Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Faltanas
Ainmfhocal
feálltanas go hannamh
olc, aicís, oirille, díoltas,
·
Choinnigh sé an faltanas sin istigh ariamh ó shoin dom = olc, aicís, rud in m'aghaidh
Má bhíonn údar ar bith aige choíchin duit, coinneóidh sé an faltanas istigh go deó go bhfagha sé a shásamh
+
Is beag dhá chuid faltanais dom an iarraidh sin. 'Ar ndú' bhuail mé dual na druinne air cupla bliain ó shoin i nG.
Sin é anois ar dhúirt mé leis. Dheamhan smid eile, agus ní abróinn an méid sin fhéin, mar gur chuir sé chun caitheachtála dhom é. Ach dhá laghad é, tá an faltanas sin aige dom, agus má tá indán agus go bhfuighe sé fáill go deó, bainfidh sé siar asam é
TUILLEADH (2) ▼
Má tá faltanas aige dhuit ídeóidh sé ort é. Sin é an sórt duine é. Dhá mbeadh sé fiche bliain indiaidh a shásamh, beidh sé ar siúl go bhfagha sé san deireadh é
Má tá splinnc ná feálltanas ar bith agad dó, anois do dheis. Ionnsuigh é
+
Chaith sé amach M. as faltanas, in áit nar thaithnigh muintir na háite leis. Dheamhan fáth eile a bhí aige dhó
Chuir siad as an mbóthar é, as faltanas faoi nach rachadh sé ag iarraidh bhótannaí dóibh
TUILLEADH (1) ▼
Tháinig sé isteach annseo ag fuagairt foghlach, agus chreidim go mba bheag leis a bhfuair sé de shásamh. Diabhal blas a rinne sé ach breith ar an gclog agus a bhriseadh as faltanas
·
D'eirigh siad roimhe i bhfaltanas (as faltanas) agus thug siad leath-mharú air
Chaith sé seachtain ag béal an bhóthair ag faire orm chuile oíche i bhfaltanas go n-ionnsuíodh sé mé. Ach níor thug mé an dóigh dhó. D'fhan mé uaidh

Faltanas in iontrálacha eile (19)

+
ceal 1
M'anam nach cheal aicíse atá sí sin! = tá'n faltanas in a croidhe.
TUILLEADH (1) ▼
Tá'n faltanas sa mbitheamhnach ceart go leor. Ní cheal droch-mhúineadh ná droch-éisc atá air, ach cheal spreactha a's neirt.
 
cora
Níl cinneadh 'bith leo(b) le faltanas, a's aicís. Meastú nar thóig siad an charra orainn an tseachtmhain seo caithte, faitchíos a' ndéanfadh sí éascaidheacht ná aithghiorra 'bith dhuinn anoir ar chuid (talamh) C. Uí Ch. an áit a mbíodh muid a' baint fhraoigh ann.
 
bior
Sin í an droch-ghiota! A dheirbhshiur ó, bíonn bior uirre, go n-ionnsuighe sí thú, má bhíonn aon fhaltanas istigh aice dhuit.
+
buille
'Faltanas Mhuinntir Laidhe a's buille feill Chlann Dhonnchadha' (leath-fhocal).
TUILLEADH (1) ▼
Sin iad na buachaillí aige! Ar chuala tú ariamh é — 'faltanas Mhuinntir Laidhe a's buille feill Chlann Dhonnchadha (de chlann Dhonnchadha an té a bhuail é).
 
'Tháinic sé isteach as faltanas, (i.e. madadh); Maidin a's í gléas a briocfasta; agus sciob sé an ceann gan aireachtáil; de mháthair a' dáreag bhoicht (Sliocht as "Sicíní Bhrighid Éamoinn" — amhrán a rinneadh faoi Ghnó Mhór)
 
feall 1
"Faltanas mhuintir Laidhe agus buille feidheall Chlann nDoncha" (feille /f′əiʟ/: /f′əiʟ′/. Tá sé ar chomhfhuaim le "Laidhe") = bhí sé de cháil ar Chlann nDoncha go raibh an buille feille ionta, agus go raibh faltanas i muintir Laidhe
 
Ní thóigfeadh sé firnéad an bhéil bheo as an mbaile seo, hébrí cén fhuath a ghlac sé dóibh. Chreidim gur fuath fhéin é, ar scáth a ndearna siad air. Ach dhá laghad an araoid a chuireadh fadó air, tá an faltanas aige dóibh fós
 
dealg
Má tá a dhealg sáithte innte sin anois aige, ní leigfidh sé di go gcuiridh sé síos ins an talamh í leis an díol a thiubharfas sé uirre. Sin é an sórt duine é. An té a mbeidh sé in a aghaidh beidh sé in a aghaidh, agus níl aon-mhaith a dhul ag brughadh air. Is duine é a thiubharfas a chuid faltanais i gcreafóig leis.
 
