Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
faltanas
ainmfhocal
fealltanas go hannamh
olc, aicis, oirille, díoltas.
·
Choinnigh sé an faltanas sin istigh ariamh ó shin dom — olc, aicis, rud in m'aghaidh
Má bhíonn údar ar bith aige choíchin duit, coinneoidh sé an faltanas istigh go deo go bhfaighe sé a shásamh
+
Is beag dhá chuid faltanais dom an iarraidh sin. Ar ndóigh bhuail mé dual na droinne air cupla bliain ó shin i nG.
Sin é anois ar dhúirt mé leis. Dheamhan smid eile, agus ní abróinn an méid sin fhéin mar gur chuir sé chun cathachtála dhom é. Ach dhá laghad é, tá an faltanas sin aige dom, agus má tá i ndán is go bhfaighe sé faill go deo, bainfidh sé siar asam é
TUILLEADH (2) ▼
Má tá faltanas aige dhuit ídeoidh sé ort é. Sin é an sórt duine é. Dhá mbeadh sé fiche bliain i ndiaidh a shásaimh, beidh sé ar siúl go bhfaighe sé sa deireadh é
Má tá splinc ná falltanas ar bith agat dó, anois do dheis. Ionsaigh é
+
Chaith sé amach M. as faltanas, an áit nnár thaitnigh muintir na háite leis. Dheamhan fáth eile a bhí aige dhó
Chuir siad as an mbóthar é as faltanas faoi nach rachadh sé ag iarraidh bhótannaí dóibh
TUILLEADH (1) ▼
Tháinig sé isteach anseo ag fuagairt foghlach, agus chreidim go mba bheag leis a bhfuair sé de shásamh. Diabhal blas a rinne sé ach breith ar an gclog agus a bhriseadh as faltanas
·
D'éirigh siad roimhe i bhfaltanas (as faltanas) agus thug siad leathmharú air
Chaith sé seachtain ag béal an bhóthair ag faire orm chuile oíche i bhfaltanas go n-ionsaíodh sé mé. Ach níor thug mé an dóigh dhó. D'fhan mé uaidh

faltanas in iontrálacha eile (18)

 
ceal 1
Tá an faltanas sa mbithiúnach ceart go leor. Ní cheal drochmhúineadh ná drochéisc atá air, ach cheal spreactha agus nirt.
 
cora
Níl cinneadh ar bith leob le faltanas agus aicis. Meas tú nár thóg siad an chora orainn an tseachtain seo caite, faitíos an ndéanfadh sí éascaíocht ná aicearra ar bith dhúinn anoir ar chuid (talamh) C. Uí Ch., an áit a mbíodh muid ag baint fhraoigh ann.
 
bior
Sin í an drochghiota! A dheirfiúr ó, bíonn bior uirthi go n-ionsaí sí thú má bhíonn aon fhaltanas istigh aici dhuit.
+
buille
'Faltanas Mhuintir Laoi agus buille feill Chlann Dhonnchadha' (leathfhocal)
TUILLEADH (1) ▼
Sin iad na buachaillí aige! Ar chuala tú ariamh é — faltanas Mhuintir Laoi agus buille feill Chlann Dhonnchadha (de chlann Dhonnchadha an té a bhuail é)
 
"Tháinig sé isteach as faltanas, (.i. madadh); Maidin agus í ag gléas a bricfeasta; agus sciob sé an ceann gan aireachtáil; de mháthair an dáreag bhoicht" (Sliocht as Sicíní Bhríd Éamoinn, amhrán a rinneadh faoi Ghnó Mhór)
 
feall 1
"Faltanas mhuintir Laoi agus buille feidheal Chlann nDonncha" feille/f′əiʟ/: /f′əiʟ′/. Tá sé ar chomhfhuaim le Laoi — bhí sé de cháil ar Chlann nDonncha go raibh an buille feille iontu agus go raibh faltanas i muintir Laoi
 
Ní thógfadh sé firnéad an bhéil bheo as an mbaile seo, hé brí cén fhuath a ghlac sé dóibh. Chreidim gur fuath fhéin é, ar scáth a ndearna siad air. Ach dhá laghad an araoid a chuireadh fadó air, tá an faltanas aige dóibh fós
 
dealg
Má tá a dhealg sáite inti sin anois aige, ní ligfidh sé di go gcuire sé síos sa talamh í leis an díol a thabharfas sé uirthi. Sin é an sórt duine é. An té a mbeidh sé ina aghaidh beidh sé ina aghaidh, agus níl aon mhaith a dhul ag brú air. Is duine é a thabharfas a chuid faltanais i gcréafóig leis.
 
