi dheireadh agus feadhnach bainne aici i gcarr asail — ancard nó coire
 
feanc
Chaith mé an lá ag dul di le gró (do chloich), ach dhá naomhtaí mé, ní fhéadfainn feanc a bhaint aisti. Dar príosta, ní bhainfinn
+
Ní bheinnse fearacht cuid eile de na daoine chor ar bith. Níor mhaith liom ariamh an dá chroí a bheith agam. Déarfainn amach an rud gan frapa gan taca, sin nó ligfinn dó. Ní bheinn ag dul siar i mbéal duine agus ag maíochtáil leis, agus an buille feille a thabhairt dó taobh thiar dhá chúl ina dhiaidh sin
TUILLEADH (3) ▼
Chonaic mé ag dul síos an bóithrín ar ball é a fhearacht is dhá mba ag dul abhaile a bheadh sé. Más ea fhéin, tá sé in am sin aige, agus gan a bheith ag leadrán anseo níos faide.
A fhearacht siúd, bhí aige fanacht sa mbaile agus gan a dhul ann chor ar bith. Ní ann a d'fheil dó: fear pósta agus muirín air
Chaith sé deich bpunt ag dul ann agus ag teacht abhaile aríst. Ní raibh call ar bith dhó a dhul ann, a fhearacht sin (a fhearacht siúd) — ach an oiread le scéal, ní raibh call ar bith dó a dhul ann
 
feart
"Is fhearr é sin le Dia na bhfeart, ná a dhul faoi sheacht don Róimh" as rann: an dá líne tosaigh dhe: "Foighid in aghaidh gach locht, agus déirce don duine bhocht gan treoir"
 
Thug J. amach an láirín agus é ag dul suas go F. 'Ní fré chéile a chacfas sí seo,' adeir sé, ag déanamh gaisce aisti. 'Fan go bhfeice sibh mise ag dul soir an bóthar sna feire glinnte uirthi'. Dheamhan dhá choisméig a ghabh an capall nó go raibh bualtrach déanta aici!
 
Níorbh fhiú d'aon duine a dhul ag fiachadh ar an bhfeithideach bocht sin. Níl ann ach na cheithre eite. Is beag le go bhfuil sé i ndiaidh a chéile chor ar bith
+
feáin
Ní raibh fí ná feáin air mura dtéadh sé ar an bportach ag tógáil mhóna ar maidin. Diabhal aithne air nach tirim a bhí sí! 'Dhá mba triomach go Nollaig é anois,' adeirimse, 'dheamhan fód den tsraith siúd a bheadh le dhul i gcruach.' Síleann sé má theagann ana mar sin go dtriomódh sí ar an bpointe. Tá sí réidh leis go hathbhliain muise
TUILLEADH (2) ▼
Níl fí ná feáin air ó mhaidin ach ag dul Gaillimh bog te más fíor dó fhéin. 'Sé an chloch is faide siar ar a phaidrín é muis! Ní chorródh fear agus píce as an gclúid siúd anois é. Tá a chuid Gaillimh ar iarraidh
Ní raibh fí ná feáin air go bhfaigheadh sé a dhul ar an Achréidh i mbliana. Ach is cosúil nár thaitnigh leis! Dhá mhéad scímhle a bhí ag dul soir air, bhí a dhá oiread sin ag teacht anoir aríst air. Leabharsa dhuit ní hé an chéad duine aríst é a bhfeicfidh tú a láí ar a ghualainn aige ag dul ar an Achréidh!
 
fiar
Cén diabhal ná deamhan a d'fhága an carr sin amuigh ar fiar ar an mbóithrín? An bhfeiceann sibh nach féidir le duine a dhul síos ná aníos aige?
+
fios
Ar ndóigh ba cheart go mbeadh fios na rólachaí agatsa feasta. Tá tú sách fada ag dul go dtí oifig an dole ar chaoi ar bith.
TUILLEADH (7) ▼
Cén ghnaithe atá agamsa a dhul chun cainte leis? Ar ndóigh, ní fios mo labhartha atá agamsa le dhul chun cainte le sagart — ní bheadh a fhios agam céard adéarfainn leis; níl mo sháith foghlama srl. orm
Mura bhfuil fios do ghnaithe agat fhéin feasta choíchin, tá sé fánach agamsa a dhul dhá inseacht duit
Breá nach mbeadh fios do ghnaithe agat thairis sin. A dhul ag tabhairt tairní cruife capaill leat nuair a bhí agat tairní cruife bróg a thabhairt leat. Tá tú in do cheann ar bior
Buaileadh tuí shrathair air ag an mbainis. Bhí a fhios sin aige agus a dhul ann — ní fhéadfadh tada eile tarlachtáil; níor cheart dó a dhul ann
Tá sé in am fios a dhul (a chur) ar a hinín. Mura dté, agus go beo, ní bhéarfaidh sí beo uirthi
Bhí (ag) Seán ní b'fhearr a fhios ná a dhul i mbealach a bhascha — bhí fios ní b'fhearr aige ná …
Shílfeá go mbeadh sagart ní b'fhearr a fhios ná a dhul ag scríobh síos scéalta gáirsiúla mar sin
 
fliche
Tá sé ag dul chun fliche — an bháisteach ag neartú; nó ag teacht chun báistí
 
Fuair sé sin neart an fhliucháin (go leor báistí srl.) roimhe seo, agus anois atá sé ag dul roimhe
 
Dhá mbeadh fear fobhairne ar fónamh sa gcurach agam an lá sin, ní loicfinn. Bhí an-fharbógaí farraige ann, ach bheadh cóir againn isteach. Ba bheag an stró a bheadh ar dhá churachóir mhaithe a theacht abhaile. Maidir leis an gceann a bhí in éindí liomsa, ní raibh ann ach spogán nár cheart dó a dhul chun farraige chor ar bith
 
focal
D'aithin mé ón (ar an) bhfocal adúirt sé nach raibh fonn ar bith air a dhul ann, dhá bhféadadh sé fanacht as
 
foirm
Tá foghlaim ortsa, bail ó Dhia agus ó Mhuire ort, ach más in í do chuid cainte anois go raibh dhá Naomh Pádraig ann, ná bactar leat! Nach deas uait a dhul ag cumadóireacht … Eiriceach a bhí sa té adúirt é sin. Níl an rud sin i gclár ná i bhfoirm, agus ná géill thusa don fhear sin. Nár chuala muid ariamh nach raibh ann ach aon Naomh Pádraig amháin, moladh go deo leis
+
Tá teach follasach aige. Teach ceann slinne, agus é ar an ard ag béal an bhóithrín. Ní fhéadfá a dhul amú air
TUILLEADH (1) ▼
Ní fhéadfaí gan breith air. Théadh sé rófhollasach ar an abhainn. Nár fhéad na maortha é a fheiceáil ag dul ann chuile phointe
 
Ní foláir do dhuine a dhul sa bpraghas le culaith éadaigh anois. Mura dté, ní bhfaighidh sé aon éadach ar fónamh