deis
Is iomdha deis a fuair tú air ó shoin agus níor chuir tú aon-aighneas air. Má tá faltanas istigh agad dó teirigh agus ídigh air é, agus ná bíodh sé in a leath-rann annseo agad chois an teallaigh 'chuile lá
 
Má's leat fáilte an duine dhoichealla' a chur rómhat ann muis, abair go bhfuil mac Sh. Ph. ag dul chun cinn thar cíonn i bhfus annseo. Is maith gasta deirimse leat adéarfas sé go dtug tú h-éitheach. Ní lughar leis an diabhal ná mac Sh. Ph. ó a phós sé. Nach raibh sé ag iarraidh an mac se'aige féin a chur ann, agus chinn air. Sin é an faltanas atá aige do'n fhear eile, agus is neascóid ar a chroidhe a chloisteáil go bhfuil rath ar bith air
 
Ba bheag an bheann a bheadh aca sin ar an saoghal marach cho drabhlásach agus a bhí siad fhéin. Bhí siopa annsin thoir ag a n-athair agus níl nídh dhar dhealbh an ghrian nach bhfuightheá istigh faoin a chaolachaí. Thug sé scoil agus foghluim dóibh. Bhánuigh sé é féin dhá gcur ag coláistí agus ag árd-scoileannaí. Chuaidh siad 'un dreabhláis: ag imeacht le ragairne ó oíche go maidin, agus ar aer an tsaoghail ó mhaidin go faoithin. Chuimil siad sop na geirthe dhó, agus chaith siad 'chuile sciúrtóg dhá raibh ar a fhaltanas. Ach bhí rud ar shon a gcuid drabhláis aca. An uair a bhí a n-athair de dhruim tighe aca, b'éigin an áit a dhíol, agus bhí siad-san in a gcleith uaidh sin amach. Ar chuala tú ariamh é, an uair a stopas an síol stopann an fuirseadh. Bhí siad-san gan pighinn gan bonn uaidh sin amach. Ba ghearr gur ag imeacht ag súdaireacht ar fud na G. a bhí siad: duine ar bith a thiubharfadh luach pionta dóibh. Bhí sipín beag ag M. thíos i bP. an Ch., ach ba ghearr a bhain sé as. Ní raibh a fhios [cé] aca de'n bheirt — é féin nó a bhean ba dhrabhlásaighe a bhí. 'Ar ndú mo léan chuaidh sé i gcuingir leis an gceann ceart — inghean L. Uí C.
 
drann
Níl aon-oilbhéas ann le aon-duine eile, ach tá an t-oilbhéas ann leo sin suas, mar bhí siad ina ndroch-cheann dó ag caitheamh cloch leis, agus ag saghdadh mádraí eile ann. Nach maith a choinnigh sé an faltanas istigh ariamh dóib ina dheidh sin. Dheamhan uair dhá bhfeicfidh sé duine aca, nach dtosóchaidh sé ag drannadh, agus cuirfidh sé colg air féin
 
dream
Fan amach ó dhream na mbád má tá do leas ar Dhia. Chuirfidís sin i bhfarraige ar an toirt thú má tá aon-fhaltanas aca dhuit
 
dris
Ní raibh mac an aoin bheo istigh ar an mbaile sin ariamh nach raibh cho cantalach le dris. Is agamsa atá a fhios sin ó'n am a mbínn in mo bhuachaill ag M. S. Marach cho maith agus a bhí mé ar mo mhaidí, is minic a gheobhainn daithte é. Faltanas ar bith dhá mbíodh aca do Mh. S. ormsa a d'ídighidís é, ingeall go mbadh mé ba mhinicí a chastaí in a mbealach.
 
Níl aon-tír ar dhromchlár an domhain is deiseamhla a d'fhéadfadh a bheith an puinte seo de ló ná an tír seo, marach a bhfuil d'fhaltanas againn fhéin dá chéile
 
'Siad Cloinn nDonnchadha déanta iad clann L. sin. Faltanas mhuintir Laidhe agus buille feill Chlann nDonnchadha, a chuala mé ariamh. Is aca sin atá an buille feill ar chaoi ar bith. Bheadh an tsúil ar do bhois aca shul a d'aireochthá é
 
An té a dhéanfas tada air sin, beidh sé ar siubhal go bráth go mbainidh sé díoghaltas dó (dhe) uair eicínt. Sin é an sórt duine é. Choinneochadh sé an faltanas sin istigh, dhá bhfaghadh sé aois na h-úire agus na Caillighe Béara