deis
Is iomaí deis a fuair tú air ó shin agus níor chuir tú aon aighneas air. Má tá faltanas istigh agat dó téirigh agus ídigh air é, agus ná bíodh sé ina leathrann anseo agat chois an teallaigh chuile lá
 
Más leat fáilte an duine dhoicheallaigh a chur romhat ann muis, abair go bhfuil mac Sh. Ph. ag dul chun cinn thar cionn abhus anseo. Is maith gasta deirimse leat, adéarfas sé go dtug tú h'éitheach. Ní luar leis an diabhal ná mac Sh. Ph. ó phós sé. Nach raibh sé ag iarraidh an mac s'aige féin a chur ann, agus chinn air. Sin é an faltanas atá aige don fhear eile, agus is neascóid ar a chroí a chloisteáil go bhfuil rath ar bith air
 
Ba bheag an bheann a bheadh acu sin ar an saol murach chomh drabhlásach agus a bhí siad fhéin. Bhí siopa ansin thoir ag a n-athair agus níl ní dhár dhealbh an ghrian nach bhfaightheá istigh faoina chaolachaí. Thug sé scoil agus foghlaim dóibh. Bhánaigh sé é féin dhá gcur ag coláistí agus ag ardscoileannaí. Chuaigh siad chun drabhláis: ag imeacht le ragairne ó oíche go maidin, agus ar aer an tsaoil ó mhaidin go faoithin. Chuimil siad sop na geire dhó, agus chaith siad chuile sciúrtóg dhá raibh ar a fhaltanas. Ach bhí rud ar shon a gcuid drabhláis acu. Nuair a bhí a n-athair de dhroim tí acu, b'éigean an áit a dhíol, agus bhí siadsan ina gcleith uaidh sin amach. Ar chuala tú ariamh é, nuair a stopas an síol stopann an fuirseadh. Bhí siadsan gan pínn gan bonn uaidh sin amach. Ba ghearr gur ag imeacht ag súdaireacht ar fud na Gaillimhe a bhí siad: duine ar bith a thabharfadh luach pionta dóibh. Bhí sipín beag ag M. thíos i bP. an Ch., ach ba ghearr a bhain sé as. Ní raibh a fhios cé acu den bheirt — é féin nó a bhean – ba dhrabhlásaí a bhí. Ar ndóigh mo léan chuaigh sé i gcuingir leis an gceann ceart — iníon L. Uí C.
 
drann
Níl aon oilbhéas ann le aon duine eile, ach tá an t-oilbhéas ann leo sin suas, mar bhí siad ina ndroch-cheann dó ag caitheamh cloch leis agus ag saighdeadh madraí eile ann. Nach maith a choinnigh sé an faltanas istigh ariamh dóibh ina dhiaidh sin. Dheamhan uair dhá bhfeicfidh sé duine acu nach dtosóidh sé ag drannadh, agus cuirfidh sé colg air féin
 
dream
Fan amach ó dhream na mbád má tá do leas ar Dhia. Chuirfidís sin i bhfarraige ar an toirt thú má tá aon fhaltanas acu dhuit
 
dris
Ní raibh mac an aoin bheo istigh ar an mbaile sin ariamh nach raibh chomh cantalach le dris. Is agamsa atá a fhios sin ón am a mbínn in mo bhuachaill ag M. S. Murach chomh maith agus a bhí mé ar mo mhaidí, is minic a gheobhainn daite é. Faltanas ar bith dhá mbíodh acu do Mh. S. ormsa a d'ídídís é, i ngeall go mba mé ba mhinicí a chastaí ina mbealach
 
Níl aon tír ar dhromchlár an domhain is deisiúla a d'fhéadfadh a bheith an pointe seo de ló ná an tír seo, murach a bhfuil d'fhaltanas againn fhéin dá chéile
 
'Siad Clainn nDonnchadha déanta iad clann L. sin. Faltanas mhuintir Laoi agus buille feill Chlann nDonnchadha a chuala mé ariamh. Is acu sin atá an buille feill ar chaoi ar bith. Bheadh an tsúil ar do bhois acu shula d'aireofá é
 
An té a dhéanfas tada air sin, beidh sé ar siúl go brách go mbaine sé díoltas dó (dhe) uair eicínt. Sin é an sórt duine é. Choinneodh sé an faltanas sin istigh, dhá bhfaigheadh sé aois na húire agus na Caillí Béara